Faoin (pdf)Acht um Pholasaithe Árachais Saoil nár hÉilíodh, 2003 ní mór do chomhlachtaí árachais in Éirinn úinéirí na bpolasaithe árachais saoil nár héilíodh a aimsiú agus teagmháil a dhéanamh leo. Muna féidir teacht ar na húinéirí ní mór ansin luach na bpolasaithe a aistriú isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin, atá dhá bhainistiú ag an Údarás Náisiúnta um Bhainistiú Ciste an Stáit.
Déantar a bhfuil i gCiste na gCuntas Díomhaoin a infheistiú agus caitheann Ciste Íocaíochta na gCuntas Díomhaoin an fuílleach ar chláracha nó tograí le cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta, sóisialta nó oideachais in Éirinn.
Deirtear go bhfuil polasaí árachais saoil "díomhaoin" nuair nach raibh aon ghnóthaí ag baint leis le cúig bliain déag. Tugtar an "tréimhse dhíomhaoin" ar an tréimhse ama seo. Braitheann fad na tréimhse díomhaoin ar téarma a bheith luaite leis an bpolasaí árachais saoil. Má tá téarma faoi leith luaite leis an bpolasaí deirtear go bhfuil sé díomhaoin muna raibh an custaiméir i dteagmháil leis an gcomhlacht árachais le cúig bliain ón dáta gur tháinig an polasaí in aois nó ón dáta deireanach a raibh cumarsáid ag an gcomhlacht leis an gcustaiméir, cibé acu is deireanaí. Muna bhfuil téarma faoi leith luaite leis an bpolasaí deirtear go bhfuil sé díomhaoin muna raibh aon chumarsáid idir an comhlacht agus an custaiméir le cúig bliain déag.
Ní mór polasaithe árachais saoil a aistriú chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin i mí an Aibreáin gach bliain.
Tá sé de cheart agat an t-airgead atá i do pholasaí díomhaoin árachais saoil a éileamh ag am ar bith.
Níl aon teorainn ama do shealbhóirí cuntais ná a ngarghaolta cistí díomhaoine a éileamh, mar tá a gcuid cearta cosanta. Mar sin fiú má bhíonn an t-airgead nó maoin aistrithe isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin is féidir leatsa nó le do gharghaolta éileamh a dhéanamh ar an airgead nó ar an maoin.
Baineann an tAcht um Pholasaithe Árachais Saoil nár hÉilíodh le gach gealltanas árachais in Éirinn agus le gach polasaí árachais saoil a thóg saoránaigh Éireannacha, ach amháin polasaithe gur cuid de mhaoin scéimeanna pinsin saothair iad, árachas sláinte grúpaí nó scéimeanna um shochar míchumais agus scéimeanna pinsin le tacaíocht.
Ní mór do chomhlachtaí árachais dul i dteagmháil go pearsanta le custaiméirí gur fiú 500 euro nó níos mó a bpolasaithe árachais agus insint dóibh conas fáltas na bpolasaithe a éileamh. Ní mór do chomhlachtaí freisin fógraí a chur i nuachtáin náisiúnta faoi dhó sa bhliain le custaiméirí gur fiú níos lú ná 500 euro a bpolasaithe a chur ar an eolas.
Ní mór do chomhlachtaí árachais clár a choinneáil de na polasaithe nár héilíodh.
Ní mór do na comhlachtaí árachais luach airgid aon pholasaithe árachais saoil nár héilíodh a ríomh ar an dáta ar déanadh iad a aistriú isteach i gCiste na gCuntas Díomhaoin. Ní mór do chomhlachtaí luach infheistíochta an pholasaí amháin a aistriú agus an chuid árachais a choinneáil.
Déan teagmháil le do chomhlacht árachais saoil. Tá liosta soláthróirí árachais cothabháilte ag an Cónaidhm Árachais na hÉireann.
Teach Árachas
39 Sráid Theach Laighean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 676 1820
Facs:+353 (0)1 676 1943
Láithreán Gréasáin: http://www.iif.ie
R-phost: fed@iif.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.