Cáin a ghearradh ar shochair ón bhfostaíocht

Réamhrá

Gearrtar cáin ar fhormhór na sochar ón bhfostaíocht a fhaigheann tú anuas ar do thuarastal.

Tá dhá shaghas sochar ann, go ginearálta, is féidir leat a fháil ó d’fhostóir anuas ar do thuarastal:

  • Sochair chomhchineáil. Sochair iad seo nach féidir a thiontú ina n-airgead tirim ach a bhfuil luach airgid thirim orthu. Is gnách gur rud iad is féidir le fostaí a úsáid gan úinéireacht a bheith orthu. I measc na samplaí, tá iasachtaí ar ráta speisialta nó úsáid a bhaint as gluaisteán cuideachta nó cóiríocht.
  • Airgead nó sochair eile ar féidir airgead a dhéanamh astu. I measc na samplaí, tá ticéid go dtí imeachtaí, dearbháin nó do bhillí a bheith á n-íoc ag d’fhostóir.

Conas a ghearrtar cáin ar shochair

Suimítear formhór na sochar le do phá agus gearrtar cáin orthu ar an mbealach céanna. Asbhaineann d’fhostóir cáin ioncaim, Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ar luach an tsochair.

Is éagsúil do na rialacha a bhaineann le sochair chomhchineáil. Go ginearálta, is é luach an tsochair an luach is airde den mhéid seo a leanas:

  • An costas ar an bhfostóir
  • Luach margaidh an tsochair

Má ranníocann an fostaí suim i dtreo an tsochair, laghdaítear luach inchánach an tsochair faoin suim sin.

Baineann rialacha speisialta leis na sochair chomhchineáil seo a leanas:

Sochair atá díolmhaithe ó cháin

Is gnách nach mbíonn sochair inchánach má thuilleann tú níos lú ná €1,905 ó d’fhostóir sa bhliain chánach. Ní bhaineann an díolúine seo le stiúrthóirí cuideachta.

Tá roinnt saghsanna sochar nach ngearrtar cáin orthu. Áirítear leo seo:

Díolúine do shochair bheaga

Ciallaíonn an díolúine do shochair bheaga gur féidir leat roinnt dearbhán nó sochair neamhairgid eile a fháil gach bliain gan cáin a íoc orthu.

Is féidir leat a mhéid le 2 shochar gach bliain a fháil ón 1 Eanáir 2022, a mhéid le luach iomlán €1,000. Má thugtar níos mó sochar i mbliain, ní cháilítear ach an chéad 2 shochar.

Ní féidir na dearbháin nó na sochair a úsáid ach le hearraí nó seirbhísí a cheannach. Ní féidir iad a mhalartú d’airgead tirim.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Iúil 2023