Iompar frithshóisialta agus riaráistí cíosa i dtithíocht shóisialta

Cad is iompraíocht fhrithshóisialta i dtithíocht shóisialta ann?

Is éard atá i gceist le hiompraíocht fhrithshóisialta i dtithíocht shóisialta ná a bheith páirteach i mangaireacht drugaí nó in iompar ar bith a d’fhéadfadh contúirt, gortú nó damáiste a dhéanamh do dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar, nó eagla a chur orthu, mar shampla, trí fhoréigean, bagairtí, imeaglú nó ciapadh. Tá cumhachtaí sonracha díshealbhaithe ag údaráis áitiúla duine ar bith atá ag gabháil d’iompraíocht fhrithshóisialta a dhíshealbhú.

Cad a tharlóidh má tá duine éigin i mo theaghlach ag gabháil d'iompraíocht fhrithshóisialta?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar ordú eisiata i gcoinne duine de do theaghlach atá i mbun iompraíocht fhrithshóisialta. Is ordú dlíthiúil é ordú eisiata a chuireann cosc ar dhuine dul in áit ar leith nó teagmháil a dhéanamh le duine ar leith. Féadfaidh an t-ordú:

  • Duine a choinnigh amach as teach ar leith nó as eastát iomlán
  • Cosc a chur ar dhuine imeaglú, ciapadh nó cur isteach a dhéanamh ort nó ar dhuine ar bith eile

D’fhéadfadh sé a bheith deacair é seo a dhéanamh más íospartach iompraíochta fhrithshóisialta tú. Mar sin, is féidir leis an údarás áitiúil nó an comhlacht ceadaithe tithíochta iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche chun ordú eisiata a fháil i gcoinne ball ar bith de do theaghlach atá ag gabháil d’iompraíocht fhrithshóisialta.

Cad is iarmhairtí na hiompraíochta frithshóisialta i dtithíocht shóisialta ann?

Is féidir le húdaráis áitiúla duine a dhíshealbhú mar thoradh ar iompraíocht fhrithshóisialta. Ba cheart do d’údarás áitiúil fógra rabhaidh tionóntachta a sheoladh chugat faoin iompraíocht fhrithshóisialta, sula dtosaíonn sé ar an bpróiseas chun do theach a athshealbhú. Seans nach gá don údarás áitiúil rabhadh tionóntachta a eisiúint, áfach, má bhíonn iompraíocht fhrithshóisialta an-tromchúiseach i gceist. Féadfaidh tú athbhreithniú a lorg ar an rabhadh tionóntachta. Mura ndéileálann tú leis an iompraíocht fhrithshóisialta, is féidir leis an údarás áitiúil tús a chur leis na himeachtaí chun do theach a shealbhú.

Má dhéantar tú a dhíshealbhú, a eisiamh nó a bhaint amach as tithíocht údaráis áitiúil mar gheall ar iompraíocht fhrithshóisialta:

  • Seans nach nglacfaí leat ar liosta tithíochta údaráis áitiúil arís
  • Seans nach mbeidh cead agat do theach údaráis áitiúil a cheannach faoi Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí
  • Féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí Forlíonadh Cíosa do theaghais phríobháideach ar cíos a aistarraingt uait nó a dhiúltú duit.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil maidir le hiompraíocht fhrithshóisialta i dtithíocht shóisialta?

Más tionónta údaráis áitiúil tú a bhfuil tionchar ag iompraíocht fhrithshóisialta duine éigin ort, ba cheart teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Más tionónta de chuid chomhlacht ceadaithe tithíochta tú agus má tá tionchar ag iompraíocht fhrithshóisialta duine éigin ort, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht tithíochta ceadaithe.

Tá eolas úsáideach ar ár suíomh gréasáin faoi aighneas idir chomharsana.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2023