Anseo atá tú: Baile > Dlí > Gasúir agus Ógchiontóirí > Láimhseáil amhrasáin linbh i gcoinneáil na nGardaí

Print Page Send to a Friend

Láimhseáil amhrasáin linbh i gcoinneáil na nGardaí

Eolas

Chun críocha an dlí choiriúil in Éirinn is leanbh aon duine atá faoi 18 mbliana d’aois. Os rud é go meastar leanaí a bheith leochaileach de dheasca a n-aoise agus a leibhéal aibíochta, tá forálacha speisialta curtha ar fáil ag an dlí a chosnaíonn cearta pearsanta na n-amhrasán linbh agus iad á gcoinneáil i staisiúin Ghardaí. Cuireann na dlithe seo dualgais nó oibleagáidí speisialta ar na Gardaí agus iad ag déileáil le hamhrasáin linbh agus iad i stáisiún Gardaí. Cé gurb é príomhról na nGardaí coireacht a fhiosrú agus cearta an phobail a chosaint, cuimsíonn na hoibleagáidí seo cóireáil ceart na n-amhrasán atá á gcoinneáil i stáisiúin Ghardaí, go háirithe amhrasáin linbh.

Déileálann Cuid 6 den Acht um Leanaí 2001 go sainiúil le láimhseáil amhrasán linbh agus iad i stáisiúin Ghardaí. Faoi Alt 129 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, a leasaigh an tAcht um Leanaí 2001, ní féidir leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois a ghabháil agus a choinneáil i stáisiún Gardaí murar ceann de na cionta seo a leanas an cion:

  • Dúnmharú
  • Dúnorgain
  • Éigniú
  • Tromionsaí gnéis

In aon chás eile ina bhfuil cúis réasúnta ag Garda a chreidiúint go bhfuil cion déanta ag leanbh faoi 12 bhliain d’aois tá oibleagáid ar an nGarda an leanbh a thabhairt chuig tuismitheoirí nó gairdiain an linbh.

Rialacha

Scaradh leanaí ó dhaoine fásta i stáisiúin Ghardaí

Nuair a choinnítear leanbh i stáisiún Gardaí tá sé de dhualgas ar an nGarda atá i mbun an stáisiúin a chinntiú nach ligtear don leanbh, chomh fada agus is féidir, bualadh le nó caidreamh a bheith acu le hamhrasáin fhásta atá á gcoinneáil sa stáisiún ag an am céanna. De ghnáth, ní choinnítear leanaí i gcillín ach amháin sa chás nach bhfuil aon chóiríocht slán nó daingean eile ar fáil. Cé go bhfuil áiseanna curtha i leataobh go sainiúil d’amhrasáin linbh i stáisiúin Ghardaí nua-aoiseacha, tá a lán stáisiún Gardaí ar fud na hÉireann nach bhfuil áiseanna ar bith iontu d’amhrasáin linbh.

Fógra le tabhairt do leanbh

Nuair a thugtar amhrasán linbh chuig stáisiún Gardaí, is é dualgas an Gharda atá i mbun a insint don leanbh gan mhoill ar bhealach a thuigfidh an leanbh:

  • Mionsonraí na coireachta as a bhfuil an leanbh á choinneáil
  • Go bhfuil sé/sí i dteideal comhairle a fháil ó aturnae agus
  • Gur cuireadh tuismitheoirí/gairdian an linbh ar an eolas.

Murar féidir teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí/gairdian, nó má dhiúltaíonn siad glan teacht chuig an stáisiún Gardaí, caithfear a chur in iúl don leanbh gur féidir leis/léi gaol fásta eile nó duine fásta eile a ainmniú chun cúrsaí a chur in iúl dóibh. Tá oibleagáid ar aon duine mar sin (tuismitheoir, gairdian nó duine ainmnithe eile) teacht i láthair ag an stáisiún Gardaí gan mhoill.

Ag cur aturnae an linbh ar an eolas

Nuair a deir leanbh atá á choinneáil gur mhaith leis aturnae, tá oibleagáid ar an nGarda atá i mbun aturnae a fhaisnéisiú a luaithe agus is féidir. Mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an aturnae nó mura bhfuil an t-aturnae toilteanach nó in ann teacht, caithfear a chur in iúl don leanbh agus deis a thabhairt don leanbh aturnae eile a iarraidh. Caithfidh na Gardaí an t-aturnae seo a fhaisnéisiú. Má iarrann an leanbh aturnae ach gan aithne aige/aici ar aturnae nó mura n-ainmníonn an leanbh aturnae go sainiúil, tugann an Garda atá i mbun ainm roinnt aturnaetha atá sásta teacht chuig an stáisiún Gardaí don leanbh.

Baineann an ceart aturnae a iarraidh leis na tuismitheoirí nó gairdiain nó gaol eile chomh maith. Tá na daoine seo go léir i dteideal aturnae a iarraidh ar son an linbh.

Agallaimh a dhéanamh le leanaí i stáisiúin Ghardaí

Forálann Alt 61 d’Acht na Leanaí 2001 nach féidir agallamh a dhéanamh le leanbh ach i bhfianaise a t(h)uismitheoir nó a g(h)airdian. I gcásanna, áfach, ina gcreideann na Gardaí go mbeadh ceann de na féidearthachtaí seo ann dá mbeadh moill ar amhrasán linbh a cheistiú

  • Contúirt bháis nó ghortaithe
  • Mórchaillteanas nó díobháil do mhaoin
  • Scrios nó cur isteach ar fhianaise
  • Éalú comhchoirithe

is féidir leis an nGarda i mbun an stáisiuin ceistiú an linbh nó tógáil ráitis scríofa a údarú in éagmais tuismitheora nó gairdiain. Ní gnáthchleachtas é seo, áfach, agus caithfidh imthosca an-olca a bheith ann sula gceadódh an Garda i mbun é.

