An tAcht Meabhair-Shláinte 2001

Réamhrá

D’athraigh An tAcht Meabhair-Shláinte 2001 na rialacha maidir le duine a ghlacadh isteach in ospidéil síciatracha agus cearta othar síciatrach. Ó tháinig an tAcht i bhfeidhm an 1 Samhain 2006, tá nósanna imeachta nua curtha i bhfeidhm chun monaitóireacht agus rialú a dhéanamh ar na caighdeáin cúraim in ospidéil síciatracha.

Barr leas an othair

Nuair a ghlactar daoine isteach san ionad ceadaithe nó nuair atá siad ag fáil cóireála in ionad ceadaithe (sé sin, ospidéil shíciatracha nó seirbhísí d’othair chónaitheacha), ní mór a leas a thabhairt san áireamh sula ndéantar aon cinneadh maidir lena gcúram nó a gcóireáil. Ba chóir iad a thabhairt san áireamh i bpléití lena bhfoirne agus a mbarr leas á bplé agus chun cabhrú leo ina dtéarnamh.

Tá sé de cheart ag othair go gcaithfí leo le dínit agus meas agus go n-éisteodh gach duine atá ag obair ar a bhfoireann chúraim leo. Tá sé de cheart acu a bheith páirteach i gcinntí a bhfuil tionchar acu ar a sláinte agus ba chóir don fhoireann chúraim a gcuid tuairimí a bhreithniú go cúramach. Tá sé de cheart acu a bheith go hiomlán ar an eolas faoin a gcearta dlí, a nglacadh isteach san ospidéal agus a gcóireáil.

An Coimisiún Meabhair-Shláinte

Tá an Coimisiún Meabhair-Shláinte ar an bhfód ó 2002. Seo a leanas na príomhfheidhmeanna atá aige:

  • Caighdeáin arda agus dea-chleachtais a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú i seachadadh seirbhísí meabhair-shláinte. and
  • Leas na ndaoine a glacadh isteach go neamhdheonach chuig ionad ceadaithe a chosaint.

Tá sé freagrach as forálacha an Achta a chur i bhfeidhm maidir le glacadh isteach neamhdheonach , as binsí meabhair-shláinte a shocrú suas agus as a chinntiú go bhfuil meas ar chearta na n-othar. Tá na foirmeacha a bhfuil gá leo dréachtaithe aige maidir leis na próisis éagsúla agus na treoirlínte eisithe aige do dhaoine a bhfuil baint acu leis an gcóras meabhair-shláinte.

Tá treoir maidir leis an Acht Meabhair-Shláinte 2001 foilsithe ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus í ar fáil i mBéarla, Gaeilge, Araibis, Sínis, Fraincis, Polainnis agus Rúisis.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Feabhra 2016