Scéim Chothrom na Féinne

Cad í Scéim Chothrom na Féinne?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais chun cabhair a fháil le costas cúraim i dteach altranais tríd an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais, ar a dtugtar Scéim Chothrom na Féinne freisin. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bhainistíonn Scéim Chothrom na Féinne.

Faoi Scéim Chothrom na Féinne, íocann an duine méid áirithe i dtreo chostas a gcúraim agus íocann FSS an chuid eile. Cumhdaíonn Scéim Chothrom na Féinne tithe altranais príobháideacha, tithe altranais deonacha agus tithe altranais phoiblí ceadaithe.

Caithfidh go bhfuil an duine ina ngnáthchónaí in Éirinn agus go bhfuil cúram tí altranais fadtéarmach de dhíth air/uirthi chun iarratas a dhéanamh ar an scéim. Ní mór a do dhuine a bheith faofa le haghaidh Scéim Chothrom na Féinne sular féidir maoiniú a fháil do theach altranais.

Nuair a dhéantar iarratas, déanann FSS measúnú ar riachtanais chúraim an duine chun a dhearbhú gurb é cúram fadtéarmach tí altranais an rogha is oiriúnaí dó/di.

Déanann FSS measúnú ar staid airgeadais an duine freisin chun a fháil amach cé mhéad is féidir leo a íoc i dtreo chostas a gcúram tí altranais. Íocann an FSS an fuílleach ansin idir an méid a íocann an duine as a gcúram agus an méid a ghearrann an teach altranais as an gcúram sin a chur ar fáil. Cuirtear sócmhainní, amhail coigilteas agus réadmhaoin, san áireamh agus cúinsí airgeadais an duine á measúnú.

Is féidir leis an duine i gceist iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tí Altranais má tá sócmhainní, lena n-áirítear talamh nó maoin. Agus iasacht tí altranais faighte, is féidir costas a gcúram a chur siar go dtí tar éis a mbáis, agus a sócmhainní a úsáid chun an iasacht a urrú.

Mínítear ar an leathanach seo an méid a chumhdaítear faoi Scéim Chothrom na Féinne, conas iarratas a dhéanamh, cé mhéad atá le híoc agus conas achomharc a dhéanamh ar chinneadh.

Cad a chumhdaítear faoi Scéim Chothrom na Féinne?

Ní chumhdaítear faoi scéim ach cúram fadtéarmach tí altranais amháin.

Cumhdaíonn Scéim Chothrom na Féinne:

  • Cóiríocht agus bia
  • Cúram altranais agus cúram pearsanta atá de dhíth ar an duine
  • Seirbhís níocháin
  • Áiseanna agus fearais bhunúsacha atá riachtanach chun tacú le saol laethúil an duine

D’fhéadfadh go mbeadh earraí agus seirbhísí eile ar fáil faoi scéimeanna ar nós an chárta leighis nó an Scéim Íocaíochta Drugaí.

Ní chumhdaíonn Scéim Chothrom na Féinne:

  • Cúram gearrthéarmach amhail faoiseamh, téarnamh nó cúram lae
  • Táillí breise a ghearrann an teach altranais as seirbhísí amhail gruagaireacht, teiripí nó gníomhaíochtaí

Moltar ceist a chur ar an teach altranais maidir leis na táillí breise a d’fhéadfadh a bheith le híoc. Ní mór comhaontú a dhéanamh leis an teach altranais faoi na costais bhreise seo sula dtéann an duine isteach sa teach altranais (an dáta iontrála).

Teach altranais a roghnú

Déan teagmháil le do rogha teach altranais a luaithe is féidir. Beidh ort féachaint an bhfuil áit ar fáil ann agus an féidir leo freastal ar na riachtanais chúraim atá i gceist. Seans go mbeidh liosta feithimh acu.

