Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh

Réamhrá

Cuidíonn an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh (CCC) le ceannaitheoirí céaduaire teach nó árasán nuathógtha a cheannach. Baineann sé freisin le tithe féintógála aonuaire. Ní bhaineann sé ach le réadmhaoin a chosnaíonn €500,000 nó níos lú.

Cuireann an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh aisíocaíocht na cánach ioncaim agus na Cánacha Coinneála ar Ús Taisce (DIRT) ar fáil a d’íoc tú in Éirinn sna 4 bliana cánach roimhe sin.

Méadaíodh an Scéim CCC i mí Iúil 2020. Tugtar an Scéim um Chúnamh Breise chun Ceannaigh ar an méadú seo. Beidh an Scéim um Chúnamh Breise chun Ceannaigh ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2022. Féach ‘Rátaí’ thíos le haghaidh eolais ar an Scéim um Chúnamh Breise chun Ceannaigh.

An gcáilím don Scéim um Chúnamhchun Ceannaigh?

Caithfidh ceannaitheoir céaduaire a bheith ionat

Más ceannaitheoir céaduaire thú a cheannaíonn nó a fhéintógann réadmhaoin nua chónaithe idir an 19 Iúil 2016 agus an 31 Nollaig 2022, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal aisíocaíocht cáin ioncaim agus DIRT a íocadh le 4 bliana cánach anuas a éileamh. Ní féidir leat faoiseamh ar ÁSPC nó MSU a éileamh.

Má tá an réadmhaoin á ceannach (nó á féintógáil) agat le duine eile, caithfidh gur ceannaitheoir céaduaire iad freisin. Ní cháileoidh tú má cheannaigh nó má thóg tú réadmhaoin roimhe seo, i d’aonar nó i gcomhpháirt le haon duine eile, fiú má tá tú scartha nó colscartha anois ón duine sin. Ní cháileoidh tú má bhí áit chónaithe agat thar lear.

Ní bhaineann an scéim ach le réadmhaoin a cheannaítear nó a thógtar mar theach an cheannaitheora céaduaire. Níl sé ar fáil le haghaidh réadmhaoin infheistíochta. Ní cháilíonn ceannaitheoirí airgid thirim. Má fuair tú réadmhaoin le hoidhreacht nó má tugadh bronntanas réadmhaoine duit, ní dhéanfaidh sé difear d'incháilitheacht.

Do mhorgáiste

Caithfidh tú morgáiste ar a laghad 70% den mhéid seo a leanas a fháil:

  • Praghas ceannaigh na réadmhaoine má tá d’áit chónaithe nuathógtha á ceannach agat
  • An luacháil atá ceadaithe ag an soláthraí morgáiste, má tá d’áit chónaithe á tógáil agat

Tugtar an cóimheas idir an iasacht agus an luach air seo.

Ceadaítear duit ráthóir a bheith agat don iasacht. Is éard is ráthóir ann ná duine a aontaíonn go bhfuil an fhreagracht air/uirthi as do mhorgáiste a íoc mura n-íocann tú é nó mura féidir leat é a íoc, mar shampla, tuismitheoir nó neasghaol.

D’áit chónaithe nua

Caithfidh réadmhaoin nua chónaithe a bheith sa réadmhaoin a cheannaíonn tú nó a thógann tú.

Má tá áit chónaithe nua á ceannach agat, caithfidh go gcosnaíonn sé €500,000 nó níos lú.

Má tá d’áit chónaithe á tógáil agat, ní mór don luacháil fhaofa a dhéantar ar d’áit chónaithe a bheith €500,000 nó níos lú. Déanann do sholáthraí morgáiste an luacháil ar d’áit chónaithe féinthógtha a cheadú. Is í an luacháil ná luacháil na réadmhaoine ag an am a iontráiltear morgáiste agus cuirtear costas an láithreáin san áireamh.

Caithfidh tú cónaí sa réadmhaoin ar feadh 5 bliana ón dáta is féidir cónaí ann.

Má tá d’áit chónaithe nua á ceannach agat, ní mór don chonraitheoir nó don fhorbróir óna gceannaíonn tú é a bheith ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Má tá d’áit chónaithe féin á tógáil agat, beidh aturnae uait (atá cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim mar ‘cheadaitheoir HTB’) chun d’éileamh ar CCC a fhíorú.

Riachtanais chánach

Má íocann tú cáin trí ÍMAT, ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh sheirbhís ar líne moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim. Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

I ngach cás, ní mór duit a bheith lánchomhlíontach ó thaobh cánach de ar feadh na 4 bliana díreach roimh d’éileamh.

