Alcól agus an dlí

Réamhrá

Is iad an tAcht Deochanna Meisciúla, 2008, an tAcht Deochanna Meisciúla, 2003, an tAcht Deochanna Meisciúla, 2000, an tAcht Ceadúnúcháin, 1872 agus Can tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994 an reachtaíocht ábhartha maidir le halcól a dhíol in áitribh cheadúnaithe, le deochanna meisciúla a cheannach i siopaí eischeadúnais agus maidir le halcól a ól in áiteanna poiblí.

Rialacha

Na hAchtanna Deochanna Meisciúla

Faoi na hAchtanna Deochanna Meisciúla, is cion é alcól a dhíol d’aon duine faoi aois 18 mbliana. Beidh dliteanas ar aon duine a fhaightear ciontach as é seo a dhéanamh ar ciontú achomair sa Chúirt Dúiche fíneáil aicme C a íoc.

Is cion é chomh maith alcól a cheannach do dhaoine faoi aois 18 mbliana nó alcól a thabhairt d'aon duine faoi aois 18 mbliana mura ndéantar sa bhaile é agus mura bhfuil cead tuismitheora acu. Má fhaightear ciontach thú in aon cheann de na cionta seo, d’fhéadfadh dliteanas bheith ort ar ciontú achomair i gCúirt Dúiche agus fineáil aicme C a íoc.

Níl cead ag daoine óga faoi aois 18 mbliana a bheith in áitreabh ceadúnaithe le linn uaireanta sínte (seachas faoi chúinsí áirithe). Tá sealbhóir an cheadúnais freagrach as a dheimhniú nach dtarlaíonn seo.

Má tá tú faoi aois 18 mbliana, ní féidir leat alcól a cheannach go dlíthiúil. Ina theannta sin, ní féidir leat alcól a ól mura bhfuil tú i dteach príobháideach agus go bhfuil agat cead ó do thuismitheoirí. Is cion é chomh maith ligean ort go bhfuil tú níos sine ná 18 mbliana chun alcól a cheannach nó a ól. Má fhaightear ciontach thú in aon cheann de na cionta seo, d’fhéadfaí fíneáil aicme E a ghearradh ort ar chiontú achomair i gCúirt Dúiche.

Iompar in áitribh cheadúnaithe

Tá coinne leis go mbíonn dea-iompar ag gach tráth ar chustaiméirí i mbeáir agus in áitribh cheadúnaithe in Éirinn agus go léirítear meas cuí ar dhaoine eile. Is cion é faoi Acht 2003 alcól a sholáthar do dhuine atá ar meisce agus chun cead isteach chuig beár a thabhairt do dhuine atá ar meisce. (Duine atá ar meisce a mhéid sin go bhféadfaidís díobháil a dhéanamh dóibh féin nó do dhaoine eile is ea ‘duine ar meisce’). Beidh dliteanas ar aon sealbhóir ceadúnais a ligeann dó seo tarlú ina n-áitreabh ar ciontú achomair i leith fhíneáil aicme B a íoc i gcás cion chéaduaire agus fíneáil aicme A i gcás cion dara huaire nó i gcás aon chiona dá éis sin.

Sa mhullach air sin, is cion é páirt a ghlacadh in iompar mí-ordúil in áitribh cheadúnaithe in Éirinn. Ciallaíonn seo nach féidir leat iompar a bheith ar siúl agat ar bhealach a chruthaíonn baol i leith sláinte, sábháilteacht nó leas aon duine eile atá san áitreabh. Ciallaíonn sé freisin, nach féidir leat iompar atá ar bhealach foréigneach, bagrach, maslaitheach nó achrannach a bheith ar siúl agat. Má iarrann an sealbhóir ceadúnais nó ball den Gharda Síochána ort áitreabh ceadúnaithe a fhágáil, ní mór duit amhlaidh a dhéanamh. Má theipeann ort fágáil nuair a iarrtar ort, d’fheadfá bheith faoi dhliteanas fíneáil aicme E a íoc. Anuas air sin, d’fhéadfadh an Garda Síochána thú a ghabháil.

Siopaí Eischeadúnais

Ní cheadaítear díol alcóil i siopaí eischeadúnais ach amháin idir na huaireanta 10.30rn agus 10.00in i rith na seachtaine agus idir 12.30in agus 10.00in Dé Domhnaigh.

