Socruithe malartacha aisíocaíochta do dhaoine a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu

Cad is socrú malartach aisíocaíochta ann?

Má tá deacracht agat an morgáiste ar do theach a íoc, féadfaidh d'iasachtóir socrú malartach aisíocaíochta a thairiscint duit. Le socruithe malartacha aisíocaíochta, cuirfear bealaí éagsúla ar fáil duit chun do mhorgáiste a íoc má tá tú i gcruachás airgeadais. Mar shampla, b’fhéidir nach n-íocfaidh tú ach an t-ús ar an morgáiste ar feadh tamaill, nó d’fhéadfá téarma do mhorgáiste a shíneadh chun d’aisíocaíochtaí a laghdú. Is minic a thugtar athstruchtúrú morgáiste ar na socruithe seo. Féadfaidh na socruithe atá ar fáil ó d’iasachtóir a bheith ina gcuid den Phróiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (MARP), nó lasmuigh de.

Féachfaidh d’iasachtóir ar do chúinsí pearsanta agus roghnófar socrú malartach aisíocaíochta atá oiriúnach agus inbhuanaithe duit, de réir d’iasachtóra. Mura dtairgeann d’iasachtóir socrú malartach aisíocaíochta duit, nó mura féidir libh teacht ar réiteach dá leithéid sin, seans go mbeidh ort breithniú a dhéanamh ar roghanna eile, e.g. an teach a dhíol nó é a ghéilleadh don iasachtóir.

Cad ba cheart dom a mheas má thairgtear socrú aisíocaíochta eile dom?

Ba cheart breithniú a dhéanamh ar inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht an tsocraithe atá á thairiscint duit. Beidh conradh morgáiste nua le síniú agus beidh tú faoi cheangal ag a théarmaí ar feadh thréimhse an chomhaontaithe.

An bhfuil an socrú malartach aisíocaíochta ar m’acmhainn?

Agus measúnú á dhéanamh ar acmhainneacht na n-aisíocaíochtaí beartaithe, ba cheart na rudaí seo a leanas a chur san áireamh:

  • Do ghlanioncam míosúil reatha
  • Do chuid eisíocaíochtaí míosúla reatha go léir
  • An glanioncam indiúscartha a bheidh fágtha agat chun an morgáiste a íoc
  • Cé mhéad is fiú do shócmhainní
  • Fiacha ar bith eile atá agat
  • Más socrú gearrthéarmach an socrú malartach aisíocaíochta, cibé an mbeidh tú in ann na haisíocaíochtaí níos airde a íoc nuair a thagann deireadh leis an socrú malartach aisíocaíochta

Tá uirlisí buiséadaithe um airgeadas teaghlaigh ag formhór na n-iasachtóirí ar a suíomhanna gréasáin a chabhróidh leat a fháil amach an bhfuil an socrú atá á thairiscint ar d’acmhainn. Tá uirlis bhuiséid ag an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid agus tá áireamhán um chostais mhaireachtála réasúnta ag Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann chun cabhrú leat leis seo. Má tá do shocrú mar chuid den Phróiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste, beidh tú tar éis Ráiteas Caighdeánach Airgeadais (pdf) a chomhlánú do d'iasachtóir. Is féidir é seo a úsáid chun d’ioncam agus eisíocaíochtaí a athbhreithniú.

Cé chomh hinbhuanaithe is atá an socrú atá á thairiscint dom?

Chun measúnú a dhéanamh ar cibé an féidir leat na híocaíochtaí a dhéanamh don téarma atá fágtha den mhorgáiste, ní mór duit breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • Rudaí a d'fhéadfadh athrú i do chúinsí pearsanta
  • An bhféadfadh athruithe seachtracha cur isteach ar do chumas aisíocaíochtaí a dhéanamh?

Tá sé deacair an todhchaí a thuar. Ach is féidir athruithe áirithe a mheas, mar shampla, cén méadú sa ráta úis a d’fhéadfá a sheasamh?

