Duine atá ar iarraidh a thuairisciú

Réamhrá

Tuairiscítear go leor daoine ar iarraidh gach bliain in Éirinn. I bhformhór na gcásanna, ní bhíonn coir i gceist nuair a théann duine ar iarraidh.

Féadfaidh duine fásta roghnú an baile a fhágáil gan é a rá le duine ar chúiseanna éagsúla:

•Chun éalú ó fhoréigean teaghlaigh

•Chun sos a thógáil amach mar go bhfuil siad ag streachailt leis an saol

•Toisc go bhfuil siad feargach nó trína chéile

•Toisc go mbraitheann siad nach bhfuil aon áit acu le dul chun cabhair a fháil

Féadfaidh tú duine a thuairisciú ar iarraidh mura féidir leat teagmháil a dhéanamh leo agus má tá imní ort faoina sábháilteacht nó a bhfolláine. Ní gá duit fanacht 24 uair an chloig sula ndéanfaidh tú tuairisc.

Conas duine atá ar iarraidh a thuairisciú

Tuairiscíonn tú go bhfuil duine ar iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis na Gardaí. Lorgóidh siad eolas uait faoin duine atá ar iarraidh, lena n-áirítear:

•Ainm iomlán

•Áit agus a ndáta breithe

•Cur síos ar an duine

•Sonraí faoi cá háit agus cathain a chonacthas an duine an uair dheireanach

•Liosta cairde, gaolta agus comhghleacaithe

•Liosta áiteanna a dtéann an duine go minic

•Sonraí bainc agus cárta creidmheasa

•Sonraí faoi na cógais a úsáideann an duine

•Sonraí faoi na cuntais meáin shóisialta a úsáideann an duine

•Uimhir fóin phóca an duine

Ba cheart duit grianghraf a tógadh le déanaí den duine atá ar iarraidh a thabhairt do na Gardaí - i bhformáid leictreonach más féidir.

Tá eolas ar Líne Chabhrach Náisiúnta na nDaoine atá ar Iarraidh faoi rudaí praiticiúla is féidir leat a dhéanamh chun duine atá ar iarraidh a lorg.

Cad a dhéanfaidh an Garda Síochána

Déanfaidh na Gardaí an leibhéal riosca a mheas agus cinnfidh siad an gníomh is fearr le déanamh. Tá cineálacha éagsúla cásanna daoine ar iarraidh agus d’fhéadfadh na Gardaí cabhair ó ghníomhaireachtaí eile, mar shampla FSS, foirne Tarrthála Sléibhe nó Cosaint Shibhialta nuair is gá,

Ba cheart duit a bheith ag súil go ndéanfar do thuairisc a imscrúdú ina hiomláine. Tosaíonn an t-imscrúdú a luaithe is a ndéanann tú tuairisc go bhfuil duine ar iarraidh.

Féadfaidh na Gardaí preasráiteas a eisiúint le sonraí an duine atá ar iarraidh má chreideann siad go gcuideoidh sé seo lena bhfiosrúcháin. Sa chás go bhfuil leanbh ar iarraidh agus má tá amhras ann go bhfuil fuadach i gceist, féadfaidh na Gardaí Foláireamh Tarrthála Leanaí a eisiúint.

Foláireamh Tarrthála Leanaí Éireann (Foláireamh CRI)

Úsáidtear Foláireamh Tarrthála Leanaí (pdf) chun an pobal a chur ar an eolas faoi fhuadach linbh agus chun achainí a dhéanamh ar chabhair. Tá sé bunaithe ar chomhaontú idir na Gardaí, na meáin (lena n-áirítear roinnt líonraí meáin shóisialta) agus craoltóirí agus tá sé ceaptha chun eolas faoi leanbh atá ar iarraidh a chur amach don phobal a luaithe is féidir. Féadfaidh na Gardaí Foláireamh CRI a eisiúint i gcás:

•Go bhfuil an leanbh faoi 18

•Go gcreidtear go réasúnta gur fuadaíodh an leanbh

•Go creidtear go réasúnta go bhfuil riosca láithreach agus tromchúiseach ann do shláinte agus d’fholláine an linbh

•Go bhfuil go leor eolais ann don phobal le go mbeidh siad in ann cabhrú leis na

Gardaí an leanbh a aimsiú

Eisíonn Preasoifig an Gharda Síochána nuashonruithe go minic ar fholáireamh CRI go dtí go gcuirtear an Foláireamh ar ceal.

Daoine ar iarraidh thar lear

Má bhíonn cara nó gaol ar iarraidh i dtír eile, ba cheart duit é a thuairisciú do na Gardaí fós. Féadfaidh na Gardaí an cás a thuairisciú do Interpol atá in ann cuardach do dhaoine atá ar iarraidh go hidirnáisiúnta a chomhordú.

Féadann ambasáid nó consalacht na hÉireann sa tír ina bhfacthas an duine an uair dheireanach tú a chur i dteagmháil le húdaráis agus le heagraíochtaí a chabhróidh le cuardach. Ní féidir leis a imscrúdú dhéanamh ná cuardach a reáchtáil. Tá na fórsaí póilíní áitiúla freagrach as seo.

Tá comhaontuithe AE agus idirnáisiúnta i bhfeidhm chun póilíneacht a chomhordú nuair a fhuadaítear leanbh agus nuair a thógtar thar lear é/í.

Tuilleadh eolais agus teagmhálacha

Tá sonraí faoi dhaoine fásta atá ar iarraidh ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána agus tá eolas ar Líonra Domhanda um Leanaí atá ar Iarraidh faoi leanaí atá ar iarraidh.

Is féidir leis an Líne Chabhrach Náisiúnta do Dhaoine atá ar Iarraidh comhairle agus tacaíocht a thabhairt. Glao ar 1890 442552.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta

Cearnóg Fhearchair

Baile Átha Cliath 2

D02 DH42

Teil: +353 1 666 9476

Láithreán Gréasáin: https://www.garda.ie/en/about-us/organised-serious-crime/garda-national-protective-services-bureau-gnpsb-/missing-persons-unit/missing-persons-unit.html

Rphost: missing_persons@garda.ie

Leathanach leasaithe: 22 Aibreáin 2021

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Aibreán 2021