Measúnú Díobhálacha Pearsanta

An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (BMDP) a dhéileálann le héilimh um dhíobháil phearsanta. Ní mór gach éileamh díobhála pearsanta in Éirinn, cé is moite d’éilimh a bhaineann le faillí leighis, a chur faoi bhráid an BMDP.

Soláthraíonn an BMDP measúnú neamhspleách ar éilimh dhíobhálacha pearsanta ar chúiteamh i ndiaidh timpistí tráchta bóthair, ionaid oibre nó dliteanais phoiblí. Mura dteastaíonn ón duine atá freagrach as do ghortú (an freagróir) go ndéanfadh an BMDP d’éileamh ar chúiteamh a mheasúnú, féadfaidh tú d’éileamh a thabhairt chun na cúirte.

Ar an meán, déantar éilimh a dhéantar leis an BMDP a mheas laistigh de bhreis agus 9 mí ón uair a thoilíonn an freagróir go ndéanfadh an BMDP measúnú ar an éileamh.

Conas iarratas a dhéanamh ar an BMDP

Ba cheart duit an duine a bhfuil tú ag déanamh éileamh ina c(h)oinne (an freagróir) a chur ar an eolas laistigh de mhí amháin ó dháta an timpiste. Mura ndéanann tú é seo, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar d’éileamh ar chostais dlí má théann an cás chun na cúirte.

Chun éileamh díobhála pearsanta a dhéanamh chun cúiteamh a fháil, is féidir:

  • D’iarratas a chur isteach ar líne
  • Cuir d’iarratas isteach tríd an bpost chuig an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
  • Glaoigh ar ionad seirbhíse an BMDP ar 0818 829 121

Teastaíonn na nithe seo a leanas chun iarratas tríd an bpost a dhéanamh:

Ba cheart freisin admhálacha a sholáthar maidir le caillteanas airgeadais ar bith a tharla mar thoradh ar an timpiste, mar aon le doiciméadú ar bith eile a bhaineann leis an éileamh.

Má tá iarratas á dhéanamh ar son linbh (duine faoi bhun 18 mbliana d’aois) nó thar ceann duine a gortaíodh go marfach, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne nó tríd an bpost. Caithfear Foirm Iarratais maidir le Timpiste Mharfach (Foirm A) (pdf) a úsáid nuair a dhéantar éileamh ar son duine a gortaíodh go marfach.

An gá dom aturnae a fháil?

Ní gá duit aturnae a úsáid ach is féidir ceann a úsáid más mian leat.

Cionta

Is cion é faisnéis bhréagach a thabhairt i d’iarratas. Is féidir leis an BMDP an fhaisnéis seo a nochtadh do na Gardaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi éileamh a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an BMDP.

Conas a dhéantar éilimh a mheas?

Déantar éilimh a mheas leis an bhfianaise leighis a sholáthraíonn do dhochtúir agus, más gá, tuairisc a sholáthraíonn dochtúir neamhspleách arna cheapadh ag an BMDP. Cuirtear na gortuithe a baineadh duit agus do chúinsí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na damáistí atá dlite. Tá Ceisteanna Coitianta úsáideacha faoi éileamh díobhála pearsanta a dhéanamh curtha ar fáil ag an BMDP.

Níl sé de dhualgas ar an BMDP measúnú a dhéanamh ar éilimh áirithe agus sna cásanna sin, deonóidh sé údarú duit imeachtaí dlí a thionscnamh. Roimhe seo, ní dhearna an BMDP measúnachtaí ar éilimh ar ghortuithe síceolaíochta ach déanann sé anois.

Teorainneacha ama chun iarratas a dhéanamh

Faoin Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004 is é an teorainn ama le haghaidh éileamh ar chúiteamh ná 2 bhliain ó dháta na timpiste.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfidh tú an duine atá freagrach as do ghortú ar an eolas laistigh de mhí amháin ón timpiste. Ba cheart an duine a chur ar an eolas i scríbhinn (tríd an bpost cláraithe) ag tabhairt mionsonraí faoina bhfuil déanta acu. Tugann sé seo deis don duine, don chuideachta nó don eagraíocht d’éileamh a fhiosrú. Mura gcuireann tú an duine eile ar an eolas, féadfaidh sé cur isteach ar do chás níos déanaí má bhíonn ort dul chun na cúirte, agus b’fhéidir nach mbeidh tú in ann do chostais a aisghabháil.

Níl an freagróir sásta go bhfuil an BMDP chun measúnú a dhéanamh ar an gcás

Nuair a fhaigheann an BMDP d’iarratas ar chúiteamh, tabharfar uimhir iarratais duit. Ansin, cuirfidh an BMDP in iúl don duine atá freagrach as do ghortú (an freagróir), dar leat, faoi d’éileamh. Tá 90 lá ag an bhfreagróir chun ligean don BMDP measúnú a dhéanamh ar d’éileamh.

Má aontaíonn an freagróir leis seo, caithfidh sé/sí táille a íoc. Mura ndéanann an freagróir é seo, eiseoidh an BMDP Údarú duit. Is doiciméad dlíthiúil é seo a ligeann duit d’éileamh a thabhairt chuig na cúirteanna más mian leat.

Cad a tharlóidh mura n-aontaíonn an freagróir le méid an chúitimh?

Nuair a dhéanann an BMDP a mheasúnú, tá 28 lá ag an éilitheoir chun cinneadh a dhéanamh an dámhachtain a ghlacadh nó a dhiúltú. Má ghlacann an t-éilitheoir leis, ní mór dó/di é seo a chur i scríbhinn chuig an BMDP. Mura dtugann an t-éilitheoir freagra laistigh de 28 lá, glactar leis go bhfuil an measúnú diúltaithe aige/aici.

