Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil

Réamhrá

Má thugann tú cúram do leanbh leat féin, b’fhéidir go mbeidh tú in ann creidmheas cánach ar a dtugtar an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS ) a éileamh. Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach is gá duit a íoc.

Tugtar an CCCLDS don duine a gcónaíonn an leanbh cáilitheach in éineacht leis ar feadh na bliana ar fad nó ar feadh na coda is mó den bhliain (níos mó ná sé mhí) – duine a dtugtar an príomhéilitheoir air.

Más príomhéilitheoir thú, is féidir leat do theidlíocht don chreidmheas a thabhairt do dhuine eile, ar a dtugtar an t-éilitheoir tánaisteach, má chónaíonn an leanbh leo ar feadh breis agus 100 lá i mbliain agus má shásaíonn siad na coinníollacha cáilitheacha eile go léir.

Rialacha

Ní féidir leat an CCCLDS a éileamh sna cásanna seo a leanas:

  • Déantar thú a chómheasúnú ó thaobh cánach de mar dhuine pósta nó mar pháirtnéir sibhialta, nó
  • Tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta (ach amháin má tá tú scartha)
  • Tá tú ag comhchónaí le duine eile

Má tá tú ag comhchónaí, ní féidir leat an SPCCC a éileamh don bhliain ina dtagann deiridh leis an gcomhchónaí sin.

Ní féidir leat an CCCLDS a éileamh don bhliain ina ndearnadh baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach díot (bliain an mhéala).

Is féidir leat an CCCLDS a éileamh sna blianta ina diaidh má cháilíonn tú dó.

Príomhéilitheoir

Is é an príomhéilitheoir an duine a gcónaíonn leanbh cáilitheach (féach thíos) in éineacht leis ar feadh níos mó ná 6 mhí den bhliain.

Má tá comhchaomhnóireacht (trí ordú cúirte) ag an mbeirt tuismitheoirí, is bunaithe ar cén tuismitheoir a fhaigheann Sochar Linbh ón Roinn Coimirce Sóisialaí a bhíonn an teidlíocht don chreidmheas. Meastar gur leanbh cáilitheach é leanbh a chónaíonn ar shiúl ón mbaile agus é/í ag freastal ar choláiste i gcásanna ina bhfuil an leanbh á chothabháil go fóill ag an éilitheoir agus ina bhfilleann an leanbh ar an mbaile taobh amuigh d’am téarma.

Éilitheoir tánaisteach

Is féidir le príomhéilitheoir an CCCLDS a thabhairt d’éilitheoir tánaisteach. Ní mór d’éilitheoir tánaisteach na coinníollacha céanna a chomhlíonadh, ach amháin an coinníoll go gcónaíonn an leanbh in éineacht leis nó léi ar feadh na coda is mó den bhliain.

Ní ga don éilitheoir tánaisteach coimeád dlíthiúil a bheith acu ar an leanbh cáilitheach ach caithfidh siad a chruthú go gcónaíonn an leanbh leo ar feadh ar a laghad 100 lá sa bhliain. Is féidir lá a chur san áireamh má fhanann an leanbh leo ar feadh na coda is mó den lá sin. Mar sin, mar shampla, má fhanann leanbh leo ó mhaidin Dé Sathairn go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh, is féidir seo a chur san áireamh mar 2 lá.

Leanbh cáilitheach

Is leanbh cáilitheach é leanbh:

  • A rugadh sa bhliain chánach
  • Atá níos óige ná 18 mbliana d’aois ag tús na bliana cánach
  • Atá níos sine ná 18 mbliana d’aois ag tús na bliana cánach ach atá in oideachas lánaimseartha, nó
  • Atá incháilithe don Chreidmheas Cánach do Leanbh ar Éagumas

Maidir leis an leanbh:

  • Is féidir do leanbh féin a bheith i gceist leis/léi.
  • Is féidir leanbh uchtaithe a bheith i gceist leis/léi.
  • Is féidir aon leanbh a dtugann tú tacaíocht dó/di agus a chothaíonn tú ar do chostas féin a bheith i gceist leis/léi. Ciallaíonn sé sin go bhfuil freagracht laethúil ort as an leanbh a thógáil agus as a gcúram agus bheith i gceannas orthu. Ní cháilítear leanaí altrama don CCCLDS, áfach.

