Tástáil acmhainne do dhaoine faoi 70 bliain d'aois le haghaidh cárta leighis agus cárta cuairte DG

Réamhrá

Má tá tú faoi 70 bliain d’aois nuair a dhéanann tú iarratas ar chárta leighis nó ar chárta cuairte DG, athbhreithneoidh FSS do chás agus d’ioncam seachtainiúil féachaint an gcáilíonn tú. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo athbhreithniú ar do staid airgeadais, rud ar a dtugtar tástáil acmhainne.

Déantar d’ioncam, coigilteas, infheistíochtaí agus maoin a mheasúnú sa tástáil acmhainne, ach tá eisceachtaí áirithe ann. Má tá céile nó páirtí agat, breathnaíonn FSS ar an staid airgeadais agaibh beirt.

Seiceáil an gcáilíonn tú go huathoibríoch do chárta leighis, mar go bhfuil roinnt daoine díolmhaithe ón tástáil acmhainne. Mura bhfuil tú i gceann de na grúpaí seo, déanann FSS athbhreithniú ar d’ioncam agus caithfidh sé a bheith faoi bhun méid áirithe chun cáiliú.

Mínítear ar an leathanach seo an tástáil acmhainne do dhaoine faoi 70 bliain d’aois – conas a dhéantar í, cén ioncam a chuimsítear agus cén ioncam atá eisiata.

Cártaí leighis má tá tú os cionn 70

Tá measúnú tástála acmhainne difriúil ag daoine os cionn 70 bliain d’aois don chárta leighis.

Mura gcáilíonn tú faoin tástáil acmhainne do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois is féidir measúnú a dhéanamh ort faoi na rialacha ginearálta um thástáil acmhainne a mhínítear anseo.

Cártaí cuairte DG

Má tá tú faoi 70, is ionann an chaoi a ndéanann FSS measúnú ar d’acmhainn airgeadais don chárta leighis agus don chárta cuairte DG – ach tá na teorainneacha ioncaim difriúil.

Má tá d’ioncam os cionn na teorann do chárta leighis, déanann FSS measúnú uathoibríoch ort le haghaidh an chárta cuairte DG a bhfuil teorainneacha ioncaim níos airde aige.

Gheobhaidh tú cárta cuairte DG go huathoibríoch gan tástáil acmhainne má tá tú:

Cathain a dhéanann FSS athbhreithniú ar chúrsaí airgid agam?

Nuair a dhéanann tú iarratas ar líne, déanann FSS athbhreithniú tapa ar chúrsaí airgid agat le seiceáil an bhfuil tú i dteideal cárta leighiscárta cuairte DG. Déanann sé athbhreithniú iomlán ar chúrsaí airgid agat níos déanaí sa phróiseas iarratais nuair a sheolann tú doiciméid chucu chun an staid airgeadais atá agat a chruthú, mar shampla, duillíní pá.

Conas a oibríonn an tástáil acmhainne?

bunrátaí ag FSS a athraíonn ag brath ar d’aois, do staid mhaireachtála, do stádas pósta agus má tá leanaí agat. Má tá d’ioncam faoi bhun bhunráta FSS, beidh tú cáilithe.

Tá teorainneacha ioncaim an bhunráta don chárta leighis níos ísle ná na teorainneacha don chárta cuairte DG.

Is é d’ioncam seachtainiúil ná do ghlanioncam. Seo d’ioncam tar éis do cháin, ÁSPC agus Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a bheith asbhainte.

Má tá d’ioncam os cionn bhunráta FSS, d’fhéadfá cáiliú fós le haghaidh cárta leighiscárta cuairte DG tar éis duit liúntais bhreise do leanaí agus speansais incheadaithe a chur leis (féach thíos).

Cárta leighis lánroghnach

Má tá an méid airgid atá agat fós os cionn na dteorainneacha cáilithe le haghaidh cárta leighis agus cárta cuairte DG, féadfaidh an FSS féachaint ar do chás sóisialta agus leighis. Déanfaidh siad cinneadh maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh deacracht agat íoc as cúram leighis duit féin agus do do theaghlach agus féadfaidh siad cárta leighis a sholáthar. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi chártaí leighis roghnacha.

