Tacaíochtaí taidhleoireachta d'Éireannaigh thar lear

Réamhrá

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha cúnamh consalachta ar fáil do shaoránaigh Éireannacha thar lear. Má theastaíonn cabhair uait agus tú thar lear, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hambasáid nó consalacht na hÉireann sa tír sin.

Má tá tú i dtír nach bhfuil ambasáid ná consalacht ann, féadfaidh tú dul i dteagmháil le hambasáidí nó consalachtaí de chuid thíortha eile an Aontais Eorpaigh chun cúnamh a fháil.

Cabhair atá ar fáil

Féadfaidh ambasáidí agus consalachtaí a bheith ina gcuidiú má:

Tá teorainn leis an méid is féidir leis an ambasáid nó leis an gconsalacht a dhéanamh. Mar shampla, má bhí tú tinn nó i dtimpiste, féadfaidh siad:

  • Teagmháil a dhéanamh le do theaghlach nó le do chairde in Éirinn
  • Cabhrú leat teacht ar dhochtúirí, aistritheoirí agus seirbhísí leighis ina labhraítear Béarla
  • Dul i dteagmháil le seirbhísí leighis áitiúla ar do shon
  • Cistí a aistriú ón teaghlach agus ó chairde chugat.

Ní féidir leo do bhillí leighis nó costais leighis eile a íoc, áfach. Ní féidir leo freisin a bheith páirteach i ndíospóidí tráchtála nó dlí, comhairle dlí a thabhairt ná do bhillí dlí a íoc.

Tá tuilleadh eolais faoin raon seirbhísí a bhaineann le cosaint chonsalachta do shaoránaigh na hÉireann ar fáil ó Rannóg Chonsalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Féadfaidh tú cuntas oifigiúil Twitter d’ambasáid nó do chonsalacht áitiúil a leanúint freisin chun nuashonruithe rialta a fháil.

Teagmhálaithe

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Rannóg Consalachta
Teil: +353 1 408 2000
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Deireadh Fómhair 2023