Mura bhfuil spás sa rogha teach altranais, is féidir dul go teach altranais eile ar bhonn sealadach. Is féidir iarratas a dhéanamh ar aistriú chuig do rogha teach altranais nuair a bhíonn spás ar fáil ann.

Ag bogadh ó chúram ospidéil go cúram fadtéarmach

Má tá tú san ospidéal, gan géarchúram a bheith de dhíth ort a thuilleadh, is féidir táille a ghearradh ort as cúram fadtéarmach a thabhairt duit san ospidéal sin. Má tá tú ag fanacht le bogadh chuig cúram fadtéarmach, ba cheart iarratas a dhéanamh ar Scéim Chothrom na Féinne chomh luath agus is féidir.

I líon teoranta cásanna, féadfaidh an FSS íoc as do chúram i dteach altranais príobháideach fad is atá d’iarratas ar Scéim Chothrom na Féinne á phróiseáil. Tugtar Maoiniú do Chúraim Idirthréimhseach air seo.

Iarratas a dhéanamh ar Scéim Chothrom na Féinne

Baineann 4 chéim le próiseas iarratais ar Scéim Chothrom na Féinne:

  • Céim 1: Comhlánaigh an fhoirm iarratais
  • Céim 2: Measúnú ar Riachtanais Chúraim
  • Céim 3: Measúnú Airgeadais
  • Céim 4: Déan iarratas ar Iasacht Tí Altranais (tá an chéim seo roghnach)

Céim 1: Comhlánaigh an fhoirm iarratais

Comhlánaigh an fhoirm iarratais ar an Scéim um Thacaíocht Tithe Altranais (pdf) chun iarratas a dhéanamh ar Scéim Chothrom na Féinne.

Ba cheart don duine atá ag déanamh an iarratais ar chúram teach altranais an fhoirm a chomhlánú agus a shíniú. Mura bhfuil siad in ann iarratas a dhéanamh, is féidir le duine sonraithe iarratas a dhéanamh thar a gceann. Féach 'Conas iarratas a dhéanamh thar ceann duine eile i gcáil duine sonraithe' thíos.

Ar an bhfoirm, tá liosta doiciméad nach mór duit a sheoladh le d’fhoirm iarratais, lena n-áirítear cruthúnas ar d’ioncam agus sócmhainní. Tar éis na ndoiciméad go léir a bhailiú, seol an fhoirm chomhlánaithe agus na doiciméid chuig Oifig Tacaíochta na dTithe Altranais i do cheantar áitiúil. Cuirfidh FSS in iúl duit nuair a bheidh d’iarratas faighte acu.

Má tá cabhair uait chun an t-iarratas a chomhlánú, déan teagmháil le hOifig Tacaíochta na dTithe Altranais i do cheantar áitiúil.

Nuair a chuireann tú an fhoirm iarratais isteach, tá tú ag déanamh iarratais ar mheasúnú riachtanas cúraim agus ar thacaíocht airgeadais.

Céim 2: Measúnú ar Riachtanais Chúraim

Tríd an Measúnú ar Riachtanais Chúraim, déanfar measúnú maidir le cibé an féidir tacaíocht a thabhairt duit chun leanúint ar aghaidh ag maireachtáil sa bhaile nó cibé an mbeadh cúram fadtéarmach tí altranais níos oiriúnaí.

Rachaidh FSS i dteagmháil leat chun an Measúnú ar Riachtanais Chúraim a chomhlánú.

Is iad gairmithe cúram sláinte arna gceapadh ag FSS ar nós altra sláinte poiblí a dhéanfaidh an measúnú.