Bunrátaí seachtainiúla do dhaoine faoi 70 bliain d'aois

Bunrátaí seachtainiúla do dhaoine faoi 70 (Ollioncam lúide cáin, Muirear Sóisialta Uilíoch agus ÁSPC)

Catagóir Cárta leighis faoi 66 bliana d’aois Medical card aged 66-70 Cárta leighis d’aois 66-70
Cárta cuairte DG faoi 70 bliain d’aois Duine singil ina chónaí ina aonar €184 €201.50
€418 Duine singil a chónaíonn le teaghlach €164 €173.50
€373 Lánúin, páirtnéirí pósta/páirtnéirí comhchónaithe/páirtnéirí sibhialta (nó tuismitheoir singil le leanaí cleithiúnacha) €266.50 €298
€607 Liúntas do gach duine den chéad 2 leanbh faoi 16 bliana d’aois Liúntas do gach duine den chéad 2 leanbh faoi 16 bliana d’aois €38
€57 Liúntas don 3ú agus do gach leanbh ina dhiaidh sin faoi 16 bliana d’aois Liúntas don 3ú agus do gach leanbh ina dhiaidh sin faoi 16 bliana d’aois €41
€61.50 Liúntas do gach duine den chéad 2 leanbh os cionn 16 bliana d’aois (gan ioncam) Liúntas do gach duine den chéad 2 leanbh os cionn 16 bliana d’aois (gan ioncam) €39
€58.50 Liúntas don 3ú leanbh agus do gach leanbh ina dhiaidh sin os cionn 16 (gan ioncam) Liúntas don 3ú leanbh agus do gach leanbh ina dhiaidh sin os cionn 16 (gan ioncam) €42.50
€64 Gach cleithiúnaí os cionn 16 bliana d’aois san oideachas tríú leibhéal lánaimseartha agus nach bhfaigheann deontas Gach cleithiúnaí os cionn 16 bliana d’aois san oideachas tríú leibhéal lánaimseartha agus nach bhfaigheann deontas €78

 

Ioncam arna measúnú

Déanann FSS athbhreithniú ar d’ioncam seachtainiúil ó:

  • Pá nó tuilleamh (glanphá, tar éis duit cáin, ÁSPC agus MSU a íoc)
  • Pinsin
  • Íocaíochtaí cothabhála
  • Ioncam cíosa ó mhaoin seachas teach an teaghlaigh, agus na costais asbhainte
  • Maoin (seachas áras an teaghlaigh)
  • Ús ó chaipiteal agus ó choigilteas
  • Ioncam ó ríchíosanna nó íocaíochtaí faoi shocraíocht, cúnant nó as eastát

Más ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó ó íocaíochtaí FSS amháin atá d’ioncam, gheobhaidh tú cárta leighis fiú má tá d’ioncam os cionn na dteorainneacha ioncaim do d’aois agus do staid.

Seiceáil na doiciméid a d'fhéadfadh a bheith uait.

Ioncam gan measúnú

Níl roinnt íocaíochtaí ón Stát san áireamh:

  • Íocaíochtaí FSS: Liúntas Soghluaisteachta, Liúntas Leasa na nDall
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh: Íocaíocht Teaghlaigh Oibre, Sochar Linbh, Liúntas Cúramóra, Liúntas Cúraim Baile, Íocaíochtaí Caomhnóra; forlíontaí seachtainiúla (cosúil le forlíonadh aiste bia nó téimh) a íoctar faoin scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh; Liúntas Breosla, Liúntas Oileán, Liúntas maireachtála aonair agus Liúntas do dhaoine atá os cionn 80 bliain d’aois
  • Íocaíochtaí eile: Deontais chothabhála oideachais tríú leibhéal, Liúntas Cothabhála Athshlánaithe, Liúntas Cúraim Altrama.