Déan do mhachnamh ar na nithe seo a leanas:

  • D’ioncam reatha agus d’ioncam amach anseo.
  • Do chaiteachas reatha agus do chaiteachas amach anseo.
  • D’aois agus do chéim sa saol. Mar shampla, seans go bhfuil cúram leanaí ag teastáil ó do leanaí anois nó b’fhéidir go mbeidh tacaíocht ag teastáil uathu chun dul chuig an gcoláiste amach anseo.
  • Rátaí úis amach anseo agus luach do shócmhainní amach anseo.
  • An seans go bhfaighidh tú oidhreachtaí nó cnapshuimeanna eile amach anseo.

áireamhán athraithe ráta morgáiste ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) chun cabhrú leat le seo a oibriú amach.

Cad iad na socruithe malartacha aisíocaíochta is féidir a thairiscint dom?

Féadfaidh iasachtóirí socruithe malartacha aisíocaíochta a thairiscint atá beagán éagsúil óna chéile. Tá socruithe malartacha aisíocaíochta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ann. Baineann tréimhse shonrach le socruithe gearrthéarmacha agus rachaidh siad in éag. Mar shampla, socrú úis amháin le haghaidh 6 mhí. Féadfaidh socruithe fadtéarmacha a bheith i bhfeidhm ar feadh théarma iomlán an mhorgáiste nó d’fhéadfaidís téarma an mhorgáiste a shíneadh. Seo thíos roinnt samplaí de shocruithe malartacha aisíocaíochta:

Íocaíocht a iarchur ar bhonn sealadach

Is éard atá i gceist leis seo ná nuair a chuirtear íocaíochtaí siar ar feadh tréimhse comhaontaithe ama. De ghnáth, is socrú gearrthéarmach é seo chun brú airgeadais láithreach a mhaolú. Tugtar sos íocaíochta nó moratóir air seo freisin.

Aistriú chuig morgáiste úis amháin nó athraigh an tslí a n-íoctar ús

Ciallaíonn sé seo nach n-íoctar ach an t-ús atá dlite ar an iasacht agus ní íoctar an caipiteal ar feadh tréimhse áirithe ama. D’fhéadfaí rogha úis amháin a thairiscint duit ar feadh tréimhse níos lú nó ní mó ná bliain amháin.

I gcásanna áirithe, féadfar socrú atá níos lú ná an rogha úis amháin a thairiscint duit ar feadh tréimhse ghearr. Tairgtear é seo uaireanta má tá na haisíocaíochtaí úis amháin thar acmhainn an duine. Is féidir an difríocht idir an méid níos ísle seo agus an méid aisíocaíocht úis amháin a chur le d’iarmhéid morgáiste nuair a rachaidh an socrú malartach aisíocaíochta in éag.

D’fhéadfaí rogha aisíocaíochta seasta a thairiscint duit freisin. Is é seo nuair a íocann duine níos mó ná an t-ús amháin, ach níos lú ná an aisíocaíocht iomlán (caipitil agus ús), ar feadh tréimhse sheasta. Ciallaíonn sé seo go n-íocann tú ús agus roinnt caipitil i leith do mhorgáiste.

Níl aon cheann de na socruithe aisíocaíochta malartacha gearrthéarmacha seo go léir oiriúnach ach amháin sa chás go gceapann tú go mbeidh tú in ann filleadh ar na haisíocaíochtaí iomlána caipitil agus úis íoc go luath amach anseo.

Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse úis amháin, déanfaidh an t-iasachtóir d’aisíocaíochtaí morgáiste a athríomh, bunaithe ar an téarma atá fágtha agus iarmhéid an mhorgáiste atá fós le híoc. Ciallaíonn sé seo go dtiocfaidh méadú ar do chuid aisíocaíochtaí toisc go bhfuil téarma níos giorra ann anois chun iarmhéid an mhorgáiste a aisíoc. Má thairgtear rogha fhadtéarmach úis amháin duit, seans go mbeidh ort do mhaoin a dhíol chun iarmhéid an mhorgáiste a íoc nuair a rachaidh téarma an mhorgáiste in éag.