Is féidir leis an nGarda atá i mbun duine fásta a ordú amach le linn ceistithe amhrasáin linbh nó le linn tógáil ráitis scríofa, más amhlaidh:

  • Gur íobartach an chiona atá á fhiosrú an tuismitheoir nó gairdian, nó gur gabhadh iad maidir leis an gcion sin
  • Go bhfuil amhras ar an nGarda atá i mbun go raibh an tuismitheoir nó an gairdian bainteach sa chion, nó
  • Go gcreideann an Garda atá i mbun gur dócha go dtoirmiscfeadh an tuismitheoir nó an gairdian cúrsa an cheartais dá mbeidís i láthair le linn an agallaimh leis an leanbh nó le linn ráiteas scríofa a thógáil ón leanbh.

Faisnéisiú nuair a chiontaítear tuismitheoirí/gairdian i gcion

Nuair a chinneann na Gardaí leanbh a chiontú sa chion a bhfuil an leanbh á choinneáil faoi, cúisítear é ar dhuilleog na gcúiseamh. Is doiciméad é duilleog na gcúiseamh a bhfuil mionsonraí an chiona ann, ainm an Gharda atá ag cúiseamh agus ainm an duine atá á chiontú. I ndiaidh chiontú an linbh sa chion, tugtar cóip de dhuilleog na gcúiseamh do na tuismitheoirí nó don ghairdian atá i láthair. Cinntíonn an Garda atá i mbun an stáisiúin go dtugtar sonraí an ama, an dáta agus áit chéad láithris an linbh sa chúirt do na tuismitheoirí nó don ghairdian a luaithe agus is féidir. Caithfear a chur in iúl do na tuismitheoirí nó don ghairdian go bhfuil oibleagáid orthu a bheith i láthair ag an gcúirt chomh maith.

Nuair nach bhfuil tuismitheoirí nó gairdian an linbh i láthair ag an stáisiún Gardaí nuair a chúisítear an leanbh caithfidh an Garda atá i mbun a chinntiú go dtugtar cóip de dhuilleog na gcúiseamh, agus mionsonraí an ama, an dáta agus na háite a mbeidh céad láithreas an linbh sa chúirt do na tuismitheoirí nó don ghairdian a luaithe agus is féidir. Caithfear a chur in iúl dóibh ainm aon duine fásta a bhí i láthair ag an stáisiún Gardaí ar éileamh an linbh agus ainm agus seoladh aon aturnae a thug cuairt ar an leanbh le linn dó a bheith ar coimeád sa stáisiún Gardaí.

Toghairmeacha

B’fhéidir go gcinneodh na Gardaí toghairm a thabhairt do leanbh a bheith i láthair sa chúirt maidir le cion líomhanta. (Déantar é seo don chuid is mó i gcúiseanna nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna a bhaineann le mionchoireachtaí). I dtosca den sórt sin, is féidir tuismitheoirí nó gairdian an linbh a ainmniú ar an toghairm agus má ainmnítear iad, tá riachtanas orthu a bheith i láthair ag suí na cúirte atá sainráite sa toghairm.

Scaoileadh saor ar bannaí ag comhalta den Gharda Síochána

Nuair a dhéantar cinneadh leanbh a chúiseamh i gcion coiriúil, is féidir leis an nGarda atá i mbun an stáisiúin a ordú go dtabharfaí an leanbh os comhair an chéad suí atá ar fáil de Cúirt na Leanaí. B’fhéidir go mbeadh ar an leanbh fanacht i gcoimeád na nGardaí go dtí an mhaidin dar gcionn. Mar mhalairt air sin, is féidir leis an nGarda atá i mbun an leanbh a scaoileadh saor ó choimeád ar bannaí le bheith i láthair ag suí de Chúirt na Leanaí taobh istigh de 30 lá. Déantar é seo trí cheangal ar an leanbh dul i gcúirtbhanna gan nó le slándáil le teacht i láthair ag an gcúirt ag am éigin san am atá le teacht. (Is móid nó gealltanas é cúirtbhanna a dhéanann agus a shíníonn an leanbh agus/nó tuismitheoirí nó gairdian an linbh go dtiocfaidh an leanbh chun na cúirte ar an lá a iarradh).

B’fhéidir go ndéanfaí an cúirtbhanna le slándáil ceangailte leis. Is é sin, chomh maith leis an ngealltanas teacht i láthair ag an gcúirt, ráthaítear suim airgid lena chinntiú go dtiocfaidh an leanbh i láthair ag an gcúirt. Mura dtiocfaidh an leanbh caillfear an t-airgead agus íocfar leis an Stát é. Cé gur gealltanas airgid atá ann slándáil, tá cead ag an nGarda atá i mbun glacadh le suim airgid in airgead reatha ó thuismitheoirí nó ó ghairdian lena chinntiú go dtiocfaidh an leanbh i láthair ag an gcúirt. Tugtar an t-airgead ar ais nuair a dhéileálfar leis an an gcás sa deireadh nó nuair a chinneann breitheamh ar théarmaí na mbannaí a laghdú nó a athrú.

Tá tuilleadh faisnéise ar iarmhairtí téarmaí na mbannaí a shárú ar fáil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bannaí agus Urra
    Tá cur síos anseo ar bhannaí agus ar urraí.
  • Coinneáil tar éis gabhála
    Tá cur síos anseo ar an dlí a bhaineann le duine a choinneáil tar éis é/í a ghabháil.
  • Leanaí agus cearta in Éirinn
    Tugann an doiciméad seo eolas ar chearta an linbh i réimsí éagsúla lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, taisteal, áineas, sláinte agus caidrimh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.