Tuilleamh agus tú ar Liúntas Míchumais

Má tá Liúntas Míchumais á fháil agat agus tú ag obair, ní chuirtear ioncam a thuilleann tú suas le €427 in aghaidh na seachtaine san áireamh sa tástáil acmhainne don chárta leighis. Ní chuireann sé seo isteach ar an tástáil acmhainne don Liúntas Míchumais.

Nuair a bhíonn d’ioncam le haghaidh cárta leighiscárta cuairte DG á athbhreithniú aige, ní chuireann FSS na nithe seo a leanas san áireamh:

  • Íocaíochtaí cúitimh arna ndéanamh ag an mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe
  • Aisíocaíochtaí a rinneadh faoin Scéim Sláinte (Aisíocaíocht) (is é sin, an scéim aisíocaíochta Tithe Altranais)
  • Dámhachtainí arna dtabhairt do dhaoine a fuair Heipitíteas C nó VEID ó tháirgí fola éillithe (mar aon le hioncam ó infheistíocht an airgid sin)
  • Íocaíochtaí ex-gratia ceadaithe ag an mBord um Shásamh Ospidéal Lourdes faoi théarmaí na Scéime um Shásamh Ospidéal Lourdes 2007
  • Dámhachtainí cúitimh is iníoctha faoin Acht um Shásamh do Mhná ia Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe 2015.

Measúnú ar choigilteas agus infheistíochtaí

Déanann FSS athbhreithniú freisin ar aon choigilteas agus infheistíochtaí atá agat sa tástáil acmhainne le haghaidh cárta leighiscárta cuairte DG.

Ní thugtar aird ar choigilteas, infheistíochtaí nó réadmhaoin suas le €36,000 do dhuine aonair, nó €72,000 do lánúin.

Cuirtear ús ar choigilteas nó infheistíochtaí os cionn na dteorann san áireamh sa tástáil acmhainne.

Ciallaíonn sé seo nach áireofar ach an t-ús nó an t-ioncam a thuilltear ar do choigilteas agus infheistíochtaí mar ioncam, ní luach iomlán na gcoigilteas nó na n-infheistíochtaí féin.

Conas a dhéanann FSS measúnú ar ús?

Is féidir le FSS an ráta úis iarbhír ó do choigilteas agus infheistíochtaí a úsáid má sholáthraíonn tú deimhnithe úis.

Mura gcuireann tú deimhnithe leasa ar fáil, cuireann FSS measúnú barúlach úis i bhfeidhm, rud a mhínítear thíos.

Measúnú barúlach ar ús

Caipiteal Acmhainn sheachtainiúil arna measúnú
An chéad €36,000 (duine aonair), €72,000 (cúpla) Nialas
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh an €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh an €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh an €1,000

 

For example if you are a couple and have €90,000 in savings, the interest on the first €72,000 will not be considered.  The interest on the next €10,000 will be considered at €1 per €1,000 totalling €10. And the balance of €8,000 will be considered at €2 per €1,000 totalling €16.

Check what documents you may need for the HSE to assess your income from savings and investments.

An ndéantar measúnú ar mhaoin?

Níl luach teach an teaghlaigh san áireamh sa tástáil acmhainne le haghaidh cárta leighis agus cárta cuairte DG.

Déanann FSS athbhreithniú ar luach an ioncaim sheachtainiúil ó réadmhaoin eile.

Seiceáil cad iad na doiciméid a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait le go ndéanfaidh FSS measúnú ar do mhaoin.

Maoin atá ar cíos

Má tá maoin agat a chuireann tú amach ar cíos, déanann FSS measúnú ar an ioncam cíosa. D’fhéadfadh ioncam ó chíos seomra a fháil ar cíos i dteach do theaghlaigh, teach saoire, talamh ar léas nó aon réadmhaoin eile a bheith san áireamh san ioncam cíosa.

Déantar ioncam cíosa a mheasúnú tar éis íocaíochtaí morgáiste agus préimheanna árachais a asbhaint.

Maoin nach bhfuil ar cíos

Má tá tú faoi 70 bliain d’aois agus go bhfuil talamh nó foirgnimh neamhúsáidte agat nach bhfuil ar cíos agat, ach a d’fhéadfaí a ligean ar léas nó a dhíol, déanann FSS athbhreithniú ar luach na maoine mar mheasúnú coigiltis agus infheistíochta (thuas).

