Caitheann tiarnaí talún in Éirinn nósanna imeachta faoi leith a leanúint sula n–iarrtar ort cóiríocht ar cíos a fhágáil. Braitheann a éasca agus ar féidir do thiarna talún tú a dhíshealbhú ar an gcineál tionóntachta a bhíonn agat, agus ar an bhfad agus atá tú i do chónaí sa chóiríocht.
Cumhdaíonn an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (pdf) mórchuid na dtionóntachtaí cónaithe príobháideacha. Ciallaíonn tionóntacht chónaithe phríobháideach tionóntacht a n-aontaítear uirthi go príobháideach idir tiarna talún agus tionónta. . Ní chumhdaíonn an reachtaíocht seo na tionóntaí a bhíonn ag íoc cíosa d'údarás áitiúil nó d'eagras tithíochta sóisialta (m.sh. eagras tithíochta deonaí, nó lóistín do mhic léinn á ligean ag institiúid aitheanta oideachasúil). Féach Fógra Fágála agus Díshealbhaithe i gcomhair tuilleadh faisnéise faoi chearta thionóntaí údarás áitiúil.
Má cháilíonn tú don Fhorlíonadh Cíosa, is dóichí go mbíonn tú ag íoc cíosa do thiarna talún príobháideach, ionas go mbeifeá cumhdaithe ag na rialacha seo.
Féadann roinnt suíomh a bheith ann mar a theastaíonn ón tiarna talún go bhfágfadh tionónta. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na suímh seo faoi ‘Tionóntacht a fhoirceannadh thíos.
Caitheann do thiarna talún fógra a thabhairt duit i gcónaí nuair a iarrtar ort cóiríocht a fhágáil. (Léigh tuilleadh faoi 'Fad an Fhógra' agus 'Fógra foirceanta' thíos.) Is féidir le tiarnaí talún a iarraidh ar thionóntaí maoin a fhágáil gan fáth a thabhairt i rith na chéad sé mhí de thionóntacht. Féadann tiarnaí talún tionóntacht a fhoirceannadh a mhair idir sé mhí agus ceithre bliana (tionóntacht Chuid 4) sna cúinsí seo a leanas:
Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má dhíshealbhaíonn tiarna talún tú ar fháth faoi leith agus nach ndéanann siad de réir a mbriathair (m.sh. a dhul ina gcónaí inti é nó í féin), is féidir leatsa eisean nó ise a thuairisciú don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Fiosróidh an BTCP d’éileamh agus glacfaidh tuilleadh gnímh de réir mar is cuí.
Braitheann fad an fhógra ar fhad na tionóntachta.
| Fad na tionóntachta | Fógra ón tiarna talún |
| Níos lú ná 6 mhí | 4 seachtaine (28 lá) |
| Ó 6 mhí go bliain | 5 seachtaine (35 lá) |
| 1 – 2 bhliain | 6 seachtaine (42 lá) |
| 2 – 3 bliana | 8 seachtaine (56 lá) |
| 3 – 4 bliana | 12 seachtain (84 lá) |
| 4 bliana nó níos mó | 12 seachtain (Ó Meán Fómhair 2008, 16 seachtain (112 lá)) |
Féadann tiarnaí talún fógra níos lú a thabhairt mura mbíonn na tionóntaí ag cloí lena n-oibleagáidí (28 lá) nó má bhíonn iompar tromchúiseach frithshóisialta ann (7 lá). Áirítear leis an iompar frithshóisialta foréigean, bagairtí nó imeaglú chomh maith le haon iompar seasmhach a chuireann isteach ar chomharsana.
Mura n-íocfá do chíos gheofá tú fógra scríofa ó do thiarna talún faoin méid aige ort. Mura mbeifeá an cíos íoctha agat 14 lá tar éis an fógra scríofa, b’fhéidir go mbeadh fógra foirceanta seirbheáilte.
Is féidir le tiarnaí talún agus tionóntaí aontú ar thréimhsí níos giorra ach ní féidir leo déanamh amhlaidh ach faoin am a chinneann siad an tionóntacht a chríochnú. Tá sé mídhleathach aontú ar thréimhse níos giorra ag tús na tionóntachta. Is féidir le tiarnaí talún agus tionóntaí aontú ar thréimhsí níos faide fógra, ach is é 70 lá an t-uasfhad nuair a mhair an tionóntacht ní ba lú ná sé mhí.
Má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh túní foláir dó fógra foirceanta a sheirbheáil ort. Chun is go mbeadh an fógra foirceanta bailíní foláir dó
Is féidir an fógra a chur sa phost chugat, a thabhairt ar láimh chugat féin go pearsanta nó a fhágáil leat ag an láthair féin. Tá an BTCP tar éis sampla den bhfógra críochnaithe (pdf) a fhoilsiú, a fholaíonn na pointí seo go léir.
Má choinníonn do thiarna talún amach trí ghlas a chur faoin gcóiríocht nó má dhíshealbhaíonn go fisiciúil tú, d’fhéadfá tú a bheith in ann cur isteach ar thoghairm chun iallach a chur ar an tiarna talún tú a ligean ar ais sa mhaoin nó féadann tú iarratas a dhéanamh don BTCP déanamh amhlaidh ar do shonsa. Mar shamhail de sin, má ghearrann do thiarna talún an nasc uisce, an gás nó an leictreachas, is féidir leat caingean dlí a thabhairt chun an soláthar a athchur. Pé cás a bhíonn ann, is céim mhór í seo agus ba cheart duit comhairle agus cúnamh dlíthiúil a fháil sula dtéann tú ar aghaidh.
Ní féidir le do thiarna talún do shealúchas bhaint de d’árasán nó teach in uireasa ordú cúirte. Má tá do thiarna talún a dhul tú a thabhairt os comhair na cúirte, ba cheart duit comhairle faoi do shuíomh a fháil ó Threshold, Lárionad Eolais do Shaoránaigh nó ó dhlíodóir.
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie
Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.