Mura bhfuil sé sin déanta agat cheana féin, beidh ort Foirm 12 (ÍMAT) agus Foirm 11 (féinmheasúnaithe) a líonadh ar líne do gach ceann de na 4 bliana sin. Ní mór duit aon chánacha nár íocadh atá dlite a íoc freisin.

Rátaí

An Scéim um Chúnamh Breise chun Ceannaigh

Méadaíodh an t-uasfhaoiseamh a bhí ar fáil go sealadach an 23 Iúil 2020. Leathnaíodh an méadú sin i mbuiséid ina dhiaidh sin agus beidh feidhm ag an bhfaoiseamh méadaithe anois go dtí an 31 Nollaig 2022.

Má shíníonn tú conradh le haghaidh teach nua, nó má tharraingíonn tú morgáiste féintógála anuas, idir an 23 Iúil 2020 agus an 31 Nollaig 2022, tá tú incháilithe don fhaoiseamh méadaithe.

Is féidir leat faoiseamh a éileamh ar pé ceann is lú den mhéid seo a leanas:

  • €30,000
  • 10% de phraghas ceannaigh réadmhaoine nuathógtha
  • 10% de luach ceadaithe réadmhaoin féintógála
  • An méid cáin ioncaim agus DIRT a d'íoc tú do na 4 bliana roimhe sin

Is í an íocaíocht uasta ná €30,000 in aghaidh na réadmhaoine incháilithe faoin bhfaoiseamh breise. Tá feidhm ag an teorainn seo is cuma cé mhéad duine a dhéanann conradh chun an réadmhaoin a cheannach.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoin Scéim um Chúnamh Breise chun Ceannaigh ar Revenue.ie.

Fanann coinníollacha eile na scéime mar a chéile.

 
Praghas ceannaigh nó luacháil An 1 Eanáir 2017 go dtí an 23 Nollaig 2020 An 23 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2022
A mhéid le €500,000 Faoiseamh a mhéid le 5% den phraghas ceannaigh nó €20,000 Faoiseamh a mhéid le 10% den phraghas ceannaigh, nó 10% den luacháil cheadaithe, nó €30,000
Níos mó ná €500,000 Faoiseamh ar bith Faoiseamh ar bith

Conas iarratas a dhéanamh

Tá 3 chéim sa phróiseas iarratais ar líne:

  1. Céim an iarratais
  2. Céim an éilimh
  3. Céim an fhíoraithe

Céim an iarratais

Más fostaí ÍMAT amháin thú, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh trí sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Beidh teacht ag teastáil uait freisin ar M’Fhiosrúcháin, modh slán chun comhfhreagras a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

  • Más úsáideoir gnó ROS tú, is féidir leat teacht ar M’Fhiosruithe ó do scáileán Mo Sheirbhísí faoi ‘Seirbhísí Eile’.
  • Más fostaí ÍMAT amháin thú, is féidir leat teacht ar M’Fhiosruithe trí moChúrsaí.

Má tá tú comhlíontach ó thaobh cánach de, formheasfar d’iarratas agus tabharfar achoimre duit ar an uasmhéid is féidir leat a éileamh.

Céim an éilimh

Nuair a bheidh d’iarratas ceadaithe is féidir leat d’éileamh a dhéanamh trí ROS nó MoChúrsaí a úsáid. Beidh ort cáipéisí a sholáthar faoi do mhorgáiste agus sonraí faoin réadmhaoin a dheimhniú ag an gcéim seo.

Céim an fhíoraithe

Déanann fíoraitheoir incháilithe an fhaisnéis a chuir tú ar fáil a fhíorú. Seo é an conraitheoir má tá áit chónaithe nua á ceannach agat, nó d’aturnae má tá d’áit chónaithe á tógáil agat.

Féadfaidh tú sonraí iomlána an phróisis a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim

Conas a fhaighim aisíocaíocht?

Má cheannaíonn tú foirgneamh nua, íoctar an aisíocaíocht go díreach leis an tógálaí. Má dhéanann tú féintógáil ar an réadmhaoin, íoctar an aisíocaíocht le cuntas bainc atá agat le do sholáthraí iasachta.

Eolas breise

Is féidir níos mó a léamh faoin Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh agus faoi conas iarratas a dhéanamh ar revenue.ie. Is féidir leat Treoir Achomair (pdf) na gCoimisinéirí Ioncaim a léamh freisin chun teacht ar shonraí iomlána ar an bpróiseas CCC.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Iúil 2022