Creidmheas cánach ús morgáiste

Cad is creidmheas nó faoiseamh cánach ús morgáiste ann?

Is faoiseamh cánach é creidmheas cánach nó faoiseamh ús morgáiste atá bunaithe ar an méid ús morgáiste cáilitheach a íocann tú i mbliain chánach do do theach.

Chun cáiliú do chreidmheas cánach ar aisíocaíochtaí ús morgáiste, ní mór duit ús a bheith íoctha agat ar airgead a fuair tú ar iasacht chun do phhríomháit chónaithe a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú.

Creidmheas cánach ús morgáiste nua

I mBuiséad 2024, d’fhógair an Rialtas creidmheas cánach ús morgáiste sealadach nua (MITC). Ní bhaineann an MITC seo ach le 2023 agus tugadh isteach é faoin Acht Airgeadais 2023.

Cad a bhí sa scéim faoisimh ús morgáiste roimhe seo?

Bhí scéim faoisimh ús morgáiste ann roimhe seo a tháinig chun críche ar 1 Eanáir 2021. Ní raibh morgáistí a tógadh amach tar éis 31 Nollaig 2012 incháilithe don fhaoiseamh ús morgáiste seo. Chun faisnéis a fháil faoin scéim faoisimh ús morgáiste seo roimhe seo féach revenue.ie.

Cad í an scéim creidmheasa cánach ús morgáiste nua?

Fógraíodh creidmheas cánach ús morgáiste sealadach nua i mBuiséad 2024 d’úinéirí tí áirithe. Ní bhaineann an creidmheas cánach seo ach le measúnuithe cánach don bhliain 2023.

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis faoin gcreidmheas cánach ús morgáiste seo, lena n-áirítear samplaí den chaoi a bhfuil feidhm aige i gcásanna éagsúla.

An gcáilím don chreidmheas cánach ús morgáiste nua?

Chun cáiliú don chreidmheas cánach ús morgáiste seo ní mór duit coinníollacha áirithe a chomhlíonadh agus an creidmheas a éileamh i do thuairisceán cánach don bhliain 2023.

D’iasacht morgáiste

  • Ní mór go raibh iarmhéid morgáiste gan íoc agat idir €80,000 agus €500,000 ar 31 Nollaig 2022
  • Ní mór d’iasacht a bheith le hiasachtóir cáilitheach. Is iasachtóir cáilitheach iasachtóir atá liostaithe mar sholáthraí faisnéise creidmheasa ag Banc Ceannais na hÉireann.
  • Ní mór ús a bheith íoctha agat ar an iasacht in 2022 agus 2023
  • Caithfidh an t-ús ar an iasacht a bheith méadaithe ó 2022 go 2023

Do mhaoin

  • Caithfidh an mhaoin a bheith sa Stát
  • Ní mór duit d’oibleagáidí Cánach Maoine Áitiúil agus aon cheanglais cead pleanála a chomhlíonadh
  • Ba cheart gurb é d’áit chónaithe aonair nó phríomháit chónaithe í an mhaoin, nó maoin chónaithe a úsáideann tú féin, do chéile nó do pháirtnéir sibhialta le gur féidir leat freastal ar obair

D’fhéadfá a bheith in ann an creidmheas a éileamh freisin má tá an t-ús morgáiste á íoc agat ar iasacht cháilitheach don phríomháit chónaithe phríobháideach seo a leanas:

  • D’iarchéile nó iarpháirtnéir sibhialta
  • Gaol cleithiúnach nach n-íocann cíos leat

Is ionann gaol cleithiúnach agus tusa, nó do chéile nó do pháirtnéir sibhialta:

  • Máthair atå baintreach, athair atå baintreach nó tuismitheoir atá ina pháirtnéir sibhialta marthanach
  • Gaol nach bhfuil in ann aire a thabhairt dóibh féin de bharr seanaoise nó tinnis

Tá sainmhíniú iomlán ar ghaol cleithiúnaí le fáil san Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Cé mhéad atá ar an gcreidmheas cánach ús morgáiste nua?

Féadfaidh tú creidmheas cánach ús morgáiste a fháil ar an ús méadaithe a d’íoc tú ar do mhorgáiste in 2023 i gcomparáid leis an méid a d’íoc tú in 2022. Is ionann an creidmheas cánach agus 20% den mhéadú, is é sin an ráta caighdeánach cánach ioncaim. Tá teorainn de €1,250 ar an gcreidmheas.

Mura raibh íocaíochtaí ús morgáiste agat ar feadh bliana iomlán in 2022 nó 2023, cuirfear an creidmheas agus an teorainn i bhfeidhm ar bhonn pro-rata.

Níl ach creidmheas amháin ar fáil in aghaidh na maoine.

Conas a éilím an creidmheas cánach ús morgáiste?

Beidh tú in ann an creidmheas cánach seo a éileamh trí thuairisceán cánach ioncaim don bhliain 2023 a dhéanamh ag úsáid MoChuntas na gCoimisinéirí Ioncaim nó seirbhísí ROS.

Ba cheart go mbeadh an áis chun an creidmheas seo a éileamh ar fáil faoi mhí Feabhra 2024.

Beidh rogha ‘creidmheas cánach ús mhorgáiste’ ar an leathanach creidmheasanna cánach nuair a chomhlánóidh tú do thuairisceán cánach ioncaim don bhliain 2023.

Cad iad na doiciméid a bheidh ag teastáil uaim chun an creidmheas a éileamh?

Chun an MITC a éileamh, beidh ort na doiciméid seo a leanas a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus do thuairisceán cánach 2023 á dhéanamh agat:

  • Do dheimhniú ús morgáiste don bhliain 2022
  • Do dheimhniú ús morgáiste don bhliain 2023
  • Daingniú iarmhéid do mhorgáiste amhail an 31 Nollaig 2022

Beidh tú in ann na doiciméid seo a uaslódáil ar líne trí úsáid a bhaint as MoChuntas nó seirbhísí ROS na gCoimisinéirí Ioncaim.

Léigh treoir na gCoimisinéirí Ioncaim ar an MITC chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas a bheidh tú in ann an creidmheas a éileamh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Eanáir 2024