Íomhánna dlúthphearsanta a roinnt gan toiliú

Réamhrá

Ón 9 Feabhra 2021i leith, tá dlíthe nua i bhfeidhm maidir le híomhánna dlúthphearsanta a roinnt gan toiliú an duine ata sna híomhánna. Má dhéanann tú íomhánna dlúthphearsanta a thaifeadadh, a dháileadh nó a fhoilsiú gan cead an duine atá le feiceáil sna híomhánna (ar a dtugtar ábhar na n-íomhánna uaireanta), tá tú ciontach i gcion.

Ag brath ar cad ata i gceist agat leis na híomhánna a roinnt, féadfaidh tú uasphianbhreith príosúin suas le 7 mbliana a bheith gearrtha ort. Tá cosaintí curtha i bhfeidhm chun a chinntiú nach ndéanfar dochar don íospartach líomhnaithe ná é/í a náiriú a thuilleadh le linn aon ionchúisimh.

Cad í íomhá dhlúthphearsanta?

Tá sainmhíniú ginearálta ar íomhánna dlúthphearsanta san Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhíobhálach agus Cionta Gaolmhara 2020, ar a dtugtar “Coco’s Law” freisin.

Cuimsíonn íomhánna dlúthphearsanta aon ghrianghraf nó físeán de:

•Baill ghiniúna, masa nó réigiún anasach duine (agus, i gcás na mban, a gcíocha)

•An fo-éadaí a chlúdaíonn na codanna seo den cholainn

•Duine nocht

•Duine ag gabháil d'aon chineál gníomhaíochta gnéis

Cionta

Tá 2 chion coiriúla ar leithligh ann maidir le híomhánna dlúthphearsanta a dhéanann díobháil a ghlacadh nó a roinnt. Is féidir go leor cineálacha díobhála a dhéanamh ach áirítear ann aon rud a chuireann isteach go mór ar shíocháin nó ar phríobháideacht an íospartaigh, nó a chuireann imní nó anacair air/uirthi.

1. Intinn díobháil a dhéanamh

Is é an chéad chion atá níos tromchúisí ná íomhá dhlúthphearsanta a dháileadh, a fhoilsiú nó bagairt a dhéanamh íomhá dhlúthphearsanta a dháileadh nó a fhoilsiú gan toiliú agus é i gceist ag an duine díobháil a dhéanamh nó a bheith meargánta i dtaobh díobháil a bheith déanta (fios a bheith agat ach gan é i gceist agat go ndéanfaí díobhála). Uaireanta tugtar pornagrafaíocht díoltais air seo.

Má chiontaítear tú sa chion seo, féadfar fíneáil aicme A nó uastéarma príosúin 12 mhí nó an dá rud a ghearradh ort sa Chúirt Dúiche. Is féidir leaganacha níos tromchúisí den chion a ionchúiseamh sa Chúirt Chuarda, mar shampla nuair a scaoiltear líon mór íomhánna dlúthphearsanta nó nuair a roinntear na híomhánna dlúthphearsanta go forleathan. Má chiontaítear tú sa chion seo sa Chúirt Chuarda, féadfar fíneáil neamhtheoranta nó uastéarma príosúin 7 mbliana nó an dá rud a ghearradh ort.

2. Gan intinn shonrach díobháil a dhéanamh

Is é an dara cion, nach bhfuil chomh tromchúiseach, íomhá dlúthphearsanta a thaifeadadh, a dháileadh nó a fhoilsiú gan toiliú fiú mura raibh rún sonrach ann díobháil a dhéanamh. Chlúdódh an cion seo cásanna mar shampla íomhánna pearsanta de dhuine nach bhfuil aithne agat air/uirthi a roinnt.

Mar shampla, b’fhéidir go bhfaighidh tú íomhá pearsanta de dhuine nach bhfuil aithne agat air i dteachtaireacht ar na meáin shóisialta. Má athfhoilsíonn tú an íomhá sin gan cead an duine, d’fhéadfaí go ndlífí tú faoi ionchúiseamh faoin gcion seo, fiú mura raibh sé ar intinn agat dochar a dhéanamh don duine atá san íomhá.

Má chiontaítear tú sa chion seo, féadfar fíneáil aicme A nó uastéarma príosúin 12 mhí nó an dá rud a ghearradh ort sa Chúirt Dúiche.

Ionchúiseamh i gcás leanaí

Ní féidir aon leanbh faoi 17 mbliana d’aois a ionchúiseamh faoin Acht ach amháin le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Cosaint bhreise d’íospartaighlíomhnaithe

Má ionchúisítear duine as na cionta coiriúla seo, tugtar anaithnideacht don íospartach líomhnaithe - ciallaíonn sé sin nach féidir é/í a ainmniú nó a aithint.

Mura gceadaíonn cúirt céannacht an íospartaigh líomhnaithe a fhoilsiú, féadfar aon duine a ainmníonn nó a fhoilsíonn aon fhaisnéis ar dóigh go n-aithneofar an t-íospartach líomhnaithe a ionchúiseamh i gcion coiriúil freisin.

Má fhaightear ciontach tú sa chion íospartach líomhnaithe a aithint, féadfar fíneáil aicme B nó uastéarma príosúin 12 mhí nó an dá rud a ghearradh ort sa Chúirt Dúiche. Má fhaightear ciontach tú sa chion seo sa Chúirt Chuarda, féadfar fíneáil neamhtheoranta nó téarma príosúin 3 bliana nó an dá rud a ghearradh ort.

Cé leis a ndéanfaidh meteagmháil?

Má chreideann tú go bhfuil íomhánna dlúthphearsanta á roinnt go neamhdhleathach, ba cheart duit é a thuairisciú do Gharda Síochána, an fórsa póilíneachta náisiúnta.

Garda Síochána

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
D08 HN3X
Éireann

Teil: 01 6660000; Garda Confidential: 1800 666 111
Láithreán Gréasáin: https://www.garda.ie/en/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Bealtaine 2021