Scéim Deisiúchán agus Léasaithe

Réamhrá

Is é cuspóir na Scéime Deisiúchán agus Léasaithe réadmhaoin fholamh a dteastaíonn deisiú uathu a úsáid arís do thithíocht shóisialta. Tá an scéim dírithe ar úinéirí réadmhaoine foilmhe nach bhfuil na deisiúcháin ar a n-acmhainn acu a theastaíonn chun a réadmhaoin a thabhairt chun caighdeáin lena ligean ar cíos.

Mar sin féin, faoi leathnú píolótach ar an scéim, ní gá d’úinéirí réadmhaoine i gcatagóirí áirithe foirgneamh an ceanglas a chomhlíonadh maidir le bheith in ann íoc as na deisiúcháin nó nach bhfuil siad in ann na deisiúcháin a mhaoiniú. Baineann sé seo leis na catagóirí maoine seo a leanas:

  • Aonaid fholmha tráchtála
  • Aonaid fholmha a bhaineann le haonad tráchtála, mar shampla, árasán os cionn siopa
  • Foirgnimh institiúideacha fholmha
  • Forbairtí neamhchríochnaithe, atá folamh le tamall suntasach ama

Má tá do réadmhaoin fholamh oiriúnach do thithíocht shóisialta, íocann an t-údarás áitiúil nó comhlacht ceadaithe tithíochta (CCT) as an gcostas ar dheisiúcháin riachtanacha roimh ré. Déanann tú an réadmhaoin a ligean ar léas, nó a chur ar fáil ansin don údarás áitiúil nó don CCT, a úsáidfidh é do thithíocht shóisialta. Gheobhaidh tú íocaíocht chíosa lena gcomhaontaítear ón údarás áitiúil nó ón CCT agus déanfar luach na ndeisiúchán a sheach-chur de réir a chéile in aghaidh na híocaíochta cíosa seo i rith tréimhse shonraithe.

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na Ceisteanna Coitianta seo faoin scéim.

Má thugann tú áit chónaithe fholamh faoi deara i do cheantar, is féidir leat seo a thabhairt le fios do d’údarás áitiúil trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ar líne ag vacanthomes.ie. Fiosróidh an t-údarás áitiúil é seo agus, más cuí, déanfaidh siad obair chun gur féidir an áit chónaithe fholamh a úsáid arís.

Rialacha

Cén réadmhaoin atá oiriúnach don scéim?

Chun cáiliú don scéim, caithfear coinníollacha áirithe a shásamh.

•Caithfidh go raibh an réadmhaoin folamh ar feadh ar a laghad 12 mhí sula ndéanann tú iarratas ar an Scéim Deisiúchán agus Léasaithe. Caithfidh tú cruthúnas a sholáthar go raibh sé folamh ar feadh an achair sin.

•Caitheann éileamh tithíochta sóisialta bheith ann sa cheantar.

•Caithfear a mheas go bhfuil an réadmhaoin oiriúnach chun tithíocht shóisialta a sholáthar.

Deisiúcháin

Má shásaíonn an réadmhaoin na riachtanais seo, déanfaidh foireann an údaráis áitiúil nó an CCT é a iniúchadh agus seicliosta de na deisiúcháin a thabhairt duit atá riachtanach go mbainfidh sé an caighdeán amach a theastaíonn. D’fhéadfadh na riachtanais seo a bheith éagsúil i ngach údarás áitiúil. Ach nuair a bhíonn na deisiúcháin críochnaithe, caithfidh gach réadmhaoin na critéir seo a leanas a shásamh:

•Bail mhaith struchtúrach a bheith orthu agus is féidir leis an údarás áitiúil nó an CCT cigireacht a dhéanamh orthu

•Na híoschaighdeáin do thithe ar cíos a shásamh

•Deimhniú Rátála Fuinnimh Foirgnimh (BER) a bheith acu

Caithfear troscán a sholáthar sa réadmhaoin go léir agus caithfear fearais áirithe a sholáthar freisin. Tá sonraí breise faoi seo sna Ceisteanna Coitianta ar an scéim.

Na deisiúcháin a shocrú

Is féidir leat conraitheoir a shocrú tú féin chun tabhairt faoi na deisiúcháin. Mura féidir leat é sin a dhéanamh, is féidir leis an údarás áitiúil nó leis an CCT conraitheoir a fhostú ina ionad sin. Caithfidh tú cead scríofa foirmiúil a thabhairt don údarás áitiúil nó don CCT a shocrú go ndéanfar oibreacha ar an réadmhaoin.

Má tá tú ag socrú an chonraitheora tú féin, ní foláir duit na hoibreacha atá le déanamh a chur i bhfoirm liosta agus luachan a fháil ón gconraitheoir. Caithfear aontú ar an méid sin leis an údarás áitiúil nó leis an CCT sula dtosaíonn an saothar. Caitheann an conraitheoir bheith comhlíontach ó thaobh cánach, agus bheith in ann fianaise a sholáthar ina leith sin ach iarratas a fháil.

