Tugann an dlí sainmhíniú an-teicniúil ar thine ealaíne. Áirítear mar thine ealíne gach feiste a dhónn agus a phléascann chun fuaim ard agus éifeacht amhairc a thabhairt – tine ealaíne thipiciúil, thraidisiúnta go bunúsach. Sainmhínítear tailmeálaithe mar thinte ealaíne.
Ní áirítear tinte ealaíne íseal-ghuaise. Tá na tinte ealaíne íseal-ghuaise seo deartha le n-úsáid laistigh agus áirítear iontu míreanna ar nós 'party-poppers', pléascóga Nollag agus stiallacha tailmeálaithe nó caipíní do ghunnaí bréige.
Faoin reachtaíocht leasaithe is cionta iad seo a leanas:
Má fhaightear ciontach i gceann ar bith de na cionta thuas tú, beidh tú faoi dhliteanas:
Is cionta inghabhála iad na cionta thuasluaite toisc go mbaineann an fhéidearthacht de phianbhreith príosúin 5 bliana leo. Mar sin tá an chumhacht ag na Gardaí tú a ghabháil gan bharántas má cheapann siad go réasúnta go ndearna tú cion dá leithéid. Is féidir leo tú a choinneáil i stáisiún na nGardaí le haghaidh ceistiúcháin chomh maith ar feadh suas le 12 uair a chloig sula gcúiseofar tú i gcion nó sula scaoilfear tú.
Tugadh cumhachtaí leathana do na Gardaí maidir leis na cionta seo a imscrúdú. Tá cheapann na Gardaí go réasúnta go bhfuil tinte ealaíne i do sheilbh agat le díol nó le soláthar gan cheadúnas is féidir leo:
Má cheapann na Gardaí go bhfuil tú ciontach i dtinte ealaíne a dhíol
nó a sholáthar gan cheadúnas, is féidir leo tú a ghabháil gan
bharántas.
Tugadh an chumhacht do na Gardaí chomh maith iarratas a chur chuig an gCúirt
Dúiche chun barántas cuardaigh a fháil a thugann cead dóibh áitreabh a
chuardach ag am (nó amanna) ar bith laistigh de sheachtain amháin ón dáta
ar a eisítear an barántas. Tugann an barántas cead do na Gardaí dul isteach
in áitreabh, le fórsa más gá, agus ligeann sé dóibh aon rud a fhaightear
sa chuardach a úrghabháil. Tá cead ag na Gardaí ainm agus seoladh aon duine
atá i láthair ag an áitreabh agus iad á chuardach a éileamh.
Féadfar aon duine a bhacann na Gardaí le linn an chuardaigh faoin mbarántas
a ghabháil. Má fhaightear ciontach tú sa chúirt, d'fhéadfá a bheith faoi
dhliteanas rang C fíneáil nó phríosúnacht ar feadh suas le 6 mhí, nó an
dá ceann.
Is féidir, ach ar dtús, caithfear ceadúnas a fháil chun na tinte
ealaíne a allmhairiú. Má theastaíonn uait tinte ealaíne a allmhairiú
isteach in Éirinn caithfidh tú iarratas a chur isteach ar cheadúnas chuig an
Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Tá foirmeacha
iarratais ar fáil (Word) ón Roinn agus is féidir iad a íoslódáil ó
láithreán gréasáin na Roinne. Caithfear an t-iarratas a chur isteach mí
amháin ar a laghad roimh an ócáid molta. Tá an ceadúnas saor in aisce.
Áirítear ar na sonraí a bhfuil ort a sholáthar agus an t-iarratas á chur
isteach agat:
Sa bhreis ar sin, caithfidh tú a dheimhniú don Roinn:
Nuair atá an fhoirm iarratais comhlánta agus curtha isteach chuig an Roinn
Dlí agus Cirt, cuirtear ar aghaidh ansin chuig ceanncheathrú na nGardaí a
théann i gcomhairle ansin le do Ghardaí áitiúla. Mura bhfuil aon agóid ag
na Gardaí cuireann siad é sin in iúl don Roinn agus ceadófar do
cheadúnas.
Tugann an ceadúnas cead duit ansin na tinte ealaíne a allmhairiú agus a
fheidhmiú agus a chur ar taispeáint de réir na dtéarmaí atá leagtha amach
sa cheadúnas.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil aon duine a chuireann
taispeántas tinte ealaíne ar siúl (fiú amháin ceann beag i do ghairdín
féin), gan cheadúnas cuí ciontach i gcion ar a bhfuil uasphíonós de 5
bliana i bpríosún.
94 Faiche Naomh Stiofáin
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 602 8202
Lóghlao:1890 221 227
Facs:+353 1 661 5461
Láithreán Gréasáin: http://www.justice.ie
R-phost: info@justice.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.