Ní féidir cúiteamh a fháil ó na cúirteanna díreach má bhí duine i dtimpiste nó fiú gortaithe i dtimpiste. Ní mór go mbeadh sé soiléar go bhfuil an duine nó na daoine a bhfuil tú ag cur an dlí orthu freagrach as an timpiste agus as an ngortú a d'fhulaing tú.
D'fhéadfadh sé go bhfuil roinnt daoine ciontach as an timpiste, an t-éilitheoir ina measc. Sa chás sin, deanfaidh an chúirt an milleán a roinnt idir na daoine eagsúla atá i gceist. Mar shampla, tiománaí a gortaíodh i dtimpiste cairr ach nach raibh crios sabhálta dhá chaitheamh aige/aici, d'fhéadfadh an chúirt cinneadh a dhéanamh go bhfuil sé/sí féin 15% ciontach as an ngortú a d'fhulaing sé/sí féin. Mar thoradh, ní féidir leis an gcúirt ach 85% de luach an ghortaithe a thabhairt dó/dí mar chúiteamh.
Déanfar éileamh ar chúiteamh a bhriseadh ina dhá chuid;
Cúiteamh ar mhaithe le pian, fulaingt agus míchaothúlacht a thit ort agus a thitfidh ort de bharr na timpiste.
Déanfaidh an chúirt cinneadh maidir le méid na ndamáistí bunaithe ar chomh dona agus atá an gortú. Déanfar é seo tríd an bhfianaise leighis ar fad atá ós comhair na cúirte a mheas, tríd an bhfulaingt atá déanta cheana ag an éilitheoir a chur san áireamh chomh maith lena bhfuil le fulaingt sa todhchaí i.e., cé chomh fada agus cén fhulaingt a bheidh le déanamh ag an duine atá gortaithe.
Cúiteamh as na costais airgeadais a thit ar duine agus a thitfidh air/uirthi de bharr na timpiste. D'fhéadfadh sé go mbeadh costas an chairr a dheisiú san áireamh (más cuí), na costais leighis a thit ar an duine, aon chaillteanas pá de bharr nach raibh an duine in ann dul ag obair agus aon chostais eile a bhain le taisteal, cúnamh a fháil ag baile, & rl, a thit ar an éilitheoir.
D'fhéadfadh sé go mbeadh ar an éilitheoir admhálacha agus billí a chur ar fáil mar fhianaise ar na costais atá dhá éileamh agus mar sin tá sé tábhachtach cód a choinneáil le chuile bille agus admháil ann.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.