Maidir leis an measúnú:

  • D’fhéadfadh sé tarlú in ospidéal nó i suíomh pobail, amhail do theach
  • D’fhéadfadh scrúdú fisiceach a bheith ina chuid de

Breathnóidh an measúnú ar riachtanais chúraim (pdf) ar:

  • Do chumas tabhairt faoi ghníomhaíochtaí laethúla amhail folcadh, siopadóireacht, gléasadh agus bogadh timpeall
  • Mar a úsáideann tú seirbhísí sláinte agus pearsanta faoi láthair, e.g. cúntóir/altra cúraim baile nó altra
  • An tacaíocht teaghlaigh agus pobail atá ar fáil duit
  • Do mhianta agus do shainroghanna

Is féidir lorgófaí tuilleadh eolais uait chun an measúnú ar riachtanais chúraim a chomhlánú, e.g. atreorú ó do dhochtúir teaghlaigh. Ba cheart é seo a chur ar fáil chomh luath agus is féidir chun d’iarratas a chomhlánú.

Nuair a chuirfear an Measúnú ar Riachtanais Chúraim i gcrích

Nuair a bheidh an Measúnú ar Riachtanais Chúraim curtha i gcrích, scríobhfaidh an gairmí cúram sláinte tuarascáil. Bunaithe ar an tuarascáil, cinneann FSS cibé an é cúram fadtéarmach tí altranais an rogha is fearr duit. Tar éis dóibh cinneadh a dhéanamh, scríobhfaidh FSS chugat laistigh de 10 lá oibre. Gheobhaidh tú cóip den tuarascáil agus de na cúiseanna a bhaineann leis an gcinneadh.

Féadfaidh FSS an Measúnú ar Riachtanais Chúraim a úsáid chun riachtanais eile sláinte nó riachtanais seirbhíse sóisialta pearsanta a shainaithint. Níl aon cheanglas dlíthiúil orthu, áfach, na seirbhísí a shainaithníonn siad a sholáthar.

Ní mór measúnú a dhéanamh ort mar dhuine a bhfuil cúram tí altranais de dhíth orthu le bheith incháilithe do thacaíocht Stáit nó don Iasacht Tí Altranais.

Mura gcáilíonn tú chun cúram tí altranais fadtéarmach a fháil

Mura gcáilíonn tú chun cúram tí altranais fadtéarmach a fháil, ní mór duit fanacht 6 mhí sular féidir leat iarratas a dhéanamh arís. Má thagann athrú ar do shláinte nó ar do chúinsí, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse feithimh 6 mhí.

Céim 3: Measúnú Airgeadais

Déanann an Measúnú Airgeadais measúnú ar cé mhéad is féidir leat a íoc i leith do chúram tí altranais. Íocfaidh FSS an fuílleach de chostas seachtainiúil do chúram.

Mar shampla, más é €1,000 costas iomlán seachtainiúil do chúram agus más é do ranníocaíocht sheachtainiúil €300, íocfaidh FSS €700. Tacaíocht Stáit a thugtar ar an íocaíocht seo ó FSS.

Féachann an Measúnú Airgeadais ar d’ioncam agus sócmhainní go léir.

Más cuid de lánúin tú, beidh an measúnú bunaithe ar leath d’ioncam agus do shócmhainní le chéile.

Is éard a chiallaíonn lánúin ná:

  • Lánúin phósta a chónaíonn le chéile
  • Lánúin den ghnéas céanna nó den ghnéas eile a chónaíonn le chéile mar chomhpháirtithe saoil ar feadh trí bliana ar a laghad

Ní chuimsíonn sé gaolta a chónaíonn le chéile, nó beirt daoine fásta a chónaíonn le chéile ach nach bhfuil ina gcomhpháirtithe saoil.

Ioncam agus sócmhainní

Áirítear le hioncam:

  • Tuilleamh
  • Pinsean
  • Sochair nó liúntais leasa shóisialaigh
  • Ioncam as a bheith in oifig nó stiúrthóireacht
  • Ioncam ó tháillí, ó choimisiúin, ó dhíbhinní nó ó ús
  • Ioncam aistrithe (aon ioncam a d’aistrigh tú chuig duine éigin eile laistigh de 5 bliana ó do chéad iarratas)
  • Ioncam cíosa ó réadmhaoin ar bith nach í do phríomhtheach í
  • Ioncam cíosa ó do phríomhtheach (ríomhtar é seo ag ráta difriúil le hioncam eile)

Is éard is sócmhainn ann ná maoin nó saibhreas ábhartha ar bith, lena n-áirítear maoin nó saibhreas lasmuigh d’Éirinn.

