Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe

Cad í Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe?

Gearrfar Cáin nua ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (CTCC) ó 2024 gach bliain ar thalamh atá:

  • Criosaithe d’úsáid tithíochta agus
  • A bhfuil teacht aici ar sheirbhísí riachtanacha, cosúil le soláthar uisce, bóithre agus soilsiú

Taispeántar an talamh seo ar dhréachtléarscáileanna ar féidir leat athruithe a mholadh dóibh. Foilseofar an léarscáil deiridh an 1 Nollaig 2023.

Má tá tú i d’úinéir ar an talamh an 1 Feabhra 2024, caithfidh tú tuairisceán cánach CTCC a dhéanamh faoin 23 Bealtaine 2024.

I gcás 2024, bainfidh an cháin le talamh a bhí criosaithe agus a bhí seirbhísithe an 1 Eanáir 2022.

Conas a sheiceálaim an bhfuil Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe le híoc do thalamh?

Taispeánfar talamh a bhfuil CTCC le híoc di ar léarscáil. D’fhoilsigh údaráis áitiúla dréachtléarscáileanna CTCC faoin 1 Samhain 2022. Is féidir leat amharc ar na dréachtléarscáileanna agus aighneacht a dhéanamh faoi thalamh a cheapann tú ba cheart a eisiamh nó a chuimsiú.

Má thaispeántar do réadmhaoin chónaithe, ní gá duit aighneacht a dhéanamh má bhaineann Cáin Mhaoine Áitiúil le do réadmhaoin mar gheall go gciallaíonn seo nach mbainfidh an CTCC léi.

Nuashonrófar dréachtléarscáileanna agus foilseofar léarscáileanna forlíontacha faoin 1 Bealtaine 2023. Is féidir le húinéirí talún athruithe a mholtar ar na léarscáileanna nuashonraithe a sheoladh ar aghaidh.

Más úinéir talún thú agus má dhéanann tú aighneacht, is féidir leat an cinneadh a achomharc a dhéanann údarás áitiúil mura gcomhaontaíonn tú leis.

Foilseofar an léarscáil deiridh talún atá faoi dhliteanas CTCC an 1 Nollaig 2023.

An gá dom Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a íoc?

Má chuirtear talamh san áireamh ar an léarscáil CTCC agus má tá tú i d’úinéir uirthi an 1 Feabhra 2024, caithfidh tú CTCC a íoc murach gur réadmhaoin í atá eisiata.

Ní bhaineann CTCC le réadmhaoin chónaithe reatha. Má tá do réadmhaoin faoi dhliteanas Cáin Mhaoine Áitiúil, is réadmhaoin chónaithe í agus ní gá duit CTCC a íoc di.

Má tá gairdín nó clós ag do réadmhaoin chónaithe atá níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra) agus má chuirtear san áireamh é ar an léarscáil CTCC, tá ort clárú do CTCC ach ní gá duit an cháin a íoc.

Beidh tú in ann clárú don cháin ó thráth déanach in 2023. Beidh eolas faoi conas clárú agus íoc ar fáil níos gaire don am sin.

Más úinéir thú ar thalamh atá faoi dhliteanas CTCC an 1 Feabhra 2024, caithfidh tú tuairisceán cánach CTCC a dhéanamh faoin 23 Bealtaine 2024.

Cé mhéid í an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe?

Is é an ráta CTCC 3% de luach margaidh na talún ar an dáta luachála. Beidh an chéad dáta luachála an 1 Feabhra 2024. Déanann an t-úinéir talún féinmheasúnú ar an luach margaidh.

Eolas breise

D’fhoilsigh an Roinn Airgeadais agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe - Freagra ar do Cheisteanna (pdf).

Chuir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta grafaic faisnéise ar an amlíne agus ar an bpróiseas le chéile.

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Treoir mhionsonraithe ar Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (pdf).

Cuireann d’údarás áitiúil eolas ar fáil ar an CTCC do do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Nollaig 2022