Téarma an mhorgáiste a shíneadh

Ciallaíonn sé seo go gcuirtear síneadh ama le téarma do mhorgáiste. Mar sin, íocann tú méid níos lú gach mí toisc go bhfuil na haisíocaíochtaí roinnte anois thar thréimhse níos faide. Méadóidh costas do chreidmheasa má shíneann tú téarma do mhorgáiste mar tógfaidh sé níos faide anois do mhorgáiste a íoc ina iomláine. Is ionann costas creidmheasa agus an difríocht idir an méid a gheobhaidh tú ar iasacht agus an méid iomlán a aisíocfaidh tú, ús san áireamh.

Má tá tú ag smaoineamh ar do mhorgáiste a shíneadh tá roinnt rudaí ar cheart duit smaoineamh orthu, lena n-áirítear:

  • Cén aois a bheidh agat nuair a rachaidh an morgáiste in éag?
  • An bhfuil aois scoir éigeantach agat, nó an féidir leat leanúint ag obair thar aois scoir?
  • Má théann tú ar scor sula n-íoctar an morgáiste, an mbeidh tú in ann leanúint ar aghaidh ag íoc an mhorgáiste as do phinsean/ioncam eile?
  • An dtuigeann tú go soiléir cad a tharlóidh mar gheall ar an téarma athbhreithnithe? Cé go bhfuil tú ag íoc méid níos lú gach mí, méadóidh costas do chreidmheasa thar théarma sínte an mhorgáiste.

Riaráistí agus ús a chaipitliú

Cuireann an socrú seo na riaráistí leis an iarmhéid morgáiste atá fós le híoc. Íoctar iarmhéid méadaithe an mhorgáiste ansin thar an téarma atá fágtha den mhorgáiste. Seans go méadóidh sé seo d’íocaíochtaí míosúla. Féadfar an socrú seo a chomhcheangal le síneadh téarma ionas go mbeidh d’íocaíochtaí míosúla níos lú.

Morgáistí scoilte

Mura bhfuil tú in ann d’íocaíochtaí reatha morgáiste a íoc, ach d’fhéadfadh feabhas teacht ar do chúinsí amach anseo, seans go dtairgfear morgáiste scoilte duit. Roinneann socrú morgáiste scoilte an morgáiste ina dhá chuid. Déantar aisíocaíochtaí comhaontaithe ar an gcéad chuid den mhorgáiste agus déantar an dara cuid a stórasú nó a chur ar leataobh le híoc ag dáta níos déanaí. D’fhéadfadh roinnt iasachtóirí cuid den iasacht stórasaithe a dhíscríobh, cuireann iasachtóirí eile ús leis an gcuid stórasaithe den mhorgáiste agus ní chuireann iasachtóirí eile. Is é príomhaidhm mhorgáiste scoilte ná ligean do dhaoine fanacht ina dtithe teaghlaigh.

Má thairgtear morgáiste scoilte duit, ba cheart breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • Cén céatadán de chnapshuim ar bith a gheobhaidh tú amach anseo a chaithfear a íoc i leith na coda d'iasacht ar a ndearnadh stórasú? Mar shampla, má fhaigheann tú oidhreacht nó bónas.
  • Cad a tharlaíonn nuair a shroicheann an iasacht an dáta a bhfuil sé sceidealaithe í a íoc ina hiomláine? An gcaithfidh tú an réadmhaoin a dhíol chun iarmhéid an mhorgáiste gan íoc a aisíoc? Nó an gcoimeádfaidh tú ceart tionachta, nuair nach n-aisghabhfar na fiacha atá gan íoc go dtí go mbeidh tú tar éis bás a fháil?