Roinntear sócmhainní in dhá chatagóir, sócmhainní airgid agus sócmhainní neamhairgid.

Áirítear le sócmhainní airgid:

  • Coigilteas agus taiscí
  • Stoic, scaireanna, urrúis agus ionstraimí eile airgeadais
  • Cistí scoir ceadaithe (luach an chiste ar dháta an iarratais)
  • Airgead a thug duine eile ar iasacht duit
  • Sócmhainní airgid a aistríodh chuig duine eile le 5 bliana anuas

Áirítear le sócmhainní neamhairgid:

  • Do theach cónaithe (má tá tú i d’úinéir nó i do chomhúinéir air)
  • Maoin nó talamh ar bith atá i do sheilbh
  • Gnólachtaí
  • Talamh agus maoin thar lear

I gcás sócmhainní, déantar measúnú ar ghlanluach na sócmhainne. Is éard atá sa ghlanluach ná an luach lúide iasachtaí ar bith chun an tsócmhainn a cheannach nó a fheabhsú.

Sócmhainní Aistrithe

Breathnóidh an measúnú ar shócmhainní atá aistrithe agat (mar shampla aon talamh, airgead nó maoin a thug tú do dhuine eile) ó rinne tú iarratas ar thacaíocht Stáit nó sna 5 bliana roimh an iarratas.

Asbhaintí

Féadfaidh tú na hasbhaintí seo a leanas a dhealú ó do mheasúnú airgeadais:

  • Cáin ioncaim, ÍMAT, Muirear Sóisialta Uilíoch agus ÁSPC
  • Tobhaigh a chaithfear a íoc de réir an dlí, amhail cáin réadmhaoine
  • Ús ar iasachtaí a tógadh amach chun do theach a cheannach, a dheisiú nó a fheabhsú (más tusa úinéir an tí)
  • Más tionónta tú, is féidir d’íocaíochtaí cíosa a asbhaint má tá do pháirtí, do leanbh, nó leanbh pháirtí (faoi 21 bliain d’aois) ina gcónaí san áit chónaithe.
  • Costais sláinte amhail cuairteanna ar Dhochtúirí Teaghlaigh, táillí oidis, cógais agus costais leighis tar éis aisíocaíocht chánach, (gan ranníocaíochtaí a íocadh faoi Scéim Chothrom na Féinne a áireamh)
  • Íocaíochtaí cothabhála a dhéantar i leith linbh, céile nó iar-chéile faoi chomhaontú idirscartha nó ordú cúirte
  • Leanbh cleithiúnach in oideachas lánaimseartha.
  • Cúiteamh ar bith a fuair tú faoi scéim chúitimh cháilitheach

An méid a íocfaidh tú i leith do chúraim

Tar éis d’ioncam agus do shócmhainní a mheasúnú, oibreoidh an Measúnú Airgeadais amach cé mhéad a íocfaidh tú i leith do chúraim.

Íocfaidh tú:

  • 80% de d’ioncam (lúide na hasbhaintí thuasluaite),

seachas ioncam cíosa ar do phríomhtheach (príomháit chónaithe) as a n-íocfaidh tú 40% agus

  • 7.5% de luach do shócmhainní in aghaidh na bliana

Ní chuirtear an chéad €36,000 de do shócmhainní (nó €72,000 i gcás lánúine) san áireamh sa Mheasúnú Airgeadais.

Más cuid de lánúin tú, ranníocfaidh tú leath de na méideanna thuas, is é sin, 40% de d’ioncam agus 3.75% de luach do shócmhainní in aghaidh na bliana.

