Sciúradh airgid in Éirinn

Réamhrá<br/>

Is éard is sciúradh airgid ann próiseáil a dhéanamh ar fháltais choiriúla (airgead tirim agus sócmhainní a fhaightear ó ghníomhaíochtaí coiriúla) chun a mbunús mídhleathach a cheilt. Is fadhb dhomhanda í agus tá céimeanna móra á nglacadh ag rialtais le blianta beaga anuas chun é a chosaint.

Caitheadh le sciúradh airgid mar chion an-tromchúiseach ó ritheadh an tAcht um Cheartas Coiriúil i 1994. Thug na hAchtanna um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010 go 2021 uasdátú ar reachtaíocht frith-sciúradh airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí na hÉireann agus tugadh faoi réir é le ceanglais reachtaíocht an AE chun sciúradh airgid a chosc.

Tá oibleagáid ar Éirinn freisin moltaí áirithe ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), an comhlacht idirnáisiúnta frith-sciúradh airgid agus maoinithe frithsceimhlitheoireachta, a chur i bhfeidhm.

Tá míniú ag Banc Ceannais na hÉireann ar na rialacha chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc.

Rialacha

Cad é cion sciúradh airgid?

Sainmhíníonn Alt 7 d’Acht 2010 cion sciúradh airgid i dtéarmaí réadmhaoine arb ionann é agus “fáltais ó iompar coiriúil”.

Déantar cionta sciúrtha airgid nuair a bhíonn a fhios ag duine nó a chreideann (nó go bhfuil sé meargánta an bhfuil nó nach ea) gurb ionann an mhaoin agus fáltais ó iompar coiriúil agus go bhfuil baint ag an duine le:

  • Fíor nádúr, foinse, suíomh, diúscairt, gluaiseacht nó úinéireacht na réadmhaoine a chur i bhfolach nó a cheilt
  • An réadmhaoin a thiontú, a aistriú, a láimhseáil, a fháil, a shealbhú nó a úsáid nó
  • An réadmhaoin a bhaint den Stát, nó an mhaoin a thabhairt isteach sa Stát

Cad é “duine ainmnithe”?

Leagann an tAcht oibleagáidí ar dhaoine ainmnithe cosaint a thabhairt i gcoinne a ngnó a bheith á n-úsáid chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí.

Sainmhíníonn Alt 25 d’Acht 2010 an téarma ‘duine ainmnithe’’ mar aon duine atá ag obair in Éirinn in aon cheann de na cumais seo a leanas:

  • Institiúid creidmheas nó airgeadais (áirítear leis seo cistí agus soláthraithe seirbhísí cistí, iasachtóirí airgid, cuideachtaí árachais, gnólachtaí tarchuir airgid nó gnólachtaí bureaux de change, An Post agus soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla) mura n-eisítear go sonrach iad.
  • Iniúchóir, cuntasóir seachtrach, comhairleoir cánach nó aon duine a sholáthraíonn cúnamh nó comhairle go gairmiúil ar chúrsaí cánach
  • Gairmí dlí neamhspleách ábhartha
  • Soláthraí seirbhíse iontaobhais nó cuideachta
  • Soláthraí seirbhíse réadmhaoine, nuair is mó an cíos míosúil a láimhseáiltear ná €10,000
  • Casino
  • Duine a stiúrann club comhaltaí príobháideacha ag a ndéantar gníomhaíochtaí cearrbhachais
  • Duine a bhíonn ag trádáil earraí maidir le hidirbhearta a bhaineann le fáil airgid thirim €10,000 ar a laghad, cibé acu in idirbheart amháin nó i sraith idirbheart atá nasctha nó a bhfuil an chuma orthu go bhfuil baint acu lena chéile.
  • Duine a bhíonn ag trádáil i saothair ealaíne lena mbaineann níos mó ná €10,000 (nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí i dtrádáil den sórt sin), cibé acu in idirbheart amháin nó i sraith idirbheart atá nasctha le chéile nó a bhfuil an chuma orthu go bhfuil baint acu lena chéile.
  • Soláthraí seirbhísí cearrbhachais, lena n-áirítear geallghlacadóirí agus cuideachtaí cearrbhachais ar line
  • Duine ar bith eile de aicme forordaithe

Bunaíonn Acht 2010 freisin roinnt údarás inniúil a dhéanann monatóireacht ar dhaoine ainmnithe agus a chinntíonn go gcomhlíontar ceanglais an Achta.