Tá sé mídhleathach d’aon duine faoi aois 18 mbliana bheith i siopa eischeadúnais, mura bhfuil tuismitheoir nó caomhnóir leis nó léi agus ní mór do gach siopa eischeadúnais fógra a thaispeáint á chur seo in iúl. Ba chóir go mbeadh an fógra in áit fheiceálach i gcónaí agus mura ndéantar fógra mar seo a chrochadh, is féidir fíneáil a ghearradh ar an siopa. Má fhaightear úinéir siopa eischeadúnais ciontach as ligean do dhaoine faoi 18 mbliana a bheith ina siopa/ina shiopa, is féidir fineáil a ghearradh air nó uirthi. Is féidir fíneáil aicme E a ghearradh ar dhaoine óga iad féin faoi aois 18 mbliana má fhaightear iad i siopa eischeadúnais gan tuismitheoir nó caomhnóir.

Orduithe dúnta sealadacha

Is féidir le hordú dúnta sealadach bheith mar thoradh ar roinnt ciontaí faoin Acht Deochanna Meisciúla, 2003 (díol aclóil le daoine faoi 18 mbliana, ligean do dhaoine faoi 18 mbliana bheith in áitreabh ceadúnaithe le linn uaireanta sínte agus ligean do dhaoine faoi 18 mbliana bheith i siopa eischeadúnais gan tuismitheoir nó caomhnóir). Gearrann an Chúirt Dúiche an t-ordú seo, sa mhullach ar aon fhíneáil a d’fhéadfadh bheith iníoctha ag an sealbhóir ceadúnais. Ní mór go mbíonn an t-áitreabh dúnta ar feadh tréimhse nach lú ná 2 lá agus nach faide ná 7 lá i gcás cion chéaduaire, nó nach lú ná 7 lá agus nach mó ná 30 lá i gcás cion dara huaire nó i gcás aon chiona den chineál sin dá éis sin. Ní mór go léireoidh aon áitreabh a dhúntar de bharr ordú dúnta sealadach comhartha lasmuigh a chuireann in iúl fad an dúnta agus a luann go bhfuil an dúnadh i gcomhréir le hordú cúirte. I gcás ciontóirí leanúnacha, is féidir le cúirt, i ndeireadh na dála, forghéilleadh an cheadúnais a iarraidh.

Leanaí

Ní cheadaítear do leanaí (aon duine faoi aois 18 mbliana) a bheith in áitreabh ceadúnaithe ach amháin má bhíonn siad i dteannta tuismitheora nó caomhnóra, ach tagann srianta áirithe i gceist leis an bhforáil seo. Mar shampla, féadann an leanbh fanacht ar an áitreabh idir na huaireanta 10.20rn agus 9in (10in idir Bealtaine agus Meán Fómhair) (mura mbraitheann an sealbhóir ceadúnais go mbeadh sin díobhálach do shláinte, do shábháilteacht nó do leas an linbh sin). Ceadaítear do leanaí idir aois 15 agus 17 mbliana fanacht san áitreabh i ndiaidh 9in sa chás go bhfuil siad ag freastal ar ócáid phríobháideach ina dtugtar dóibh béile substaintiúil. Ní mór don uile áitreabh ceadúnaithe fógra a thaispeáint a chuireann seo in iúl agus é bheith á chrochadh in áit fheiceálach i gcónaí agus is féidir le fíneáil bheith mar thoradh ar theip air seo a dhéanamh.

Má fhaightear ciontach an sealbhóir ceadúnais as ligean do leanaí gan mhaoirsiú teacht isteach chuig a áitreabh nó a háitreabh, is féidir fíneáil a ghearradh ar ciontú achomair i gCúirt Dúiche. Is féidir le tuismitheoirí agus le caomhnóirí a fháil ciontach, freisin, faoin Acht, má fhaightear a leanaí in áitreabh ceadúnaithe gan mhaoirsiú. Murar féidir leis an tuismitheoir nó an caomhnóir a chruthú go raibh an leanbh ansin i ngan fhios dóibh nó gan cead uathu, is féidir leis no léi bheith faoi dhliteanas fhíneáil aicme E a íoc ar ciontú achomair.

