Laghdaíonn faoisimh ó cháin ioncaim an méid cánach a chaithfidh tú a íoc. Ríomhtar do cháin chomhlán ag brath ar d'ioncam. Asbhaintear do chreidmheasanna cánach ansin chun an méid cánach a chaithfidh tú a íoc a fháil.
Míníonn an leathanach seo na creidmheasanna cánach a bhaineann le fostaíocht.
Má tá tú fostaithe, asbhaineann d'fhostóir cáin as d'ioncam thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Tugtar Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) ar an gcóras asbhainte seo. Tá creidmheas cánach ar a dtugtar an Creidmheas Cánach ÍMAT ag dul do gach cainíocóir ÍMAT. Is fiú €1,650 é seo sa bhliain 2012. Má tá tú pósta agus ag íoc cánach faoi chómheasúnacht, is féidir leat féin agus do c(h)éile Creidmheas Cánach ÍMAT a éileamh.
Má bhí tú mar bhall de cheardchumann i rith na bliana cánach agus suibscríbhinn bhallraíochta íoctha agat, is féidir leat liúntas cánach suas le €350 a éileamh, cothromh le creidmheas cánach €70 sa bhliain 2010. Más rud é go raibh tú mar bhall de níos mó ná ceardchumann amháin i rith na bliana ní féidir leat ach creidmheas cánach amháin a éileamh.
Tá an creidmheas ar shíntiúis cheardchumainn díothaithe ó 2011.
In Éirinn, caithfidh tú cáin ioncaim a íoc ar fhormhór na sochar a sholáthraítear ó fhostaíocht chomh maith le pá. Baineann é seo freisin le sochair chomhchineáil. Is sochair chomhchineáil iad sochair faighte ag fostaí nach féidir a shóinseáil in airgead ach a bhfuil luach orthu ó thaobh airgid de. Ar na samplaí a d'fhéadfaí a lua tá soláthar gluaisteáin chuideachta, iasachtaí a tugadh ag rátaí speisialta nó soláthar cóiríochta. Tá roinnt sochair chomhchineáil saor ó cháin nó is féidir iad a ghlacadh go cáinéifeachtúil.
Más ag teilea-obair atá tú, is é sin, ag úsáid ríomhaire agus tú ag obair ón mbaile, is féidir le d' fhostóir ríomhaire, printéir nó trealamh eile a chur ar fáil duit. Sa chás seo, ní mheastar an trealamh atá curtha ar fáil in aghaidh cánach mar shochar comhchineáil chomh fada is a úsáidtear go príomha é chun críocha gnó. Má sholáthraíonn d'fhostóir speansais a bhaineann le costais cosúil le téamh agus soilsiú, is féidir iad a íoc saor ó cháin. Féach an bhileog Ioncaim IT 69 (pdf) le haghaidh níos mó eolais faoi bheith ag obair ón mbaile.
Is féidir leat teacht ar eolas faoi shochair chomhchineáil agus conas a ghearrtar cáin orthu anseo.
Is féidir cuid de na speansais oibre a bhaint as d'ioncam sula meastar é le haghaidh cánach. Chun bheith cáilithe, caithfidh na speansais a bheith riachtanach le haghaidh do chuid oibre a dhéanamh agus caite go hiomlán i gcomhair an chuspóra sin agus sin amháin.
Ní ghearrtar cáin ar liúntas míleáiste a fhaigheann tú chun do ghluáisteáin a úsáid chun críocha gnó ach gan rátaí míleáiste na státseirbhísea sharú.
Níl aon fhaoiseamh cánach ann do chostais taistil ag dul chuig nó ag teacht ó obair.
Féach eolas Ioncaim le haghaidh níos mó sonraí faoi speansais is féidir a asbhaint chun críocha cánach.
Tá ranníocaíochtaí i leith pinsin incháilithe le haghaidh faoisimh chánach ag an ráta imeallach. Faigh amach níos mó maidir le pinsin ghairme, pinsin phearsanta, agus Cuntais Choigiltis Phearsanta Scoir (CCPS).
Má tá cónaí ort in Éirinn agus má bhíonn tú ag comaitéireacht go laethúil nó go seachtainiúil go dtí d'áit oibre i dtír eile ina n-íocann tú cáin, tá seans ann go mbeidh tú i dteidil Faoisimh d'Oibrithe Trasteorann. Laghdaíonn sé seo do cháin in Éirinn chun an cháin atá íoctha agat thar lear a chur san áireamh. Déantar é seo tríd an gcáin a íocann tú in Éirinn ar d'ioncam iomlán a laghdú sa tslí is go bhfuil sé i gcomhréir le méid an ioncaim ó fhoinsí Éireannacha.
Mar shampla, cuirimis i gcás go raibh €50,000 mar ioncam iomlán agat, agus 5,000 de sin tuillte in Éirinn agus an fuílleach (45,000) tuillte agus cáin gearrtha air thar lear.
Is é an codán de d'ioncam iomlán ar ioncam Éireannach é ná 1/10 (5,000 roinnte ar 50,000).
Ríomhtar do dhliteanas cánach ioncaim Éireannach mar is gnách ar mhéid iomlán d'ioncaim, €50,000.
Ach faoi Fhaoiseamh d'Oibrithe Trasteorann, iolraítear an méid cánach seo faoi 1/10 chun an cháin a chaithfidh tú a íoc in Éirinn a fháil.
Tá coinníollacha áirithe ann ar fhad agus áit na hoibre. Féach anseo le haghaidh níos mó eolais faoi Fhaoiseamh d'Oibrithe Trasteorann.
Má tá tú fostaithe ar bord loinge agus má chaitheann tú 161 lá ar a laghad sa bhliain féilire ar muir ag taistil go nó ó chalaí iasachta, tá seans ann ansin go mbeidh an liúntas maraí ag dul duit. Is fiú €6,350 an liúntas seo agus is liúntas é atá ar fáil ag do ráta cánach is airde.
Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoin liúntas maraí.
Tá uimhreacha teileafóin lóghlao d'oifigí réigiúnacha Ioncaim ar fáil anseo. Is féidir leat sonraí teagmhála níos mionsonraí do do réigiún a fháil anseo.
Is féidir leat freisin iarratas a dhéanamh ar fhaoisimh chánach ar líne.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.