Cineálacha árachais

Réamhrá

Is bealach é árachas chun tú féin a chosaint ó chostais de bharr damáiste do do mhaoin nó do shláinte. Is éard is préimh ann an méid airgid a íocann tú le cuideachta árachais chun polasaí árachais a bheith agat chun tú a chlúdach le haghaidh na gcostas seo go léir nó cuid díobh. Déanann cuideachtaí árachais measúnú ar an riosca ar pholasaí ar leith agus ansin ríomhann siad an phréimh atá le muirearú. Is féidir leat préimh a íoc go míosúil nó go bliantúil. Tá faisnéis ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CICT) a mhíníonn conas a oibríonn cineálacha éagsúla árachais.

De ghnáth déantar polasaithe árachais a athnuachan uair sa bhliain. Ag druidim le dáta athnuachana, ba cheart duit siopadóireacht a dhéanamh le féachaint an bhfuil an luach is fearr ar airgead á fháil agat.

Tá téarmaí agus coinníollacha difriúla ag polasaithe éagsúla mar sin déan cinnte go bhfuil a fhios agat cad iad téarmaí agus coinníollacha do pholasaí. Tá sé tábhachtach a thuiscint go díreach cad a chlúdaíonn do pholasaí árachais nuair a cheannaíonn tú é.

Árachas tí

Níl aon oibleagáid dlí ort do theach a árachú ach má tá morgáiste agat seasfaidh an chuid is mó d’iasachtóirí go bhfuil árachas ceart ar do theach. Go ginearálta, ba cheart go gclúdódh d’árachas na hábhair chomh maith le struchtúr do thí. Mar sin féin, is féidir leat árachas a fháil le haghaidh ábhar do thí ar leithligh ó árachas don fhoirgneamh, mar shampla, má tá tú ar cíos agus mura bhfuil tú i d’úinéir tí. Tá faisnéis mhionsonraithe ag an CICT ar árachas tí.

Árachas cosanta morgáiste

Agus morgáiste á fháil agat, caithfidh tú smaoineamh ar conas a íocfar é má fhaigheann tú bás. Go ginearálta beidh ort árachas cosanta morgáiste a fháil. Ba cheart duit smaoineamh freisin ar conas leanúint le haisíocaíochtaí má thiteann d’ioncam, de bharr breoiteachta, dífhostaíochta nó cúiseanna eile. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi árachas cosanta ar mhorgáistí.

Árachas gluaisteán

Is cion coiriúil é do thiománaithe tiomáint gan árachas ar bhóithre poiblí in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi árachas gluaisteán anseo.

Árachas sláinte

Úsáidtear árachas sláinte chun íoc as cúram príobháideach san ospidéal ó ghairmithe sláinte éagsúla in ospidéil nó ina gcleachtais. Tá roinnt árachóirí sláinte in Éirinn. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi árachas sláinte anseo.

Árachas taistil

Féadfaidh árachas taistil tú a chlúdach má éiríonn tú tinn nó má bhíonn timpiste agat agus tú ar saoire nó ag taisteal.

Má tá tú ag taisteal laistigh den LEE nó den Eilvéis, ba cheart go mbeadh Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agat a ligeann duit rochtain a fháil ar sheirbhísí cúram sláinte. Go ginearálta, ba cheart go gcuirfeadh árachas taistil forlíonadh leis na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine a bhfuil Cárta Eorpach um Árachas Sláinte acu.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi árachas taistil agus rudaí eile le cur san áireamh agus tú ag taisteal thar lear anseo.

Árachais saoil

Is féidir le polasaí árachais saoil airgead a sholáthar do chleithiúnaithe má fhaigheann tú bás. Tá faisnéis mhionsonraithe ag an CICT faoi árachas saoil.

Gearáin

Má bhíonn fadhb ar bith agat le hárachóir, ba chóir duit é seo a chur suas ar dtús le roinn seirbhísí custaiméara an árachóra (nó le do bhróicéir/gníomhaire má tá ceann á úsáid agat). Déanann Banc Ceannais na hÉireann an Cód um Chosaint Tomhaltóirí a fhorfheidhmiú do sholáthraithe seirbhísí airgeadais (lena n-áirítear árachóirí agus idirghabhálaithe). Leagann an cód amach conas a dhéileálann siad lena gcustaiméirí.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil soláthraí seirbhísí airgeadais ag déileáil leat, nó má chreideann tú nach bhfuil prionsabail nó rialacha an Chóid á leanúint acu, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an soláthraí ar dtús. Faoin gCód, ní mór do sholáthraithe seirbhísí airgeadais nós imeachta gearán a bheith i bhfeidhm acu agus ní mór dóibh do ghearán a láimhseáil go tapa, go héifeachtach agus go cothrom. Tá rialacha mionsonraithe sa Chód maidir le cé chomh minic is cóir do ghnólacht teagmháil a dhéanamh leat chun tú a choinneáil ar an eolas faoi do ghearán. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na rialacha a bhaineann leis an gcaoi a gcaithfidh gnólachtaí gearáin a láimhseáil sa Treoir do thomhaltóirí ar an gCód (pdf) de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann.

Mura féidir leat d’fhadhb a réiteach nó mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a láimhseáiltear do ghearán, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean. Is comhlacht neamhspleách, reachtúil é an tOmbudsman ar féidir leis do ghearán a fhiosrú.

Soláthraíonn Insurance Ireland faisnéis do thomhaltóirí agus Seirbhís Faisnéise Árachais (SFA) saor in aisce do dhaoine den phobal. Is féidir leis an SFA cabhrú leat má tá eolas uait faoi árachas, nó má tá cabhair uait chun fadhb le do chuideachta árachais a réiteach. Déanfaidh an tseirbhís seo imscrúdú freisin ar ghearáin nach dtagann faoi raon feidhme Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais agus na bPinsean.

Tugann an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí faisnéis agus comhairle maidir le héilimh árachais agus gearáin a dhéanamh faoi sholáthraithe seirbhísí airgeadais.

Tuilleadh eolais

Árachas Éire

Ionad Árachas
5 Plás Mháistir an Chuain
IFSC
Baile Átha Cliath 1
DO1 E7E8
Éire

Teil: +353 (0)1 676 1820
Facs: +353 (0)1 676 1943
Láithreán Gréasáin: http://www.insuranceireland.eu/

An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean

3ú Úrlár
Teach Lincoln
Plás Lincoln
Baile Átha Cliath 2
D02 VH29
Éire

Teil: (01) 567 7000
Láithreán Gréasáin: http://www.fspo.ie/
R-phost: info@fspo.ie

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Uaireanta Oscailte: Línte oscailte Luan-Aoine, 9rn - 6in
Teil: (01) 402 5555 and (01) 402 5500
Láithreán Gréasáin: http://www.ccpc.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Meitheamh 2022