Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Deontais agus scéimeanna tithíochta > An Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta

Print Page Send to a Friend

An Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta

Eolas

Úsáidtear an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta chun teach seanduine a fheabhsú. Tá an scéim seo dírithe ar dhaoine atá 60 bliana d'aois nó os a chionn go ginearálta, ach mar sin féin, d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi 60 bliana d'aois má tá fíor-chruatan i gceist.

Tagann an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta in áit Deontas Deisiúchán Riachtanach an údaráis áitiúil agus Cúnamh Tithíochta Speisialta do Dhaoine Scothaosta a riaradh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Rialacha

Braitheann an cineál oibre a dtugtar cúnamh deontais dó ar rialacha an údaráis áitiúil. I measc na bhfeabhsúchán gur féidir a dhéanamh le cúnamh faoin Scéim, áirítear:
  • Deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúrtha
  • Athsreangú, deisiúchán nó fuinneoga agus doirse nua a chur isteach
  • Soláthar uisce, seirbhísí sláintíochta agus teasa
  • Glanadh agus péinteáil
  • Leigheasacháin radóin
  • Athsreangú agus obair dheisithe nó feabhsaithe ar bith eile a mheastar a bheith riachtanach.

D'fhéadfadh go leor daoine breacaosta a bheith incháilithe don Scéim, ach mar sin féin, tabharfar tosaíocht do dhaoine ar bhunús riachtanais airgeadais.

Is féidir an deontas a íoc le daoine a bhfuil cónaí orthu sna cinéalacha tithíochta a leanas:

  • Tithíocht úinéir-áitithe
  • Tithe atá á gceannach ó údarás áitiúil faoin scéim cheannaigh ag tionóntaí .

Iarratasóirí a bhfuil tosaíocht acu

Tabharfar tús áite do d'iarratas bunaithe ar riachtanas leighis. Tabharfar an tús áite is airde do dhaoine a bhfuil tinneas foirceanta ag dul dóibh nó sa chás go bhféadfaí duine a scaoileadh abhaile ón ospidéal nó leanúint de chúram ina dteach féin dá ndéanfaí athruithe/oirúnuithe.

Tuarascáil teiripe saothair

Nuair a fhaigheann an t-údarás áitiúil d'iarratas, is féidir go n-iarrfadh sé measúnú ó Theiripeoir Saothair (TS). Is féidir leis an údarás áitiúil measúnú TS a eagrú, ach faoin deontas nua is féidir leat TS a fhostú chun measúnú a dhéanamh, agus suas le €200 forchúiteamh a fháil mar chuid den deontas iomlán suas go dtí an uasmhéid atá tú i dteideal a fháil.

Tástáil mhaoine

Is deontas lena mbaineann tástáil mhaoine atá sa Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta. Ciallaíonn sé seo go ndéantar measúnú ar d'ioncam teaghlaigh iomlán chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe don deontas, agus má tá, ag cén leibhéal cabhrach.

Is éard is ioncam teaghlaigh ann ná:

  • Ollioncam bliantúil an úinéara réadmhaoine (an tionónta i gcás áitreabh príobháideach ar cíos) agus an céile/páirtí sa bhliain cíosa roimhe sin.

thógtar an méid seo a leanas san áireamh nuair atá ioncam do theaghlaigh á ríomh:

Imréiteach cánach

Má fhaigheann tú deontas níos mó ná €10,000, caithfidh tú Deimhniú Imréiteach Cánach bailí a bheith agat. Má tá sé i gceist agat níos mó ná €650 a íoc le conraitheoir, ní mór don chonraitheoir a D(h)eimhniú Imréiteach Cánach a sheoladh isteach chuig an údarás áitiúil.

An dara deontas a íoc le duine

Is féidir deontas a fháil faoin Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta don dara huair má thagann athrú mór ar do chuid riachtanais de réir a chéile.

Tús a chur leis an obair

íocfar an deontas má thosaítear ar an obair sula ndéantar an deontas a fhaomhadh. Beifear ag súil go gcuirfear tús leis an obair taobh istigh de 6 mhí tar éis duit faomhadh a fháil don deontas.

Rataí

Is é an uasdheontas atá ar fáil faoin Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta ná €10,500, agus is féidir leis seo 100% de chostas na hoibre a chlúdach.

Tá 100% de chostas faofa na n-oibreacha ar fáil dóibh siúd le hioncam bliantúil teaghlaigh níos lú ná €30,000 agus é sin laghdaithe go dtí 30% dóibh siúd le hioncam bliantúil teaghlaigh idir €54,001 agus €65,000.

Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta:

Ioncam Bliantúil Teaghlaigh Uasta % de chostais % de chostais Deontas Uasta
Suas go dtí €30,000 100% €10,500
€30,000 - €34,000 90% €9,450
€34,001 - €38,000 80% €8,400
€38,001 - €42,000 70% €7,350
€42,001 - €46,000 60% €6,300
€46,001 - €50,000 50% €5,250
€50,001 - €54,000 40% €4,200
€54,001 - €65,000 30% €3,150
Os cionn €65,000 Níl Deontas Iníoctha

Méadóidh leibhéil uasta na ndeontas ar aon dul leis an innéacs de chostais tógála go bliantúil, agus déanfaidh sé seo luach an deontais a chosaint sa todhchaí. Mar sin féin, déanfar bandaí ioncaim a leasú go bliantúil chomh maith, a bheidh ar aon dul le pábhoilsciú agus chun críocha na tástála maoine.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil le Rannóg Tithíochta d'údaráis áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh agus faoi na rialacha incháilitheachta atá i bhfeidhm i do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.