Chruthaigh Acht an Chúnamh Dlí Sibhialta 1995 Bord an Chúnamh Dlí. Tá cathaoirleach agus dáréag ball eile ar an mBord seo. Caithfidh cúigear ban, ar a laghad, a bheith ar an mBord agus cúigear fear. Caithfidh beirt aturnae agus beirt abhchóide a bheith ar an mBord agus caithfidh beirt de fhoireann an Bhoird a bheith mar bhaill den Bhord freisin.
Tá Príomh Fheidhmeannach i bhfeighil an Bhoird agus tá thart ar 270 duine eile ar an bhfoireann oibre atá lonaithe i nIonaid Chúnaimh Dlí ar fud na hÉireann. Is aturnae an chuid is mó díobh seo. Má tá abhchóide ag teastáil chun oibriú ar do chás piocfaidh an Bord duine duit. Tá painéal de aturnae agus abhcóidí ag an mBord, freisin, atá san chliantacht phríomháideach ach atá sásta comhairle agus cúnamh dlí a thabhairt faoin Acht.
Seo a leanas na feidhmeanna atá ag an mBord
Sa bhliain 1999, chuir an Bord ionadaíocht agus cúnamh ar fáil do 5,149 duine agus chuir comhairle ar 9,299 duine. Is cúrsaí dlí clainne a bhí i 97% de na cásanna chúnamh dlí agus ionadaíochta agus i 90% de na cásanna gur tugadh comhairle dóibh. B'iad scaradh dleathach, idirscaradh agus foréigean clainne na cúrsaí ba mhinicí a bhí ós comhair an Bhoird. Tá ar an mBord tuairisc bhliantúil a fhoilsiú ag cur síos ar na himeachtaí go léir lena raibh baint ag an mBord
I mí Feabhra 1999 bunaíodh oifig do Sheirbhís Dlí na nDídeanaithe ( RLS) chun seirbhís dlí profisiúnta agus neamhspleách a chuir ar fáil do dhídeanaithe ag gach staid den phroiséis tearmainn. I 2006 thug an RSL seirbhís do 2,980 duine nua a bhí ag lorg dídean sa tír. Ó Samhain 2011, tá an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh a aistriú chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
De ghnáth, tugann an bord cúnamh nó comhairle dlí sna cásanna seo a leanas;
Níl cead ag an mbord cúnamh dlí nó comhairle dlí a thabhairt sna cineálach seo a leanas cásanna:
In Earnáil (7) déantar tracht ar ocáidí ina dtugann duine cás ar son dhuine eile nó mar ionadaí oifigiúil
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.