Alcól a dhíol ar phraghsanna laghdaithe ‘Uair an Chloig an tSonais’

Ó Lúnasa 2003, tá sé mídhleathach in Éirinn alcól a dhíol ar phraghsanna laghdaithe ar feadh tréimhse theoranta le linn an lae. (I bhfriotal eile, tá toirmeasc anois ar ‘uair an chloig an tsonais’)

Ag ól in áit phoiblí

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994, is cion é go mbíonn tú chomh dona sin ar meisce in áit phoiblí gurbh fhéidir le réasún a mheas go bhféadfá díobháil a dhéanamh duit féin nó do dhuine ar bith mórthimpeall ort. Má fhaightear ciontach thú sa chion seo, d’fhéadfá bheith faoi dhliteanas fíneáil aicme E a íoc agus is féidir le ball den Gharda Síochána aon alcól a d'fhéadfadh bheith á iompar agat a ghabháil.

Tá sé mídhleathach go ndíolfaidh sealbhóir ceadúnais alcól i ngabhdán dúnta (i.e. i gcanna nó i mbuidéal) lena ól in áit eile laistigh de 100 méadar ón áitreabh. Má cheannaíonn tú alcól ar an mbealach seo, d’fhéadfá bheith faoi dhliteanas fhíneáil aicme E a íoc.

Cé nach ann do reachtaíocht náisúnta a chuireann cosc ar dhaoine a bheith ag ól in áit phoiblí, tá gach limistéar údaráis áitiúil i dteideal fodhlíthe a rith a chuireann toirmeasc ar ól alcóil in áit phoiblí. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil le faisnéis a fháil faoi na fodhlíthe seo atá i do limistéar.

Faoin Acht Deochanna Meisciúla, 2008, tá ag an nGarda Síochána an chumhacht alcól atá i seilbh linbh faoi 18 mbliana a ghabháil sa chás go gcreideann an Garda le réasún, go n-ólfaidh leanbh faoi 18 mbliana an t-alcól in áit phoiblí.

Ag tiomáint faoi thionchar alcóil

Faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2010, tá sé mídhleathach feithicil a thiomáint nó bheith i gceannas ar fheithicil má tá tú faoi thionchar alcóil. Is é an teorann reatha dleathach .50mg alcóil i ngach 100 milleagram fola le haghaidh tiománaithe ag a bhfuil taithí, agus .20mg i ngach 100 milleagram fola le haghaidh tiománaithe nua agus gairmiúla. Má sháraíonn tú an teorainn seo, d’fhéadfá bheith faoi dhliteanas ar ciontú achomair agus fíneáil aicme A a íoc nó téarma a chaitheamh sa phríosún nach faide ná 6 mhí. Is féidir leis an gcúirt an cinneadh a dhéanamh tú a chur faoi dhliteanas an dá ruda. Déanfar aon duine a fhaightear ag tiomáint thart an teorann dhlítiúil a dhícháiliú ó thiomáint. Braithfidh an tréimhse dhícháilithe go hiondúil ar mhéid an alcóil a óladh. Is féidir níos mó a léamh faoi chionta tiomána in Éirinn anseo.

Cárta Náisiúnta Aoise

Feidhmíonn an Garda Síochána (fórsa póilíní na hÉireann) scéim an Chárta Náisiúnta Aoise. Cruthaíonn na cártaí seo go bhfuil 18 mbliana ar a laghad slánaithe ag sealbhóir an chárta, ní cártaí aitheantais iad. Beidh ainm an tsealbhóra ar an gcárta, chomh maith lena d(h)áta breithe, grianghraf agus gné shlándála, ar nós holagraim. Is féidir leat ordú do Chárta ar líne ag agecard.ie. Cosnaíonn sé €10.

D’fhéadfaí fíneáil aicme C a ghearradh ar aon duine a fhaightear ciontach as na sonraí ar Chárta Aoise oifigiúil a bhrionnú nó a athrú nó d’fhéadfaí tréimhse príosúin nach sáraíonn 12 mhí a ghearradh orthu, nó an dá rud araon. D’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ar shealbhóirí ceadúnais a ligeann do dhaoine idir aois 18 agus 21 bliain bheith ina n-áitreabh gan aitheantas oiriúnach. (Áirítear le haitheantas oiriúnach Cárta Náisiúta Aoise, pas, ceadúnas tiomána nó cárta aitheantais a eisíonn Ballstáit den AE).

Page edited: 13 July 2016