Do theidlíocht a thabhairt suas

Más rud é gur tusa an príomhéilitheoir agus nach mian leat an creidmheas a éileamh, is féidir leat do theidlíocht ar an gcreidmheas a ghéilleadh (a thabhairt suas). Beidh feidhm ag an ngéilleadh sin go dtí go ndéanfaidh tú é a tharraingt siar. Cuirfear an creidmheas ar fáil arís ansin duit ag tús na bliana cánach dar gcionn. (Mar shampla, sa chás go ndéanfaidh tú do ghéilleadh a tharraingt siar an 15 Bealtaine 2023, cuirfear an CCCLDS ar fáil arís do na blianta cánach ó 2024 ar aghaidh).

An féidir leis an mbeirt tuismitheoirí Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil a éileamh?

Níl ach creidmheas amháin ar fáil don phríomhéilitheoir i gcás aon linbh cháilithigh. Má tá níos mó ná leanbh cáilitheach amháin agat, ní féidir leat ach aon Chreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil amháin a fháil i leith na leanaí sin.

Mar sin féin, más rud é go bhfuil níos mó ná leanbh cáilitheach amháin agat agus go ngéilleann tú an teidlíocht atá agat don CCCLDS, is féidir le beirt éilitheoirí tánaisteacha nó níos mó an creidmheas a éileamh má thugann siad cúram do leanbh cáilitheach ar feadh 100 lá nó níos mó i mbliain.

Mar shampla, tá beirt leanaí ag Jeaic, Siobhán agus Joan, agus is príomhéilitheoir cáilitheach é. Cónaíonn Siobhán lena máthair, Máire, ar feadh breis agus 100 lá i mbliain agus cónaíonn Joan lena máthair, Denise, ar feadh breis agus 100 lá i mbliain. Má thugann Jeaic a theidlíocht don CCCLDS suas, is féidir le Máire agus Denise CCCLDS a éileamh má shásaíonn siad na riachtanais eile.

Rátaí

Is é an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil €1,650.

Má fhaigheann tú an CCCLDS, tá tú i dteideal freisin do mhéadú €4,000 ar an mbanda cánach ráta chaighdeánaigh.

Conas iarratas a dhéanamh

Más príomhéilitheoir thú, is féidir leat an CCCLDS a éileamh ar líne trí sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat an Creidmheas a éileamh freisin trí Fhoirm SPCC1 (pdf) a líonadh agus í a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe, is féidir leat an CCCLDS a éileamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ar do Thuairisceán Cáin Ioncaim (Foirm 11).

Ní féidir leat an CCCLDS a thabhairt suas d’éilitheoir tánaisteach ar líne. Caithfidh tú Foirm SPCC1 (pdf) a úsáid.

Má thug an príomhéilitheoir a éileamh, is féidir leat CCCLDS a éileamh mar éilitheoir tánaisteach trí Fhoirm CBS (pdf) a líonadh.

Má chreideann tú go gcáilíonn tú mar an príomhéilitheoir ach deonaíodh an creidmheas go huathoibríoch do dhuine eile, ba cheart duit Foimr SPCC1 (pdf) a líonadh agus í a sheoladh chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim. Ba cheart duit aon fhianaise ábhartha a chur san áireamh chun tacú le d’éileamh go gcónaíonn an leanbh leat don bhliain iomlán nó don chuid is mó den bhliain. Déanfar an cinneadh ar cé atá sa phríomhéilitheoir bunaithe ar na fíricí sa chás. Má bhíonn díospóid ann, is féidir leat cinntiúchán na gCoimisinéirí Ioncaim a achomharc leis na Coimisinéirí Achomhairc.

Cuimhnigh, chun gur féidir le héilitheoir tánaisteach éileamh a dhéanamh, caithfidh gur thug an príomhéilitheoir a dteidlíocht don chreidmheas suas i ngach cás. Níl aon oibleagáid ar an bpríomhéilitheoir an CCCLDS a thabhairt suas.

Tá eolas breise ar an gCreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Eolas breise do dhaoine a bhfuil tuistiú aonair á dhéanamh acu

Tá creidmheasanna cánach breise ar fáil do thuismitheoirí ar baintreach/baintreach fir iad.

Más tuismitheoir scartha nó colscartha thú, tá eolas breise ar fáil inár gcáipéisí Idirscaradh agus colscaradh: creidmheasanna agus faoiseamh cánach agus Gearradh cánach ar íocaíochtaí cothabhála.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Nollaig 2022