SeirbhIs Tacaíochta Baile

Réamhrá

Cad í an tSeirbhís Tacaíochta Baile

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tacaíochtaí cúram pobail agus cúram baile ar fáil ar leibhéal áitiúil, an tSeirbhís Tacaíochta Baile ina measc. Tugadh an tSeirbhís Chúnaimh Baile nó Scéim an Phacáiste Cúram Baile ar an tseirbhís seo roimhe seo.

Cabhraíonn an tSeirbhís Tacaíochta Baile le daoine breacaosta leanúint ag maireachtáil ina dtithe féin a fhad agus is féidir. Mar shampla, is féidir leis tacaíocht a thabhairt maidir le tascanna laethúla, ar nós éirí amach ón leaba agus dul isteach sa leaba, folcadh agus gléasadh.

Déantar measúnú ar riachtanais aonair duine chun cinneadh a dhéanamh faoi na tacaíochtaí a theastaíonn uathu. Cuirfidh FSS nó soláthraí seachtrach, atá faofa ag FSS, na tacaíochtaí seo ar fáil.

Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Baile?

Tá an tSeirbhís Tacaíochta Baile ar fáil do dhaoine aois 65 bliain nó os a chionn a bhféadfadh go dteastaíonn tacaíocht uathu chun leanúint ag maireachtáil sa bhaile nó chun filleadh abhaile i ndiaidh dóibh bheith ag fanacht san ospidéal. B’fhéidir go dteastaíonn na seirbhísí mar gheall ar bhreoiteacht, míchumas nó i ndiaidh fanacht in ospidéal nó i ndiaidh athshlánú i dteach altranais.

I gcásanna áirithe, b’fhéidir go mbeidh an tseirbhís ar fáil do dhaoine níos óige ná 65 bliain a dteastaíonn tacaíocht uathu. Mar shampla, daoine ar a bhfuil néaltrú nó atá faoi mhíchumas a thosaíonn luath.

Cad a chosnaíonn an tSeirbhís Tacaíochta Baile?

Ní ghearrtar aon táille ar an tseirbhís agus ní dhéantar tástáil mhaoine ar an scéim. Ní gá duit cárta leighis a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Baile?

Rialacha

Conas a oibríonn an teirbhís Tacaíochta Baile?

Cuireann FSS, nó soláthraí seachtrach atá faofa ag FSS, na tacaíochtaí ar fáil.

Má tá tú are faofa don tseirbhís agus mura bhfuil foireann FSS ar fáil, cuirfidh soláthraí seachtrach atá faofa ag FSS an tacaíocht baile ar fáil duit. Is féidir le FSS an tseirbhís seo a shocrú thar do cheann. Déileálann tú go díreach le do rogha soláthraí fhaofa chun na laethanta agus na hamanna a shocrú a thabhairt an tacaíocht.

Mar rogha air sin, féadfaidh tú a iarraidh chun déileáil go díreach leis an soláthraí faofa. Má fhaomhtar thú, scríobhfaidh FSS chugat le thú a chur ar an eolas ar mhéid seachtainiúil an chistithe is féidir leat a úsáid chun tacaíocht baile a shocrú ó do rogha soláthraí. Tugtar Tacaíocht Baile atá Dírithe ar Thomhaltóirí (TBDT) ar an gcur chuige seo. Braitheann an líon uaireanta an chloig de thacaíocht baile a sholáthraíonn an cistiú ar na rátaí a ghearrann an soláthraí. Inseoidh an soláthraí duit cén rátaí ar chomhaontaigh siad orthu le FSS.

Is féidir leat Tacaíocht Baile atá Dírithe ar Thomhaltóirí a iarraidh nuair a dhéanann tú iarratas. Cé acu mas TBDTanna atá i gceist le do sheirbhísí nó má shocraíonn FSS iad, féadfaidh tú a roghnú chun athrú chuig an gcur chuige eile, más mian leat.

Cén seirbhísí a chuirfear ar fáil dom?

Is éagsúil do na seirbhísí a sholáthraítear, ag brath ar riachtanais aonair. Mar shampla, is féidir le cabhair le tascanna laethúla, ar nós éirí amach ón leaba agus dul isteach sa leaba, folcadh agus gléasadh a bheith i gceist leis. Nuair a dhéanann tú iarratas, socraíonn FSS go ndéanfar measúnú ar na cineálacha tacaíochta a d’fhéadfadh bheith ag teastáil uait. Tugtar an Measúnú ar Riachtanais Chúraim air seo.

Déanfaidh FSS athbhreithniú ócáideach ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil duit, agus féadfaidh sé na tacaíochtaí atá á bhfáil agat a mhéadú nó a laghdú, ag brath ar do riachtanais chúraim, nó is féidir athrú ar bith a dhéanamh ar na tacaíochtaí. Má thagann athrú ar do chás, caithfidh tú Oifig Tacaíochta Baile áitiúil FSS a chur ar an eolas má dhéanann seo difear don ghá atá agat le tacaíocht baile.

Cad é an Measúnú ar Riachtanais Chúraim?

Nuair a dhéanann tú iarratas, déanfaidh FSS measúnú ar do riachtanais chúram sláinte agus do chúinsí sóisialta. Sainaithneoidh an measúnú an leibhéal cúraim a fhaigheann tú faoi láthair agus cén tacaíochtaí eile a d’fhéadfadh bheith ag teastáil uait.

Tabharfaidh gairmí cúram sláinte faoin measúnú, ar nós altra sláinte poiblí nó fisiteiripeora.

Scríobhfaidh FSS chugat le thú a chur ar an eolas ar cén cinneadh a dhéantar faoi na tacaíochtaí a theastaíonn uait.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, is féidir leat scríobh chuig Oifig Tacaíochta Baile FSS i do cheantar leis seo agus do chuid cúiseanna a lua. Is féidir leat seo a dhéanamh laistigh de 20 lá i ndiaidh an cinneadh a fháil. Tabharfar faoi athbhreithniú neamhchlaonta ar an gcinneadh agus cuirfear thú ar an eolas ar thoradh an athbhreithnithe seo.

Conas iarratas a dhEanamh

Chun foirm iarratais a fháil, déan teagmháil le do Oifig Tacaíochta Baile áitiúil nó íoslódáil an fhoirm iarratais don tSeirbhís Tacaíochta Baile (pdf).

Is féidir leis an bhfoireann i d’oifig áitiúil cabhrú leat má bhíonn ceisteanna agat nó má theastaíonn cabhair uait leis an bhfoirm a chomhlánú.

Is féidir leat an fhoirm iarratais a chomhlánú tú féin nó féadfaidh tú iarraidh ar dhuine eile í a chomhlánú duit, mar shampla, cúramóir teaghlaigh, DG nó altra sláinte poiblí. Má bhíonn an fhoirm á comhlánú duit, caithfidh tú an mhír Dearbhú agus Toiliú a shíniú i gCuid 1 den fhoirm iarratais.

Má tá tú san ospidéal, ba cheart duit iarraidh ar an duine a dhéileálann le do phlean díscaoilte faoi iarratas a dhéanamh. D’fhéadfadh altra, comhordaitheoir díscaoilte nó oibrí sóisialta a bheith sa duine seo. Cabhróidh siad leat leis an bhfoirm iarratais agus seolfaidh siad í chuig d’Oifig Tacaíochta Baile FSS áitiúil.

Más mian leat go ndéanfar machnamh ort don TBDT, cuir tic sa bhosca don tacaíocht seo ar an bhfoirm iarratais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Meán Fómhair 2019