Má tá talamh nó maoin san áireamh i do shócmhainní, féadfar an ranníocaíocht 7.5% atá bunaithe ar na sócmhainní seo a chur siar agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim tar éis do bháis. Féadfaidh tú an ranníocaíocht 7.5% a chur siar trí iarratas a dhéanamh ar iasacht roghnach tí altranais.

Conas a ríomhtar ioncam cíosa ó do theach?

Más úinéir do thí cónaithe tú agus má tá sé á ligean ar cíos do thionónta, ní féidir ach 40% den ioncam cíosa seo a íoc i leith cúram tí altranais. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat 60% den ioncam cíosa a choinneáil. Is é do theach do phríomháit chónaithe.

Más rud é nach é do theach cónaithe atá ligthe ar cíos agat ach teach eile, caithfidh tú 80% den ioncam cíosa a íoc i leith cúraim tí altranais.

Conas iarratas a dhéanamh

Céim 1: Comhlánaigh an fhoirm iarratais ar Ioncam Cíosa ó do Phríomháit Chónaithe Phríobháideach (pdf).

Céim 2: Seol cóipeanna díobh seo a leanas chuig Oifig Tacaíochta na dTithe Altranais i do cheantar áitiúil:

  • Litir fhaofa clárúcháin ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe
  • Comhaontú cíosa a thaispeánann an méid cíosa
  • Fógra measúnaithe is déanaí ó na Coimisinéirí Ioncaim

Mura bhfuil do theach cláraithe agat leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, seans go gcáileoidh sé fós don ráta 40% ar ioncam ó do theach a ligean ar cíos. Déan teagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe chun comhairle faoi sin a fháil.

Uasteorainn 3 bliana

Ní áirítear roinnt sócmhainní sa mheasúnú airgeadais ach amháin do na chéad 3 bliana atá tú faoi chúram. Tugtar ‘an uasteorainn 3 bliana’ air seo. Ciallaíonn sé go n-íocann tú ranníocaíocht 7.5% bunaithe ar luach sócmhainní áirithe ar feadh tréimhse suas le 3 bliana.

Is féidir na nithe seo a leanas a áireamh sna sócmhainní seo:

  • Do theach cónaithe
  • Na fáltais ó dhíolachán do thí
  • D’fheirm nó do ghnó

Tar éis 3 bliana, ní thabharfaidh tú aon íocaíocht bhreise bunaithe ar na sócmhainní seo, fiú má tá cúram tí altranais fós a fháil agat ar bhonn fadtéarmach. Tá feidhm ag an ‘uasteorainn 3 bliana’ cibé an roghnaíonn tú Iasacht Tí Altranais a fháil nó gan í a fháil.

Cuirfear gach sócmhainn eile san áireamh fad a bheidh tú faoi chúram.

Má bhí tú tar éis a bheith i dteach altranais ar feadh 3 bliana cheana féin nuair a dhéanann tú iarratas ar an scéim, ní íocfaidh tú an 7.5% ar do theach.

Lánúineacha agus an 'uasteorainn 3 bliana'

Más cuid de lánúin tú, íocfaidh tú ranníocaíocht 3.75% bunaithe ar do theach cónaithe ar feadh 3 bliana ar a mhéad. Baineann uasteorainn 11.25% de luach na maoine le do ranníocaíocht iomlán thar na 3 bliana.

Má tá an bheirt pháirtí faoi chúram, cuirtear teorainn 22.5% leis an ranníocaíocht iomlán.

Má fhaigheann tú Iasacht Tí Altranais do do theach, is féidir le do pháirtí iarratas a dhéanamh freisin go gcuirfear aisíocaíocht na hiasachta siar ar feadh a s(h)aoil. Léigh faoin measúnú airgeadais i gcás lánúine.

Do theach cónaithe

Bainfear do theach ó do mheasúnú airgeadais tar éis duit a bheith faoi chúram le haghaidh 3 bliana. Ní áirítear leis seo an t-ioncam cíosa a fhaigheann tú ó do theach. Ní gá duit rud ar bith a dhéanamh.

