Má íocann tú cíos do thiarna talún as leas cóiríochta nó maoine is tionónta dá réir sin tú. Éiríonn do chearta agus d'fhreagrachtaí dlíthiúla as dlí na dtiarnaí talún/dtionóntaí i dteannta aon chomhaontú tionóntachta nó léasa idir tusa agus do thiarna talún.
Is í an phríomhreachtaíocht a rialaíonn na cearta agus na hoibleagáidí seo an reachtaíocht a leagtar síos sna hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967–1994 agus in Acht na dTionóntachtaí Cónaithe (pdf). Is forbhreathnú é an méid seo a leanas ar do chearta, dualgais agus oibleagáidí mar thionónta.
Ní féidir léasanna nó comhaontuithe tionóntachta eile baint de do chearta faoi Acht na dTionóntachtaí Cónaithe 2004. Is féidir leatsa agus do thiarna talún aontú ar ábhair nach bpléitear leo san Acht, ámh. Ba cheart duit tabhairt faoi deara nach bhfeidhmíonn forálacha Acht na dTionóntachtaí Cónaithe ach do thithíocht phríomhshrutha á ligean ar cíos agus go gclúdaíonn dlíthe éagsúla tionóntaí na n-údarás áitiúil. Is féidir lear tuilleadh a fhoghlaim faoi tionóntachtaí na n-údarás áitiúil anseo agus faoi chearta agus oibleagáidí do thiarna talún anseo.
Má íocann tú cáin ioncaim, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann faoiseamh cánach a fháil ar chuid den chíos sin. Tá rialacha speisialta i bhfeidhm muna bhfuil cónaí ar do thiarna talún in Éirinn. Faigh tuilleadh eolais inár ndoiciméad 'Faoiseamh cánach do thionóntaí'.
Tá an ceart ar dhaingneacht tionachta agat i dtimthriallta ceithre bliana faoi Chuid 4 den Acht um Thionóntachtaí Cónaitheacha 2004. Tugtar tionóntacht den Chuid 4 ar thionóntacht ar a ndéantar ráthaíocht sa dóigh seo. Má tá sé ar intinn agat leas a bhaint as cosaint faoi Chuid 4 den Acht um Thionóntachtaí Cónaitheacha 2004 (m.sh. le fanacht san áitreabh le suas le ceithre bliana) ba chóir duit seo a chur in iúl i scríbhinn do do thiarna talún idir 3 mhí agus 1 mhí roimh dhul as feidhm do thionóntachta ar théarma seasta nó an chomhaontaithe léasa. Is féidir leat a thuilleadh a léamh faoi chineáil tionóntachtaí anseo.
Ní mór duit
Ba chóir duit tabhairt faoi deara go mb’fhéidir go mbeadh sé níba
dheacra do chearta a mhaíomh má bhris tú coinníollacha do
thionóntachta.
Má bhraitheann tú go bhfuiltear ag sárú do chearta mar thionónta, is amhlaidh a bhíonn roinnt modhanna sásaimh agat.
Déanann ár ndoiciméad ar dhíospóidí a réiteach cur síos ar cad is féidir leat a dhéanamh.
Soláthraíonn Threshold faisnéis agus comhairle saor in aisce do dhaoine le fadhbanna tithíochta.
I gcás na ndíospóidí maidir le comhaontuithe tionóntachta príobháidí, féadann tú do chás-sa a thabhairt os comhair an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha a sholáthraíonn seirbhís réitigh díospóide don earnáil phríobháideach cíosa.
Má bhraitheann tú gur sáraíodh do chearta mar thionónta údaráis áitiúil, ba cheart duit dul i dteagmháil le Rannóg Tithíochta d’údaráis áitiúil.
Mura mbíonn do thiarna talún ag cothabháil na maoine do na caighdeáin
chuí, is féidir leat dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil (Bíonn na
húdaráis áitiúla freagrach as caighdeáin san earnáil phríobháideach
cíosa agus i dtithíocht an údaráis áitiúil).
Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie
8 Cé an Athair Maitiú
Corcaigh
Éire
Teil:(021) 427 8848
Facs:(021) 480 5111
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advicecork@threshold.ie
3 Plás Victoria
Bóthar na gCeannaithe
Gaillimh
Éire
Teil:(091) 563 080
Facs:(091) 569 273
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: thresholdgalway@eircom.net
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.