Nuair a fhaigheann tú bás, ní mór d’aon fhiach atá agat a aisíoc ó d'eastát sula mbeifear in ann aon éileamh eile ar an eastát a chomhlíonadh. Is é seo an cás cibé an bhfuil nó nach bhfuil tiomna déanta agat.
Má fhaigheann tú bás agus mura bhfuil aon eastát agat, faigheann d’fhiacha bás ansin de bharr nach féidir iad a aisíoc. Níl do ghaolta faoi dhliteanas do chuid fiacha ach amháin sa chás gur thug siad slánaíochtaí pearsanta ar na fiacha sin.
D'fhéadfadh do chreidiúnaithe agra a dhéanamh ar d’eastáit chun íocaíocht a fháil ar fhiacha neamhíoctha. Tá tréimhse teorannaithe de shé bliana ar ghníomhaíochtaí a dhéanamh i gcoinne d'eastát.
Is éárd atá i gceist le d'eastáit ná an mhaoin, na hearraí agus an t-airgead ar fad agat gur féidir a dháileadh tar éis do bháis. Ní féidir le maoin áirithe agus le hairgead áirithe a bheith mar chuid de d'eastát ar chor ar bith.
Má tá tú féin agus do chéile mar chomhúinéirí bhaile an teaghlaigh, beidh do chéile mar úinéir aonair an tí i ndiaidh do bháis. Má tá morgáiste ar an mbaile teaghlaigh, ansin beidh do chéile faoi dhliteanas i leith an mhorgáiste sin ach níl sé/sí faoi dhliteanas i leith aon cheann de na fiacha eile agat. Ní thógtar do theach nó an chuid agat mar chuid de d'eastát.
Má tá tú i d’úinéir aonair, beidh do bhaile teaghlaigh mar chuid de d'eastát agus tá sé ar fáil chun do chuid fiacha a íoc.
Tá tairbhí ainmnithe ag roinnt polasaithe árachais. Sna cásanna sin, téann fáltais an pholasaí díreach chuig an tairbhí sin agus ní bhíonn siad mar chuid d'eastát. I gcásanna eile, ní bhíonn fáltais an pholasaí árachais mar chuid de d'eastát agus tá siad ar fáil chun do chuid fiacha a íoc. Braitheann an méid a tharlaíonn in aon chás ar leith ar théarmaí an pholasaí.
Má bhí tú i do bhall de chomhar creidmheasa, bheadh duine ainmnithe agat le bheith i dteideal suas le €23,000 de do chuid coigiltis i ndiaidh do bháis. Ní bhíonn sé seo mar chuid de d'eastát.
Má tá cuntas bainc i gcomhar le duine nó le daoine eile agat, braitheann an cheist a bheadh ann ar cibé a bhíonn do scair den chuntas mar chuid den eastát ar intinn na sealbhóirí cuntais nuair a osclaíodh an cuntas. Más rud é go raibh sé i gceist go bhfaigheadh an tsealbhóir/na sealbhóirí eile do sciar trí oidhreacht, ní bhíonn do sciar mar chuid de d'eastát. Más rud é nach raibh sé seo i gceist, mar shampla, más rud é go raibh an cuntas i gcomhainmneacha díreach le bheith áisiúil, ansin bheidh do scair – a d'fhéadfadh a bheith mar iomlán anchuntais – ina chuid de d'eastát.
Nuair a fhaigheann tú bás, bailíonn d’ionadaí pearsanta (do seiceadóir nó riarthóir) do sócmhainní le chéile. Is é an chéad dualgas atá ar an ionadaí pearsanta do chostais sochraide agus eile a íoc, agus ansin do chuid fiacha a ghlanadh.
Meastar go bhfuil d'eastát dócmhainneach más rud é nach bhfuil go leor sócmhainní agat chun do chuid costais sochraide agus eile agus d’fiacha go léir a ghlanadh. Sa chás nach bhfuil sócmhainní ar bith agat, ní thagann íocaíocht do chuid fiacha chun cinn. Má tá roinnt sócmhainní agat ach ní leor iad chun do chuid fiacha go léir a ghlanadh, ní mór na fiacha a íoc in ord ar leith. Má tá d’eastát tuaslagach, tá rialacha maidir leis na sócmhainní atá le húsáid ar dtús chun do chuid fiacha a íoc.
Seo a leanas an t-ord tosaíochta le haghaidh íocaíochtaí ó eastát dócmhainneach:
Má tá d’eastát tuaslagach, ansin, arís, ní mór do chostais sochraide agus eile agus do chuid fiacha a íoc ar dtús. Má fhaigheann tú bás díthiomnach, roinntear an chuid eile de d’eastát ina dhiaidh sin de réir na rialacha díthiomnachta.
Má tá tiomna déanta agat agus mura bhfuil d'eastát neamhdhóthanach chun íoc as do chuid fiacha agus na tiomnachtaí go léir a rinne tú, ina dhiadh sin íoctar na fiacha ó na sócmhainní seo a leanas agus san ord seo:
Nuair atá do thiomna á dhéanamh agat, féadfaidh tú ord difriúil a shonrú le leith íocaíocht do chuid fiacha.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.