Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach a bhíonn ort a íoc. Is
féidir leat léamh faoin gcaoi a ríomhtar do chuid
cáin ioncam chun míniú a fháil ar conas mar a oibríonn creidmheasanna
cánach. Míníonn an doiciméad seo na creidmheasanna cánach a bhaineann le
h-ioncam dhuine atá básaithe. Míníonn sé chomh maith na creidmheasanna
agus faoiseamh cánach atá ar fáil do bhaintreach/baintreach fir. Is féidir
leat eolas a fháil faoi chúrsaí airgeadais tar éis báis
anseo.
Sa bhliain a fhaigheann siad bás, tá na gnáthchreidmheasanna cánach atá an duine singil nó an bhaintreach/baintreach fir i dteideal don bhliain iomlán, Eanáir go Nollaig. Má tá aisíoc cánach le n-íoc, is féidir leis an duine, atá freagrach as cúramaí airgeadais an té atá básaithe, éileamh a dhéanamh air.
Breathnaítear ar lánúineacha neamhphósta mar dhaoine singil ar mhaithe le cúrsaí cánach.
Má fháigheann do chéile bás, braitheann an chaoi a ngearrtar cáin ort an bhliain sin ar an gcaoi ar gearradh cáin oraibh mar lánúin. Sé sin, más rud é gur gearradh cáin ort trí mheasúnú singil, measúnú ar leith, nó comhmheasúnú. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na roghanna seo féach an t-eolas ar cháin ar dhaoine pósta.
Más rud é gur gearradh cáin ar an bheirt agaibh mar dhaoine singil mar sin tógfaidh creidmheasanna cánach an bhaintreach/baintreach fir (féach thíos) áit an creidmheasanna cánach phearsanta a bhí agat ag tús na bliana.
Má gearradh cáin ortsa agus ar na chéile faoi mheasúnú ar leith th]ógfaidh an creidmheasanna cánach an bhaintreach/baintreach fir áit do chreidmheasanna cánach phearsanta. D'fhéadfadh tú a bheith i dteideal creidmheasanna cánach nar baineadh úsáid astu ach a bhí ag dul do do chéile.
Má dhéantar comhmheasúnú cánach ar lánúin phósta, glaoightear an céile inmheasúnaithe ar an céile a chaithfidh na foirmeach cánach a líonadh srl., agus glaoightear an céile neamh-inmheasúnaithe ar an céile eile. Sé an céile inmheasúnaithe an duine a roghnaíonn an lánúin féin. Mura roghnaítear aon nduine, sé an céile leis an ioncam is airde an duine inmheasúnaithe agus fanann sé/sí mar an duine dhéantar measúnú air go dtí go ndéantar cinneadh eile.
Nuair a dhéantar Comhmheasúnú cánach ar lánúin phósta sa bhliain ina bhfaigheann duine acu bás, braitheann sé ar cé acu bhásaigh - an céile inmheasúnaithe nó an céile eile.
Bás céile nach ndéantar measúnú air/uirthi
Sa bhliain cánach ina bhfaigheann an céile nach ndéantar measúnú
air/uirthi bás, gearrtar cáin ar an gcéile inmheasúnaithe
Ón tréimhse 1 Eanair go dtí dáta an bháis, gearrtar cáin ioncaim iomlán na céile inmheasúnaithe:
Ó dháta an bháis go dtí deireadh na bliana cánachá an bhaintreach/baintreach fir:
Tá méadú ar fáil duit ar do chreidmheas cánach phearsanta más baintreach thú. Braitheann méid an creidmheas cánach ar cé chomh luath agus a fuair an duine bás agus má tá páistí ag braith ar an céile a mhaireann.
Baintreach gan leanaí cleithiúnacha
Bíonn baintreach gan leanbh cleithiúnach i dteideal Creidmheas Cánach Dhuine Pósta a fháil le linn na bliana méala, rud is fiú €3,300 i 2012. Gheobhaidh tú Creidmheas Cánach Baintrí sna blianta ina dhiaidh sin, rud is fiú €2,190 i 2012.
Baintreach le leanaí cleithiúnacha
Más baintreach tú agus má tá leanbh cleithiúnach ort gheobhaidh tú Creidmheas Cánach Dhuine Pósta le linn na bliana méala, rud is fiú €3,300 i 2012. Gheobhaidh tú Creidmheas Cánach Baintrí (le leanaí cleithiúnacha) sna blianta ina dhiaidh sin fad atá leanaí cleithiúnacha agat. Is ionann é sin agus €1,650 i 2012. Lena chois sin gheobhaidh tú Creidmheas Cánach Teaghlaigh Aontuismitheora, rud is fiú €1,650 i 2012.
Bíonn tú i dteideal creidmheas cánach eile, Creidmheas Cánach Tuismitheora Baintrí, a bheith agat freisin ar feadh na chéad chúig bliana i ndiaidh an bháis - féach thíos.
Má tharlaíonn sé gur baintreach tú agus leanaí cleithiúnacha ort, agus murar phós tú ach má tá tú i do chónaí le pháirtí, ní ghlactar leis chun críche cánach gur baintreach (le leanaí cleithiúnacha) tú. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil tú i dteideal Creidmheas Cánach Baintrí (le leanaí cleithiúnacha) a bheith agat nó Creidmheas Cánach Teaghlaigh Aontuismitheora, ach féadfaidh tú Creidmheas Cánach Baintí a bheith agat ina n-áit, rud is fiú €2,190 i 2012.
Lena chois sin más baintreach tú agus murar phós tú arís, ach nach bhfuil leanaí cleithiúnacha agat a thuilleadh, ní ghlacfar leis gur baintreach (le leanaí cleithiúnacha) tú. Mar mhalairt air sin gheobhaidh tú Creidmheas Cánach Baintrí.
Tá sé ar fáil ar feadh cúig bliana, ag tosnútar éis na bliana a fhaigheann an duine bás. Má tharlaíonn sé gur baintreach tú i 2011, ní gheobhaidh tú Creidmheas Cánach Tuismitheora Baintrí roimh 2012. Ní thugtar ach Creidmheas Cánach Tuismitheora Baintrí amháin is cuma cé mhéid leanaí atá agat. Athraíonn méid an chreidmheas cánach gach bliain mar seo a leanas:
| Bás an Chéile | Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach í/Baintreach Fir é i 2011 | Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach í/Baintreach Fir é i 2012 |
| 2011 | --- | €3,600 |
| 2010 | €3,600 | €3,150 |
| 2009 | €3,150 | €2,700 |
| 2008 | €2,700 | €2,250 |
| 2007 | €2,250 | €1,800 |
| 2006 | €1,800 | Neamhní |
| 2005 | Neamhní | Neamhní |
Chun cáiliú don Chreidmheas Cánach an Bhaintreach/Baintreach Fir:
Tar éis bháis do chéile, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na gCoimisinéirí Ioncaim chun iad a chuir ar an eolas ionas go mbeadh siad in ann a dhéanamh cinnte go bhfaighidh tú na creidmheasanna cánach cuí. Ná déan dearmad do uimhir PSP a bheith agat agus thú ag déileáil leis na gCoimisinéirí Ioncaim.
Is féidir leat freisin creidmheasanna cánach a éileamh ar an idirlíon.
Uimhreacha ló-ghlaoch teileafóin do oifigí réigiúnach na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil anseo. Is féidir leat a thuilleadh leat a thuilleadh eolais a fháil faoi shonraí teagmhála do do réigiún anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.