  • Banc Ceannais na hÉireann le haghaidh institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais nó soláthraithe seirbhísí iontaobhais nó cuideachta

Na comhlachtaí cuntasaíochta ainmnithe le haghaidh iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha nó comhairleoirí cánach

  • Dlí-Chumann na hÉireann d'aturnaetha
  • An tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí d'abhcóidí
  • An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine do sholáthróirí seirbhísí maoine
  • An tAire Cirt d’aon duine ainmnithe eile (arna riar ag an Aonad Comhlíonta Frithsciúrtha Airgid – féach thíos)

Céard iad dualgais daoine ainmnithe?

Ní mór do dhaoine ainmnithe:

  • Measúnuithe riosca a dhéanamh maidir lena ngnó
  • Dícheall cuí don chustaiméir a chur i bhfeidhm (mar shampla, custaiméirí nó úinéirí tairbhiúla a shainaithint),
  • Idirbheartaíochtaí amhrasta a thuairisciú don Gharda Síochána (an tAonad Faisnéise Airgeadais) agus do na Coimisinéirí Ioncaim agus
  • Nósanna imeachta sonracha a bheith i bhfeidhm chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc

Tá oibleagáidí díchill chuí custaiméirí ceaptha chun é a dhéanamh níos deacra do ghnólachtaí iad a úsáid le haghaidh sciúradh airgid coiriúil nó maoiniú sceimhlitheoirí.

Ceanglaíonn an reachtaíocht sciúrtha airgid in Éirinn gur gá duit cruthúnas aitheantais a chur ar fáil, má osclaíonn tú cuntas bainc. Ina theannta sin, d’fhéadfaí ceisteanna eile a chur ort, mar shampla, faoi bhunús na gcistí agus faoi chineál do ghnólachta. Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí chun teacht ar níos mó faisnéise ar chuntas bainc a oscailt in Éirinn.

An tAonad Comhlíonta Frithsciúrtha Airgid

Bunaíodh an tAonad Comhlíonta Frithsciúrtha Airgid (AMLCU) laistigh den Roinn Cirt. Riarann an AMCLU agus déanann siad monatóireacht ar dhaoine ainmnithe atá sannta ag an Acht don Aire Cirt. Ina measc seo tá:

  • Iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach nach bhfuil faoi mhaoirsiú an chomhlachta ainmnithe cuntasaíochta cheana, Dlí-Chumann na hÉireann nó an tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí
  • Soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta (má tá an duine ina bhall de chomhlacht cuntasaíochta ainmnithe, is é an comhlacht cuntasaíochta ainmnithe an t-údarás inniúil nó más institiúid chreidmheasa nó airgeadais an soláthraí, is é Banc Ceannais na hÉireann an t-údarás inniúil)
  • Duine a stiúrann club comhaltaí príobháideacha ag a ndéantar gníomhaíochtaí cearrbhachais
  • Aon ghnó a bhíonn ag trádáil earraí ina nglactar le híocaíochtaí airgid €10,000. Tá an earnáil seo éagsúil agus clúdaíonn sí gnólachtaí ó dhéileálaithe seandachtaí, díolacháin bád agus gluaisteán go déileálaithe clocha agus seodra lómhara.
  • Geallghlacadóirí agus go leor cuideachtaí cearrbhachais ar line
  • Duine a bhíonn ag trádáil ealaíne lena mbaineann níos mó ná €10,000 (nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí i dtrádáil den sórt sin), cibé acu in idirbheart amháin nó i sraith idirbheart atá nasctha le chéile nó a bhfuil an chuma orthu go bhfuil baint acu lena chéile.

Is éard atá i gceist le monatóireacht imscrúduithe a dhéanamh ar dhaoine ainmnithe lena chinntiú go gcomhlíonann siad a gceanglais faoin Acht. Tugann oifigigh údaraithe faoi na himscrúduithe seo a cheapann an tAire

Pionóis

Tá uasphionós de 14 bliana príosúnachta nó fíneáil neamhtheoranta ag gabháil le ciontú ar chúisimh sciúrtha airgid.

Ina theannta sin, is cion é go gcuireann duine comhairle nó cúnamh ar fáil d’aon duine a thugann faoi sciúradh airgid.


Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

An tAonad um Chomhlíonadh ar Chomhrac i gcoinne Sciúradh Airgid

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

51 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2

Teil: (01) 602 8400
Láithreán Gréasáin: https://www.amlcompliance.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 Bealtaine 2021