Má tá tú os cionn 70 bliain d’aois, ní dhéanfar ioncam ó aon mhaoin nach bhfuil ioncam cíosa á ghiniúint aige a mheas.

Conas a dhéantar ioncam ó fhéinfhostaíocht a mheasúnú?

Má tá tú féinfhostaithe agus ag déanamh iarratais ar chárta leighis nó ar chárta cuairte DG, beidh ort fianaise a sholáthar ar do chuid oibre ar fad, idir féinfhostaithe agus fostóirí eile.

Déanfaidh FSS athbhreithniú ar d’Fhoirm Thuairisceán Cánach Ioncaim is déanaí 11 agus ar gach leathanach de d’Fhógra Measúnaithe (NOA) ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Má tá tú féinfhostaithe agus má tá do ghnó ar siúl ar feadh níos lú ná bliain amháin, ní mór duit roinnt cuntas a chur ar fáil a bheidh sínithe ag do chuntasóir.

Má tá tú féinfhostaithe agus gur stop do ghnó ag trádáil le déanaí, ní mór duit litir fhéindearbhaithe a chur ar fáil ag léiriú an dáta a raibh tú féinfhostaithe go deireanach.

Léigh tuilleadh faoi na doiciméid atá uait le haghaidh d’iarratas mar dhuine féinfhostaithe.

Is féidir leat faisnéis mionsonraithe a fháil ó HSE Medical card and GP Visit Card National Assessment Guidelines (pdf).

Costais incheadaithe

Tá roinnt costais mhaireachtála incheadaithe. Ciallaíonn sé seo go gcuirfidh FSS costas speansas seachtainiúil áirithe le do bhunráta.

Méadaíonn sé seo do thairseach airgeadais cháilitheach seachtainiúil.

Is ionann do thairseach airgeadais cháilitheach agus an teorainn ar an méid ioncaim is féidir a bheith agat gach seachtain agus tú fós i dteideal cárta leighiscárta cuairte DG.

Áirítear le speansais incheadaithe:

Tithíocht

  • Cíos (gan aon suimeanna a íocadh trí Íocaíocht Cúnaimh TithíochtaForlíonadh Cíosa san áireamh)
  • Íocaíochtaí morgáiste réasúnta ar theach do theaghlaigh agus ar thalamh nó ar réadmhaoin eile
  • Árachas cosanta morgáiste agus árachas saoil gaolmhar
  • Árachas tí

Cúram leanaí agus costais chúraim eile

  • Costais chúram leanaí
  • Íocaíochtaí cothabhála a dhéanann tú
  • Costais tí altranais, altranais phríobháideacha nó cúram baile duit féin nó do do chéile

Costais taistil

  • Costais taistil chun na hoibre lena n-áirítear:
    • Costas iompair phoiblí
    • Costais tiomána más gá carr, ag ráta 30 cent an mhíle/18 cent an km. Má bhíonn dhá charr ag teastáil ó lánúin chun taisteal chun na hoibre, beidh liúntas dúbailte i gceist.
    • Ranníocaí réasúnta i leith costais a bhaineann le socruithe carr-roinnte.

Seiceáil cad iad na doiciméid atá uait le go ndéanfaidh FSS measúnú ar do chostais.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a léamh faoi chártaí leighis agus faoi chártaí cuairte DG, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh. Má tá tú os cionn 70 bliain d’aois seiceáil an bhfuil tú incháilithe faoin tástáil acmhainne do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois.

Is féidir leat léamh faoi chárta cuairte DG do leanaí faoi 8 mbliana d’aois agus faoi tháillí oidis do shealbhóirí cárta leighis.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar an gcárta leighis agus ar an gcárta cuairte DG ar shuíomh Gréasáin FSS. Is féidir leat tuilleadh sonraí a fháil i dTreoirlínte Measúnaithe FSS le haghaidh cártaí leighis agus cártaí cuairte DG.

Tá faisnéis ag FSS faoi mheasúnú airgeadais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024