Má dhíolann tú do theach agus tú faoi chúram, beidh glanfháltais an díolacháin incháilithe don uasteorainn 3 bliana. Caithfear teagmháil a dhéanamh le hoifig tacaíochta na dtithe altranais i do cheantar áitiúil má dhíolann tú do theach.

Feirmeacha agus úinéirí gnó

Is féidir feirmeacha agus gnólachtaí faoi úinéireacht teaghlaigh a chur san áireamh san ‘uasteorainn 3 bliana’ má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.

Seo cuid acu siúd:

Más mian leat d’fheirm nó do ghnó a áireamh san ‘uasteorainn 3 bliana' féach Cuid 6 den fhoirm iarratais ar Scéim Chothrom na Féinne (pdf) chun eolas agus sonraí iarratais a fháil.

Caithfidh do chomharba a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine agus is gá gurb é do pháirtí atá i gceist, nó gaol leat féin nó le do pháirtí.

Tábla achomair do ranníocaíocht bhliantúil 7.5% maidir le sócmhainní

Sócmhainní 7.5% in aghaidh na bliana Uasteorainn 3 bliana Rogha chun Iasacht Tí Altranais a ghlacadh Rogha chun é a chur siar arís
Sócmhainn inmhuirearaithe Níl

Yes, if they are a land-based asset in Ireland.

Otherwise no.

Níl
Is féidir, más sócmhainn talamhbhunaithe in Éirinn iad.Níl, murach sin Príomháit Chónaithe Phríobháideach (do phríomhtheach)
Tá, más in Éirinn é. Feirm nó Gnó ábhartha Tá (ach bíonn critéir cháilitheacha áirithe i gceist) Níl

Nuair a bheidh na measúnuithe críochnaithe

Nuair a bheidh na Measúnaithe ar Riachtanais Chúraim agus na Measúnuithe Airgeadais curtha i gcrích, scríobhfaidh FSS chugat faoi na rudaí seo a leanas:

  • An méid a chaithfidh tú a íoc mar ranníocaíocht i leith do chúraim
  • Cibé an gcáilíonn tú le haghaidh tacaíochta Stáit agus Iasacht Tí Altranais
  • Cad iad na tithe altranais atá páirteach sa scéim

Is féidir teach altranais ar bith atá páirteach i Scéim Chothrom na Féinne a roghnú sna cásanna seo a leanas:

  • Tá áit ann duit.
  • Is féidir leis an teach freastal ar do chuid riachtanas. Beidh ar an teach altranais measúnú a dhéanamh féachaint an féidir leo freastal ar do chuid riachtanas.

Beidh d’íocaíocht mar an gcéanna do theach altranais deonach, príobháideach nó poiblí.

Féadfaidh tú athbhreithniú airgeadais eile a lorg 12 mhí tar éis do chéad mheasúnaithe/athbhreithnithe deiridh. Mar sin féin, féadfaidh FSS athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnú airgeadais am ar bith.

Íocaíochtaí FSS

Tosóidh FSS ag íoc na tacaíochta Stáit agus an iasacht tí altranais ó cheachtar de na dátaí seo a leanas (ag brath ar an dáta is déanaí):

  • An dáta a fhaomhtar an t-iarratas
  • An dáta a thógtar isteach sa teach altranais tú

Liosta feithimh

Tá leibhéal socraithe maoinithe ann don scéim gach bliain, mar sin is féidir go gcuirfear d’ainm ar liosta feithimh go dtí go mbeidh maoiniú ar fáil. Más é seo an cás, cuirfidh FSS in iúl duit é nuair a scríobhann sé chugat chun a chur in iúl duit cibé an bhfuil tú cáilithe do thacaíocht Stáit. Cé go mb’fhéidir go bhfuil tú ar liosta feithimh, deimhneoidh FSS go bhfuil tacaíocht airgeadais ceadaithe duit faoin scéim.