Nuair a bhíonn an saothar críochnaithe, ba cheart duit sonrasc a fháil ón gconraitheoir agus é a thabhairt don údarás áitiúil nó don CCT, a shocróidh cuairt a thabhairt ar an suíomh lena sheiceáil go sásaíonn an obair an caighdeán riachtanach.

Má bhíonn gach aon ní in ord is in eagar, íocfaidh an t-údarás áitiúil nó an CCT an méid comhaontaithe leat chun sonrasc an chonraitheora a íoc. Teastóidh uait fáltas a sholáthar ón gconraitheoir.

Socrú léasa dhírigh nó comhaontú fála cíosa

Faoin Scéim Deisiúchán agus Léasaithe, is féidir leat comhaontú le do réadmhaoin a chur ar fáil don údarás áitiúil nó an CCT do thithíocht shóisialta trí:

•Socrú léasa dhírigh, nó

•Comhaontú fála cíosa (CFC)

Is é an phríomhdhifríocht idir an dá rogha ná gurb é an t-údarás áitiúil nó an CCT an tiarna talún faoi chomhaontú léasa agus freastalaíonn sé ar an tionónta agus déanann sé an réadmhaoin a chothabháil. Is é an t-úinéir an tiarna talún i gcás CFC agus tá na freagrachtaí seo orthu.

Bíonn téarmaí agus cíosanna uasta éagsúla ag an dá rogha freisin. Féach an tábla thíos ina dtugtar cuntas ar na príomhdhifríochtaí idir na roghanna:

Comhaontú léasa dhírigh Comhaontú fála cíosa (CFC)
Téarma 5 - 20 bliain 5 - 10 mbliana
Cíos 80% de ráta reatha an mhargaidh oscailte lúide RLS a fhritháireamh do na deisiúcháin

(85% d’árasán le táille seirbhíse suntasach agus 70% i gcás réadmhaoine faoin scéim phíolótach)

92% de ráta an mhargaidh reatha lúide seach-chur an SDC do na deisiúcháin

(95% d’árasáin)

Coigilteas costais • Ní chailltear íocaíocht chíosa mar gheall ar thréimhsí ina mbíonn an réadmhaoin folamh

• Ní bhíonn aon riaráistí ann

• Táillí ligin ar bith

• Costais fógraíochta ar bith

• Ní ghearrann an BTC aon táille chláraithe ar thionóntacht

• Ní bhíonn aon chostais chothabhála laethúla ann

• Ní chailltear íocaíocht chíosa mar gheall ar thréimhsí ina mbíonn an réadmhaoin folamh

• Ní bhíonn aon riaráistí ann

• Táillí ligin ar bith

• Costais fógraíochta ar bith

Tionóntaí a bhainistiú Tá údarás áitiúil nó CCT freagrach agus is iad siúd an tiarna talún Tá úinéir na réadmhaoine freagrach agus is iad an tiarna talún
Réadmhaoin a chothabháil Tá údarás áitiúil nó CCT freagrach Tá úinéir na réadmhaoine freagrach

Le comhaontú a dhéanamh le ceachtar de na socruithe seo, beidh ort a chruthú gur leatsa an réadmhaoin agus go bhfuil tú comhlíontach ó thaobh cánach. Ba cheart duit dul i gcomhairle le do sholáthraí airgeadais/morgáiste agus a dtoiliú a fháil (más gá) sula nglacann tú páirt sa scéim.

Comhaontú a dhéanamh ar chomhaontú léasa dhírigh

Má dhéanann tú an cinneadh do réadmhaoin a léasú go díreach leis an údarás áitiúil nó an CCT, beidh ort Comhaontú le Léasú a shíniú. Tugann seo le fios go gcomhaontaíonn tú le fad an léasa, cíos margaidh na réadmhaoine agus le sceideal na n-oibreacha a theastaíonn. Comhaontóidh tú freisin leis an mbealach a aisíocfar costas na n-oibreacha trí na híocaíochtaí léasa.

Comhaontú le comhaontú fála cíosa

Má dhéanann tú an cinneadh do réadmhaoin a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as CFC, déanfaidh tú comhaontú fála a shíniú leis an údarás áitiúil nó an CCT. Luaitear ann seo gur chomhaontaigh tú le do réadmhaoin a chur ar fáil ar feadh tréimhse ar leith, do dhaoine atá ainmnithe ag an údarás áitiúil bheith i do thionóntaí. Agus go leanfaidh tú leis an mbail sin a choimeád ar an réadmhaoin gur féidir é a léasú.

Costas deisiúchán a aisíoc

Fritháireofar costas na ndeisiúchán i gcoinne na híocaíochta cíosa lenar comhaontaíodh nó go n-aisíocfar luach na n-oibreacha. Comhaontóidh an t-údarás áitiúil nó an CCT leat maidir cén tréimhse chuí sheach-chuir a bheidh i gceist i do chás. Beidh clásal aisghlámtha sa chomhaontú lena chinntiú go n-aisíocfar luach iomlán na n-oibreacha mura mbíonn an réadmhaoin ar fáil i rith na tréimhse lena gcomhaontaítear. Tá eolas breise faoin tréimhse sheach-chuir agus faoin gclásal aisghlámtha ar fáil sna Ceisteanna Coitianta faoin scéim.

