Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann

Réamhrá

Comhlacht reachtúil nua é Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (ÚRCÉ) a bheidh freagrach as ceadúnú agus rialáil seirbhísí cearrbhachais in Éirinn. Beidh ÚRCÉ neamhspleách i dtabhairt faoina fheidhmeanna.

Níor bunaíodh ÚRCÉ go fóill. Díreoidh an rialálaí nua ar shábháilteacht agus folláine phoiblí, pléifidh sé le cearrbhachas ar líne agus i bpearsan, agus beidh cumhachtaí aige le fógraíocht, cearrbhachas, láithreáin ghréasáin, agus aipeanna a rialáil.

Bunaítear ceadúnú agus rialáil cearrbhachais in Éirinn faoi láthair ar roinnt píosaí reachtaíochta. Déanfaidh an reachtaíocht nua, a bhunóidh ÚRCÉ, dlíthe reachtaíocht reatha a aisghairm agus an cur chuige a chuíchóiriú i leith ceadúnú agus rialáil cearrbhachais in Éirinn.

Ní chumhdófar an Crannchur Náisiúnta ag an reachtaíocht nua agus rialófar ar leithligh é.

Baill ÚRCÉ

Beidh seachtar ball in ÚRCÉ, Cathaoirleach a cheapfar ina measc, a mbeidh an taithí ábhartha aige/aici ar cheisteanna gaolmhara, an méid seo a leanas ina measc:

  • Cúrsaí dlíthiúla nó comhlíonadh i suíomh rialaithe
  • Gníomhaíochtaí cearrbhachais
  • Gnóthaí tomhaltóirí
  • Paiteolaíocht agus cóir a chur andúil, go háirithe andúil sa chearrbhachas
  • Teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide
  • Seirbhísí airgeadais, iniúchadh agus cleachtas fóiréinseach cuntasaíochta ina measc

Beidh líon nach lú ná 3 fhear agus líon nach lú ná 3 bhean i measc na mball. Ceapfaidh an tAire Dlí agus Cirt na baill tar éis comórtas a chuirfidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar bun.

Feidhmeanna ÚRCÉ

Beidh réimse fairsing feidhmeanna ag ÚRCÉ, an méid seo a leanas ina measc:

  • Soláthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí cearrbhachais, iad siúd ar líne agus i bpearsan araon, a rialáil
  • Cosaintí a fhorbairt le tomhaltóirí a chosaint ó chearrbhachas fadhbach, Clár Náisiúnta Eisiaimh Cearrbhachais agus Ciste Tionchair Shóisialta a bhunú san áireamh chun taighde, oiliúint, agus oideachas ar andúil sa chearrbhachas a mhaoiniú
  • Ceadúnú seirbhísí agus gníomhaíochtaí cearrbhachais, clár a choimeád ar gach oibreoir ceadúnaithe agus táillí ceadúnais a dheimhniú san áireamh
  • Comhlíonadh ag soláthraithe cearrbhachais a chinntiú, agus srianta a chur ar fhógraíocht agus urraíocht, tairseach reachtúil san áireamh a chuireann cosc ar fhógraíocht cearrbhachais idir 5.30am agus 9.00pm ar an teilifís, an raidió nó sna meáin chlosamhairc ar éileamh
  • Gearáin faoi sholáthraithe cearrbhachais a fháil, a imscrúdú agus dul i ngleic leo
  • Comhlíonadh an Achta um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta), 2010 a chinntiú, agus dul i ngleic le gníomhaíochtaí sciúrtha airgid i gcomhthéacs seirbhísí cearrbhachais
  • An tAire Dlí agus Cirt a choimeád ar an eolas ar fhorbairtí a bhaineann le seirbhísí cearrbhachais a rialáil agus a cheadúnú agus moltaí a dhéanamh ar bheartais
  • Feasacht phoiblí a chur chun cinn agus eolas a scaipeadh ar an bpobal faoi rialáil agus ceadúnú gníomhaíochtaí cearrbhachais

Saghsanna ceadúnais chearrbhachais

Déanfaidh ÚRCÉ maoirseacht ar thrí shaghas ceadúnas a thabhairt isteach don ghealltóireacht i bpearsan agus ar líne nó chianda araon:

  1. Cluichíocht Gnólachta le Tomhaltóir, Ceadúnais Gealltóireachta agus Crannchuir
  2. Ceadúnais Gnólachta le Gnólacht
  3. Ceadúnais cearrbhachais ar Chúiseanna Carthanacha

Cathain a bhunófar ÚRCÉ?

Tagann an comhlacht rialála nua faoi shainchúram na Roinne Dlí agus Cirt. Deimhníodh i mBuiséad 2023 gur leithdháileadh €3.3 billiún in 2023 ar an Roinn Dlí agus Cirt, lena n-áirítear cistiú don rialálaí cearrbhachais nua.

An Bille um Rialáil Cearrbhachais, 2022

Dréacht den dlí nua a bheartaítear é an Bille um Rialáil Cearrbhachais, 2022 (pdf) a bhunóidh ÚRCÉ. Foilsíodh seo i mí na Nollag 2022. Tá an Bille ag gabhail trí na céimeanna éagsúla reachtaíochta a theastaíonn chun go ndéanfar dlí de. Is féidir leat dul chun cinn an Bhille a fheiceáil ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais.

Bhunaigh an Roinn Dlí agus Cirt Bord Cláir lena chinntiú go gcuirtear an reachtaíocht agus na hullmhúcháin oibríochtúla chun cinn ag an am céanna chun gur féidir le ÚRCÉ oibríochtaí a thosú a luaithe agus is féidir, a luaithe a dhéantar dlí den Bhille.

Tá súil leis go mbunófar ÚRCÉ agus go mbeidh sé i mbun oibre in 2023.

Cabhair maidir le cearrbhachas fadhbach

Tá seirbhísí cóireála andúile ar fáil a bhfuil roghanna éagsúla acu, ag brath ar do riachtanais. D’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt liosta sonraí teagmhála freisin do Sheirbhísí seachtracha Tacaíochta Cearrbhachais Fhadhbaigh (pdf).

Teagmháil

Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann

Bishops Square
Baile Átha Cliath 2

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2023