Do ranníocaíocht a íoc

Má roghnaíonn tú teach altranais phoiblí nó dheonach, íocfaidh tú an ranníocaíocht le FSS, agus íocfaidh FSS an teach altranais ansin.

Má roghnaíonn tú teach altranais príobháideach, íocann tú do ranníocaíocht leis an teach altranais agus íocann FSS an chuid eile di.

Ní íocfar tacaíocht airgeadais ach amháin má aithnítear go bhfuil an teach altranais oiriúnach do do riachtanais.

Ráthaíochtaí airgeadais

Mar chuid den Mheasúnú Airgeadais, cuirtear na ráthaíochtaí seo a leanas i bhfeidhm:

  • Ní íocfaidh tú níos mó ná an costas iarbhír an chúraim
  • Coinneoidh tú liúntas pearsanta 20% de d’ioncam nó 20% d’uasráta an Phinsin Stáit (Neamhranníocach), cibé acu is mó
  • Má tá céile nó páirtí fágtha sa bhaile agat, fágfar 50% d’ioncam na lánúine nó uasráta an Phinsin Stáit (Neamhranníocach), cibé acu is mó.

Iasacht Tí Altranais

Gné roghnach de Scéim Chothrom na Féinne is ea an iasacht tí altranais. Is rogha é má tá sócmhainní ag an duine atá faoi chúram tí altranais, lena n-áirítear talamh agus réadmhaoin.

Má fhaomhtar tú don Iasacht Tí Altranais, is féidir an ranníocaíocht bunaithe ar do shócmhainní (talamh nó maoin) a chur siar. Ciallaíonn sé seo go n-íocfaidh FSS an t-airgead leis an teach altranais ar do shon, agus baileofar é tar éis do bháis nó tar éis dhíolachán do shócmhainní go léir nó cuid díobh.

I gcúinsí áirithe, féadfar an íocaíocht a chur siar ar feadh tréimhse níos faide, mar shampla, má tá céile nó páirtí, nó d’iarchúramóir, fós ina gcónaí i do theach.

Déantar an iasacht a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Iarratas a Dhéanamh ar an Iasacht Tí Altranais

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tí Altranais, féach Cuid 5 den fhoirm iarratais ar Scéim Chothrom na Féinne (pdf) chun eolas agus sonraí iarratais a fháil. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Iasacht Tí Altranais nuair a dhéanann tú iarratas ar Scéim Chothrom na Féinne ar dtús, nó ag am ar bith agus tú i do chónaí sa teach altranais.

Chun iarratas a dhéanamh ar an Iasacht Tí Altranais, ní mór duit toiliú i scríbhinn a sholáthar chun Ordú Muirir a chlárú i gcoinne do shócmhainne. Más cuid de lánúin tú, ní mór do do chéile nó do pháirtí toiliú i scríbhinn a sholáthar freisin. Is cineál morgáiste simplí é an tOrdú Muirir a chinntíonn an t-airgead a thugann FSS ar iasacht.

Tar éis duit toiliú a thabhairt, tá FSS freagrach as an Ordú Muirir a dhéanamh, é a chlárú i gcoinne do shócmhainn agus íocaíochtaí Iasachta Tí Altranais a dhéanamh ar do shon. Ní bheidh ort aon rud a dhéanamh (ach seans go mbeidh ar FSS an t-eolas a tugadh i d’iarratas a sheiceáil leat).

Mura bhfuil sé d’acmhainn ag duine toiliú leis an Iasacht Tí Altranais agus leis an Ordú Muirir, ní féidir ach duine amháin díobh seo a leanas iarratas a dhéanamh orthu ar a son:

  • Ionadaí cúraim (duine arna cheapadh ag an gCúirt Chuarda)
  • Coimircí Cúirte (duine arna cheapadh ag Oifig na gCoimircithe Cúirte)
  • Sealbhóir ar chumhacht mharthanach aturnae chláraithe (roghnaithe chun gníomhú thar ceann duine eile)

Féach 'Conas iarratas a dhéanamh thar ceann duine eile i gcáil duine sonraithe' thíos?'