Socruithe idir tiarna talún agus tionónta

Nuair a bheidh na deisiúcháin críochnaithe, cuirfear do réadmhaoin ar tairiscint do theaghlaigh a cheadaigh an t-údarás áitiúil do thithíocht shóisialta. Má chomhaontaigh tú le léas díreach do do réadmhaoin, déanfaidh tionóntaí comhaontú tionóntachta a shíniú leis an údarás áitiúil nó an CCT. Déanfaidh an t-údarás áitiúil nó an CCT (a ghníomhaíonn mar an tiarna talún) an réadmhaoin a bhainistiú agus cuirfidh siad tacaíocht ar fáil dá thionóntaí. Ní bheidh an réadmhaoin seo ar fáil do thionóntaí a bhfuil Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) á fáil acu nó atá rannpháirteach sa Scéim Cóiríochta ar Cíos (an SCC).

Má rinne tú CFC leis an údarás áitiúil nó an CCT, idir tú féin (an t-úinéir réadmhaoine) agus an tionónta ainmnithe atá an comhaontú tionóntachta. Tú féin an tiarna talún, agus tá cearta agus freagrachtaí tiarna talún ort.

Cothabháil leanúnach, deisiúcháin agus táillí eile

Bíonn freagrachtaí i gceist cibé acu má chomhaontaigh tú le léas díreach nó le CFC leis an údarás áitiúil nó an CCT. Mar an t-úinéir, tá tú freagrach i gcónaí as árachas struchtúrach, cothabháil struchtúrach agus as deisiú struchtúrach. Is tusa freisin a bhíonn freagrach as muirir sheirbhíse na cuideachta bainistíochta, más ann dó, agus aon mhuirir eile a íoc atá tú faoi dhliteanas a íoc, ar nós Cáin Mhaoine Áitiúil.

Má chomhaontaigh tú le comhaontú léasa, tá an t-údarás áitiúil nó an CCT freagrach as cothabháil agus deisiúcháin inmheánacha i rith théarma an léasa. Agus ag deireadh an téarma, tabharfar an réadmhaoin ar ais duit agus dea-bhail air, seachas i gcás caithimh agus cuimilte.

I gcás comhaontú CFC, áfach, déanfaidh tú na tionóntaí a bhainistiú agus tacú leo agus an réadmhaoin a chothabháil ar an taobh istigh ar feadh théarma an chomhaontaithe.

An réadmhaoin a dhíol

Is féidir leat an réadmhaoin a dhíol i rith théarma an CFC nó an léasa dhírigh. Caithfidh tú an t-údarás áitiúil nó an CCT a chur ar an eolas roimh ré agus caithfidh tú an CFC nó an comhaontú léasa a aistriú chuig an úinéir nua.

I gcásanna áirithe, is féidir le húinéir na réadmhaoine comhaontú leis an údarás áitiúil nó an CCT le ‘rogha chun ceannach’ a chur san áireamh mar choinníoll an léasa. Tugann seo an rogha don údarás áitiúil nó an CCT an réadmhaoin a cheannach i rith théarma an léasa. Ní féidir an coinníoll sin a chur san áireamh ach má chomhaontaíonn an dá pháirtí leis.

Rátaí

Rinneadh an costas uasta deisithe faoin scéim in 2020 a mhéadú aníos ó €40,000 go €60,000. Is féidir a áireamh leis seo costas troscáin a bhíonn ag teastáil, faoi mar a comhaontaíodh leis an údarás áitiúil nó leis an CCT.

Fritháireofar costas na ndeisiúchán i gcoinne na híocaíochta cíosa lenar comhaontaíodh nó go n-aisíocfar luach na n-oibreacha. Comhaontóidh an t-údarás áitiúil nó an CCT leat maidir cén tréimhse chuí sheach-chuir a bheidh i gceist i do chás.

Comhaontófar leis an méid a íocfar leat trí idirbheartaíocht leis an údarás áitiúil nó leis an CCT. Céatadán den chíos margaidh reatha a bheidh san uasmhéid lena gcomhaontófar.

  • Don chuid is mó de léasanna díreacha is é seo 80% den chíos margaidh reatha. Mar sin féin, is ionann é agus 85% d’árasáin a bhfuil táille seirbhíse suntasach orthu agus 70% d’árasáin faoin scéim phíolótach.
  • I gcás ACI, is ionann é agus 92% den chíos margaidh reatha nó 95% d’árasáin a bhfuil táille seirbhíse suntasach orthu.

De ghnáth déanfar athbhreithnithe cíosa gach 3 nó 4 bliana.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Má tá spéis agat sa Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil i gcomhair faisnéise.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Lúnasa 2022