Laghdú ar an méid caipitil

D’fhéadfadh go n-aontóidh do bhanc an méid iomlán gan íoc ar do mhorgáiste a laghdú.

Socruithe malartacha aisíocaíochta agus do mhorgáiste

Go ginearálta, ní féidir iarraidh ort athrú ó mhorgáiste rianúcháin reatha go morgáiste de chineál eile. Ach má cheapann an t-iasachtóir go bhfuil ráta úis an mhorgáiste rianúcháin mí-oiriúnach agus neamh-inbhuanaithe duit, féadfaidh sé socrú eile a thairiscint a bhaineann le hathrú ó mhorgáiste rianúcháin go morgáiste de chineál eile. Ní féidir le d’iasachtóir é seo a dhéanamh ach amháin má tá an socrú nua inacmhainne agus inbhuanaithe san fhadtéarma.

Ní bhaineann teorainneacha iasachta an Bhainc Ceannais maidir le morgáistí le hathstruchtúrú morgáistí.

Socruithe trialacha

Féadfaidh roinnt iasachtóirí socrú trialach a cheadú sula ndéantar socrú foirmiúil fadtéarmach. I gcásanna áirithe, leasóidh an togra téarmaí do bhunchonartha, rud a chruthóidh conradh nua. I gcásanna eile, b’fhéidir go n-iarrfar ort conradh iomlán nua a dhéanamh le d’iasachtóir.

Socruithe malartacha aisíocaíochta faoin MARP

Má tá socrú malartach aisíocaíochta á thairiscint duit faoin bPróiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (MARP), caithfidh go bhfaighidh tú na rudaí seo a leanas i gcónaí:

Míniú soiléir i scríbhinn maidir le conas a oibríonn an socrú aisíocaíochta malartach

  • An méid aisíocaíochta nua atá beartaithe
  • Téarma an tsocraithe
  • An tionchar ar théarma an mhorgáiste
  • An t-iarmhéid gan íoc
  • Na riaráistí reatha
  • Eolas faoin gcaoi a gcuirfear ús i bhfeidhm ar chuntas d’iasachta morgáiste mar thoradh ar an socrú seo
  • Eolas faoin gcaoi a ndéanfar an socrú a thuairisciú do Bhiúró Creidmheasa na hÉireann agus an tionchar ina dhiaidh sin ar do thaifead creidmheasa
  • Eolas faoi do cheart achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an iasachtóra, lena n-áirítear conas achomharc a chur isteach

Ní mór a rá leat freisin comhairle neamhspleách a fháil maidir leis an togra. Mar chuid den tSeirbhís Faisnéise agus Comhairle um Riaráistí Morgáiste, íocfaidh d'iasachtóir €250 as seisiún comhairliúcháin idir tú féin agus do rogha cuntasóir. Is féidir teacht ar liosta de chuntasóirí rannpháirteacha ar MABS.ie. Tá An Scéim ‘Abhaile’ painéal cuntasóirí ar leith (pdf)painéal cuntasóirí (pdf)ag an scéim Abhaile freisin a sholáthraíonn comhairle airgeadais saor in aisce.

Cad iad na roghanna eile atá agam?

Mura dtairgeann d’iasachtóir socrú malartach aisíocaíochta duit, nó mura féidir libh teacht ar réiteach dá leithéid sin, seans go mbeidh ort breithniú a dhéanamh ar roghanna eile. Caithfidh d’iasachtóir tú a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na roghanna atá ar fáil duit. Féadfaidh na roghanna seo a leanas a bheith san áireamh:

  • Géilleadh toilteanach
  • Trádáil síos
  • Morgáiste go cíos
  • Díolachán toilteanach

Ní mór impleachtaí gach rogha a chur in iúl duit, chomh maith le cad a tharlóidh d’fhiachas ar bith atá fós gan íoc. Caithfidh d’iasachtóir tú a chur ar an eolas i scríbhinn freisin go bhfuil tú lasmuigh den MARP anois, agus go bhféadfaidh imeachtaí athshealbhúcháin tosú 3 mhí ó dháta eisithe an litir nó 8 mí ón dáta a d’eascair do riaráistí, cibé dáta is déanaí. Caithfidh go n-inseofaí duit faoi do roghanna dócmhainneachta pearsanta, a thábhachtaí atá sé comhairle neamhspleách a ghlacadh agus do cheart chun achomharc nó gearán a dhéanamh.

