Seirbhísí oibre sóisialta

Eolas

Táthar tar éis seirbhísí leasa agus cosanta leanaí arbh í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a d’oibrigh iad roimhe seo (lena n-áirítear seirbhís tacaíochta teaghlaigh) a aistriú chuig Tusla a bunaíodh an 1 Eanáir 2014.

Is féidir leis an FSS seirbhísí oibre sóisialaí a sholáthar freisin do ghrúpaí nó daoine aonair eile. Seachadtar seirbhísí oibre sóisialaí ag foirne oibrithe sóisialacha, ag obair le daoine aonair agus le grúpaí a mbaineann deacrachtaí sóisialta agus mothúchánacha dóibh. Tá sé mar aidhm ag an obair shóisialta cúnamh a chur ar fáil do dhaoine athrú a bhaint amach agus cinntí a dhéanamh a rachaidh chun leasa a gcáilíochta beatha. Tá ról freisin ag an obair shóisialta roghanna a aimsiú agus tacú le céimeanna le beartas sóisialta agus seachadadh seirbhíse a chur chun cinn.

Tá oibrithe sóisialta fostaithe ag formhór na n-ospidéal poiblí agus é mar phríomhdhualgas orthu cúnamh a thabhairt do dhaoine nuair a fhágann siad an t-ospidéal. D'fhéadfadh sé go n-aimseoidís cóiríocht oiriúnach dóibh, go gcuirfidís cúnamh ar fáil dóibh le háit i dteach altranais a aimsiú nó go gcinnteoidís go bhfuil na tacaíochtaí riachtanacha ar fáil má fhilleann siad abhaile.

Is mór an éagsúlacht d’ingfhaighteacht oibrithe sóisialacha idir limistéar amháin de chuid na FSS dá chéile. Tá oibrithe sóisialta fostaithe ag cuid de na hOifigí Sláinte Áitiúla le freastal ar riachtanais atá ag daoine níos sine.

Oibrithe sóisialta

Is leis an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, CORU, atá Oibrithe Sóisialacha cláraithe.

Is iad Cumann na hÉireann um Oibrithe Sóisialta an comhlacht náisiúnta a dhéanann ionadaíocht d’Oibrithe Sóisialta. Chun teacht ar thuilleadh faisnéise ar obair shóisialta, déan teagmháil leis an gCumann ag an seoladh thíos. (Féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?)

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh go díreach ar d’Oifig Áitiúil Sláinte nó ar d’ospidéal chun cúnamh a fháil ó oibrí sóisialta.

Tá fáil ar a thuilleadh faisnéise ar oibrithe sóisialta agus ar oibriú mar oibrí sóisialta ó:

Cumann Éireannach na nOibrí Sóisialta

114-116 Sráid an Phiarsaigh
Dublin
Ireland

Teil: +353 1 677 4838
Láithreán Gréasáin: http://www.iasw.ie

CORU An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh

Infinity Building
Lána Sheoirse
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 E98Y

Teil: (01) 293 3160
Láithreán Gréasáin: http://www.coru.ie/
R-phost: info@coru.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Eanáir 2016