Nuair a dhéanann lánúin phósta in Éirinn cinneadh scaradh agus gur cosúil go mbeidh an scaradh buan, bíonn iarmhairtí aige sin ar an gcaoi a ngearrtar cáin orthu. Tá sé tábhachtach na roghanna cánachais éagsúla atá ar fáil a thuiscint chomh maith leis an gcaoi a rachaidh íocaíochtaí cothabhála i bhfeidhm ar chánachas.
Tá roinnt cur chuige dlíthiúil ann le haghaidh lánúineacha pósta go dteastaíonn uathu scaradh agus aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim gur féidir le lánúin scaradh gan aon socruithe foirmiúla. Sa chás sin, ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndiaidh an scartha, i dtreo is gur féidir na coigeartuithe cánach riachtanacha a dhéanamh don bhliain ina scarann an lánúin agus do na blianta cánach ina dhiaidh sin.
Braithfidh an chaoi a ghearrfar cáin ar lánúin sa bhliain a scarann siad ar an gcaoi a gearradh cáin orthu mar lánúin phósta. D’fhéadfadh go raibh cáin á gearradh orthu faoi mheasúnú singil, faoi mheasúnú ar leithligh nó faoi chómheasúnú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar na roghanna seo, léigh faoi chánachas do dhaoine pósta in Éirinn anseo.
Más tusa an céile inmheasúnaithe, tá tú i dteideal creidmheas cánach an duine pósta agus bandaí ráta dúbailte don bhliain iomlán ina scarann sibh. Gearrtar cáin ort ar d’ioncam féin ar feadh na bliana iomláin agus ar ioncam do chéile chomh maith don bhliain sin suas go dáta an scartha.
Mura bhfuil tú i do chéile inmheasúnaithe, gearrfar cáin ort ar d’ioncam féin ó dháta an scartha. Beidh tú i dteideal creidmheas cánach iomlán an duine shingil agus gearrfar cáin ort faoi na bandaí ráta singil. Má tá íocaíochtaí cothabhála atá infheidhmithe de réir an dlí i gceist d’fhéadfadh sibh a roghnú go leanfar ag gearradh cánach oraibh mar lánúin phósta ina ionad sin.
Ag braith ar a n-imthosca, d’fhéadfadh céilí scartha/colscartha a roghnú go ngearrfaí cáin orthu mar lánúin phósta nó mar dhaoine singile i ndiaidh na bliana ina scarann siad. Tá íocaíochtaí cothabhála agus an cineál íocaíochtaí cothabhála tábhachtach agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an socrú cánach a bheidh i gceist.
Nuair a dhéanann céile amháin íocaíochtaí chun tacaíocht a thabhairt don chéile eile agus/nó do leanaí, tugtar íocaíochtaí cothabhála orthu seo. D’fhéadfaí íocaíochtaí cothabhála a dhéanamh faoi chomhaontuithe deonacha neamhfhoirmiúla nó d’fhéadfadh siad a bheith infheidhmithe de réir an dlí.
Déantar neamhaird d’íocaíochtaí cothabhála deonacha chun críocha cánach: níl an céile a dhéanann an íocaíocht i dteideal asbhaint chánach ina leith agus ní ghearrtar cáin ar an gcéile a fhaigheann an íocaíocht ina leith. Gearrtar cáin ar an mbeirt chéilí mar dhaoine singile ar a n-ioncam eile. Má tá cothabháil dheonach á híoc agat agus gurb í príomhioncam do chéile í, ansin is féidir leat creidmheas cánach an duine phósta a éileamh, seachas creidmheas an duine shingil, ach fós beidh tú sa bhanda ráta cánach do dhuine singil.
Cuimsíonn íocaíochtaí cothabhála atá infheidhmithe de réir an dlí na cinn a dhéantar faoi ordú nó rialú cúirte, gníomhas scartha, cúnant nó iontaobhas.
Má dhéantar an íocaíocht chothabhála chun leasa linbh déantar neamhaird de chun críocha cánach. Níl an céile a dhéanann an íocaíocht i dteideal asbhaint chánach ina leith agus ní ghearrtar cáin ar an gcéile a fhaigheann an íocaíocht ina leith.
Tá íocaíocht chothabhála a dhéantar chun leasa céile scartha inchánach don chéile a fhaigheann é. Ní bhíonn ar an gcéile a íocann an íocaíocht cáin a íoc uirthi; is féidir é a asbhaint óna ioncam inchánach. Gearrtar cáin ar an mbeirt chéilí mar dhaoine singile sa chás seo.
Is féidir le céilí scartha a roghnú go ngearrfar cáin orthu mar lánúin phósta in ionad sin má tá íocaíochtaí cothabhála atá infheidhmithe de réir an dlí i gceist. Sa chás seo déantar neamhaird de na híocaíochtaí chun críocha cánach; níl an céile a dhéanann an íocaíocht i dteideal asbhaint chánach ina leith agus ní ghearrtar cáin ar an gcéile a fhaigheann an íocaíocht ina leith.
Más mian leo go ngearrfar cáin orthu mar lánúin phósta ní mór don bheirt acu é sin a dheimhniú i scríbhinn roimh dheireadh na bliana cánach. Le go gcáileodh siad caithfidh an bheirt acu a bheith ina gcónaí sa Stát agus caithfidh comhaontú atá infheidhmithe de réir an dlí a bheith ann maidir le híocaíochtaí cothabhála. Má tá siad colscartha, níor chóir go mbeadh siad pósta arís.
Téann an chaoi a shanntar íocaíochtaí cothabhála, cibé ar son leas an chéile nó an linbh, i bhfeidhm ar an gcaoi a ngearrtar cáin ar an íocaíocht. D’fhéadfadh sé seo dul i gcion ar an méid airgid a fhaightear go hiarbhír agus mar sin d’fhéadfadh sé a bheith tábhachtach comhairle cánach a iarraidh sula ndéantar íocaíochtaí cothabhála a chomhaontú.
Má tá tú colscartha, tá do staid chánach mar an gcéanna le duine scartha.
Má tá tú scartha nó colscartha agus go bhfuil leanbh agat a chothaíonn tú agus a chónaíonn leat ar feadh cuid den bhliain, ansin d’fhéadfá a bheith i dteideal Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora.
Má scarann sibh agus más cosúil go mbeidh an scaradh buan ansin ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig cánach áitiúil chun an athrú i d’imthosca a chur in iúl dóibh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.