B’fhéidir go mbeidh tú in ann comhairle agus tacaíocht a fháil freisin faoin Scéim ‘Abhaile’

An réadmhaoin a ghéilleadh go toilteanach

Géilleann tú an réadmhaoin do d’iasachtóir. Má dhíoltar an réadmhaoin le haghaidh níos lú ná an t-iarmhéid morgáiste gan íoc, tá an t-iarmhéid fós le híoc agat. Beidh ort socrú aisíocaíochta a chomhaontú le d’iasachtóir chun déileáil leis an méid airgid seo.

Morgáistí um thrádáil síos

Seans go mbeidh tú in ann do réadmhaoin a dhíol agus réadmhaoin nua níos saoire a cheannach. D’fhéadfadh go bhféadfaí cothromas diúltach a chur leis an iasacht agus é a dhaingniú ar an réadmhaoin nua.

Morgáiste go cíos

Faoin scéim náisiúnta morgáiste go cíos, féadfaidh daoine a bhfuil deacrachtaí acu a morgáistí a íoc le hiasachtóirí príobháideacha aistriú ó chás ina bhfuil siad ina n-úinéirí ar an teach go cás inar féidir leo an teach a thógáil ar cíos mar thionóntaí sóisialta. Má ghlactar leis an rogha morgáiste go cíos, ní leatsa do theach a thuilleadh ná ní bheidh aon leas airgeadais agat ann.

An réadmhaoin a dhíol go toilteanach

Is féidir an réadmhaoin a dhíol tú féin. Má dhíoltar an réadmhaoin le haghaidh méid níos lú ná an t-iarmhéid morgáiste gan íoc, tá an t-iarmhéid fós le híoc agat. Beidh ort socrú aisíocaíochta a chomhaontú le d’iasachtóir chun déileáil leis an méid airgid seo.

Comhshocraíochtaí Dócmhainneachta Pearsanta agus féimheacht

Mura féidir leat féin agus d’iasachtóir teacht ar chomhaontú maidir le do mhorgáiste a mhodhnú nó a athstruchtúrú, is féidir breithniú a dhéanamh ar Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta (CDS) a fháil. Faoi CDS, déantar measúnú ar do chuid fiachais go léir, do mhorgáiste san áireamh, agus déantar plean comhaontaithe chun do chreidiúnaithe a aisíoc. Caithfear go nglacfaí leis an CDS ag cruinniú creidiúnaithe (ag tromlach cáilithe na gcreidiúnaithe). Má tá deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais agat, tá féimheacht ina rogha agat freisin.

An féidir liom achomharc nó gearán a dhéanamh?

Má dhiúltaítear socrú malartach aisíocaíochta duit, nó má dhiúltaíonn tusa don socrú atá á thairiscint, is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig Bord Achomhairc d’iasachtóra. Ní mór an t-achomharc a chinneadh laistigh de 40 lá gnó ón dáta a fhaightear é. Caithfidh an t-iasachtóir scríobh chugat laistigh de 5 lá gnó uaidh seo, chun cinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl duit agus chun téarmaí tairisceana ar bith atá á cur ar fáil a mhíniú duit.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar láimhseáil an t-iasachtóir do chás, is féidir gearán a dhéanamh leis an iasachtóir faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 de chuid an Bhainc Ceannais.

Mura bhfuil tú sásta le toradh achomhairc nó gearáin, is féidir é a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023