Tá 21 lá ag an bhfreagróir chun an measúnú a ghlacadh nó a dhiúltú. Mura dtugann an freagróir freagra laistigh den teorainn ama seo, glactar leis go bhfuil sé/sí tar éis glacadh leis an measúnú.

Má ghlacann an dá pháirtí leis an measúnú, eiseoidh an BMDP Ordú chun Íoc don fhreagróir. Má dhiúltaíonn an t-éilitheoir nó an freagróir don mheasúnú, eiseoidh an BMDP Údarú don éilitheoir a thugann cead an t-éileamh a thabhairt chun na cúirte.

Cad a tharlóidh mura n-aontaíonn mise ach go n-aontaíonn an freagróir?

Sa chás go n-aontaíonn an freagróir leis an measúnú ach nach ndéanann tusa (an t-éilitheoir) leis, tabharfaidh an BMDP Údarú duit chun d’éileamh a thabhairt chun na cúirte. Má dhámhann an chúirt méid níos ísle duit ná mar a dhámh an BMDP, de ghnáth beidh ort costais dlí an fhreagróra chomh maith le do chostais féin a íoc.

Timpiste mhótair le tiománaí gan árachas nó le tiománaí anaithnid

Má tá d’éileamh in aghaidh tiománaí nach raibh árachas aige, nó a d’fhág an láthair gan a s(h)onraí a thabhairt, ba cheart duit dul i dteagmháil le Biúró Árachóirí Mótar na hÉireann sula ndéanann tú d’éileamh ar an BMDP.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi éileamh a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar éileamh ar shuíomh gréasáin an BMDP.

Méideanna cúitimh

Tá na treoirmhéideanna do chúiteamh i leith gortuithe ar leith leagtha amach sna Treoirlínte um Dhíobhálacha Pearsanta (pdf). Is féidir leis an BMDP imeacht ó na Treoirlínte um Dhíobhálacha Pearsanta ach ní mór dó na cúiseanna atá leis sin a mhíniú.

Mura n-aontaíonn an freagróir le measúnú ag an BMDP, nó má dhiúltaíonn ceachtar den dá pháirtí do dhámhachtain an BMDP, is féidir an t-éileamh a chur chuig na cúirteanna.

Aisghabháil leasa shóisialaigh

Faoin Scéim Aisghabhála Sochar agus Cúnamh Áirithe, is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí luach íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a bhaineann le tinneas a ghnóthú ó dhámhachtainí cúitimh. Aisghabhtar na sochair ón gcúititheoir agus ní ón duine gortaithe.

Cás a thabhairt chun cúirte

Is féidir do chás a chur faoi bhráid na cúirte sna cásanna seo a leanas:

  • Ní an freagróir sásta go bhfuil an BMDP chun measúnú a dhéanamh ar an éileamh
  • Ní aontaíonn an freagróir le méid an chúitimh
  • Ní aontaíonn tusa (an t-éilitheoir) le méid an chúitimh
  • Ní éiríonn leis an bhfreagróir an méid cúitimh comhaontaithe a íoc

Tugann an BMDP Údarú don éilitheoir chun an cás a thabhairt chun cúirte Ba cheart duit comhairle dlí a fháil sula dtógfaidh tú cás chun na cúirte

Costais dlí

I gcásanna sibhialta de ghnáth, bronnann an chúirt costais don duine a bhuann an cás. Ciallaíonn sé seo go n-ordóidh an chúirt don fhreagróir do tháillí dlí a íoc más rud é go n-éiríonn le do chás. I gcásanna díobhálacha pearsanta, áfach, tá roinnt eisceachtaí ann.

Go ginearálta, íocfaidh tusa costais an fhreagróra fiú má bhuann tú an cás más rud é gur thug tusa an cás chun na cúirte toisc nár aontaigh tú le méid an chúitimh a dhámh an BMDP, agus

  • Aontaíonn an freagróir le méid an chúitimh
  • Má dhámhann an chúirt méid níos lú ná an méid sin

Is féidir go n-ordófar duit costais a íoc más rud é nár chomhlíon tú iarratais ón BMDP. Mar shampla, más rud é nár thug tú faisnéis a bhí á lorg don BMDP, nó murar fhreastail tú ar scrúdú leighis arna eagrú ag an BMDP.

Murar chuir tú in iúl don fhreagróir go raibh sé ar intinn agat cás díobhálacha pearsanta a thógáil laistigh de mhí amháin ón timpiste, d’fhéadfadh sé seo tionchar a bheith aige freisin ar d’éileamh ar chostais dlí.

Táillí don BMDP

Is é an táille chun iarratas a dhéanamh chuig an BMDP ar chúiteamh díobhála pearsanta ná:

  • €45 ar iarratais a chuirtear isteach ar líne
  • €90 le haghaidh foirmeacha éilimh a chuirtear isteach tríd an bpost nó tríd an ríomhphost

Má dhéantar éileamh i do choinne agus má aontaíonn tú cead a thabhairt don BMDP measúnú a dhéanamh ar an éileamh, ní mór duit táille €1050 a íoc.

Tuilleadh eolais

Má tá ceist ar bith eile agat faoi éileamh a dhéanamh chuig an BMDP nó faoin bpróiseas iarratais, déan teagmháil leis an BMDP:

Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta

Bosca O.P. 8
Cloich na Coillte
Corcaigh
Éire
P85 YH98

Teil: 0818 829121
Facs: 0818 829 122
Láithreán Gréasáin: https://www.piab.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Iúil 2023