Díospóidí le hinstitiúidí airgeadais i dtíortha eile de chuid an AE

Réamhrá

Faoi dhlí an AE, ba cheart go mbeadh táillí bainc a ghearrtar ar idirbhearta airgeadais mar an gcéanna laistigh de bhallstáit an AE agus idir stáit an AE.

Is é an bunphrionsabal ná gur cheart go mbeadh na táillí a ghearrtar ar idirbhearta airgeadais mar an gcéanna, d’íocaíochtaí ar an luach céanna, cibé acu más íocaíocht náisiúnta nó trasteorann an íocaíocht. Ní féidir táillí breise a ghearradh ort (mar shampla, táillí bliantúla nó muirir aonuaire) mar gheall ar do chárta a úsáid i mballstáit eile AE.

Chun teacht ar eolas faoi chosaintí tomhaltóirí d’íocaíochtaí leictreonacha agus Fíordheimhniú Láidir Custaiméara, léigh faoin an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta.

Rialacha

Pléitear i Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 le muirir le haghaidh íocaíochtaí trasteorann agus náisiúnta in euro. Baineann sé le íocaíochtaí in euro i ngach ballstáit an AE.

Baineann an Rialachán le gach íocaíocht a phróiseáiltear go leictreonach, leis an méid a leanas a áireamh:

  • Aistrithe creidmheasa
  • Dochair dhíreacha
  • Aistarraingtí airgid thirim ag dáileoirí airgid thirim (Uathmheaisíní Bainc)
  • Íocaíochtaí cárta dochair agus creidmheasa
  • Airgead a íoc (airgead a sheoltar chuig páirtí eile trí úsáid a bhaint as cuideachta seirbhíse íocaíochta)

D’fhéadfadh coinníollacha áirithe a bheith i gceist ag brath ar shaghas na híocaíochta. Mar shampla, le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha, ní mór duit Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bhainc (CAB) a úsáid nuair a bhíonn an íocaíocht á hordú agat.

Ní bhaineann an Rialachán le seiceanna agus ní bhaineann sé le tiontuithe airgeadra isteach agus amach ó euro.

SEPA (Limistéar Aonaird’Íocaíochtaí Euro)

Déanfaidh an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) gach íocaíocht leictreonach ar fud limistéar an euro chomh héasca is a bhíonn sé íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh laistigh de thír amháin. Cuirtear SEPA chun feidhme in 36 tír – is iad sin, na 27 ballstát den AE (lena n-áirítear tíortha nach n-úsáidtear an euro iontu) agus an Ríocht Aontaithe, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Eilvéis, San Marino agus Monacó agus Stát Chathair na Vatacáine.

Ceadaíonn SEPA duit:

  • Do chárta dochair a úsáid áit ar bith i limistéar an euro
  • Aistrithe trasteorann bainc a dhéanamh go slán, go pras agus go hiomlán
  • Dochair dhíreacha a bhunú áit ar bith i limistéar an euro
  • Níl ach cuntas bainc amháin de dhíth ort i limistéar iomlán an euro

Ní féidir le híocóir ná le híocaí éileamh ort cuntas bainc a choinneáil in aon tír ar leith chun gur féidir íocaíochtaí a dhéanamh nó a fháil. Mar shampla, d’fhéadfadh Éireannach atá ag obair sa Fhrainc iarraidh ar a f(h)ostóir Francach a t(h)uarastal a íoc isteach ina c(h)untas bainc Éireannach agus d’fhéadfadh sé/sí an cuntas sin a úsáid chun dochair dhíreacha agus billí a íoc sa Fhrainc.

Beidh ort an BIC (Cód Aitheantais Bainc) agus an IBAN (Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc) a úsáid chun do bhanc agus do chuntas a shainaithint seachas an NSC (Cód Sórtála Náisiúnta) agus an Uimhir Chuntais.

Cuireann an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (a trasuíodh isteach i ndlí na hÉireann mar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Seirbhísí Íocaíochta), 2009 an creat dlíthiúil ar fáil do SEPA.

Is féidir leat teacht ar eolas breise faoi SEPA ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus ón mBanc Ceannais Eorpach.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Má chreideann tú nach bhfuil an tsuim chéanna á gearradh ag do bhanc ort le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo (is fearr é seo a dhéanamh i scríbhinn) agus iarraidh orthu d'fhadhb a shoiléiriú agus a réiteach.

Má mheasann tú gur sáraíodh rialacha an Rialacháin maidir le híocaíochtaí trasteorann, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Banc Ceannais na hÉireann.

I gcás saincheisteanna idir tomhaltóirí agus trádálaithe, déan teagmháil leis an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (an CICT).

De rogha air sin, más dealraitheach gurb earráid bhainc is cúis le d'fhadhb seachas mífheidhmiú rialacha an Rialacháin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean in Éirinn.

Má tharla an fhadhb i dtír eile, is féidir leat cabhair a fháil le sásamh i dtíortha eile an AE.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Márta 2024