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an iasacht tí altranais roghnach agus sa chás go bhfaomhtar d’iarratas, ní gá duit leas a bhaint as má thagann athrú intinne ort.

Léigh faoin Iasacht Tí Altranais a aisíoc.

Conas iarratas a dhéanamh thar ceann duine eile

Ba cheart gurb é/í an duine atá ag déanamh an iarratais ar chúram tí altranais a chomhlánaíonn agus a shíníonn an fhoirm iarratais ar Scéim Chothrom na Féinne (pdf). I gcásanna áirithe, áfach, féadfaidh duine éigin eile iarratas a dhéanamh ar a son mar a mhínítear thíos. Ní bhaineann táille ar bith le hiarratas a dhéanamh ar Scéim Chothrom na Féinne.

Cad is duine sonraithe ann?

Chun cabhrú le duine a bhfuil cumas cinnteoireachta laghdaithe aige/aici iarratas a dhéanamh ar Scéim Chothrom na Féinne, is riachtanach gur duine sonraithe tú. Féadfaidh duine sonraithe iarratas a dhéanamh thar ceann duine a bhfuil cúram de dhíth orthu ach nach bhfuil in ann iarratas a dhéanamh é/á féin.

Is éard atá i gceist le duine sonraithe ná:

An chéad tosaíocht

Ionadaí cinnteoireachta (duine arna cheapadh ag an gCúirt Chuarda)

Duine a cheapfar faoi chumhacht mharthanach aturnae nach bhfuil srianta ó chur isteach ar an scéim

Do Choiste, más coimircí cúirte tú

Tosaíocht níos lú

Do chéile nó do pháirtí

Leanbh de do chuid atá 18 mbliana d’aois nó níos sine

Lia-chleachtóir cláraithe, altra nó oibrí sóisialta cláraithe

Má bhí ionadaí cúraim agat, tugtar ionadaí cinnteoireachta air/uirthi anois. Is féidir leo fós gníomhú ar do shon.

Cá ndéanfaidh mé iarratas ar Scéim Chothrom na Féinne?

Is féidir foirm iarratais (pdf) a íoslódáil anseo. Tá foirmeacha ar fáil freisin ó shuíomh cúraim sláinte ar bith i do cheantar, lena n-áirítear d’Oifig Sláinte Áitiúil agus ospidéil. Seol an fhoirm chomhlánaithe mar aon leis na doiciméid atá liostaithe ar an bhfoirm iarratais chuig Oifig Tacaíochta na dTithe Altranais Áitiúla i do cheantar áitiúil.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le hOifig Tacaíochta na dTithe Altranais i do cheantar áitiúil nó déan teagmháil le foireann FSS Beo ar 1800 85 1500 nó ar 01 240 8787.

Conas achomharc a dhéanamh ar chinneadh

Achomhairc

Nuair a scríobhann FSS chugat faoi thoradh do Mheasúnaithe ar do Riachtanais Chúraim agus Airgeadais, leagfar amach sa chomhfhreagras an próiseas achomhairc agus tabharfar sonraí d’Oifig Achomharc áitiúil duit.

Mar shampla, má fhaigheann do Mheasúnú ar Riachtanais Chúraim amach nach bhfuil cúram fadtéarmach tí altranais de dhíth ort, féadfaidh tú achomharc i gcoinne an chinnidh a dhéanamh chuig d’Oifig Achomharc áitiúil.

Athbhreithnithe

Is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar Mheasúnú ar Riachtanais Chúraim i ndiaidh sé mhí, nó níos luaithe sna cásanna seo a leanas:

  • Tá FSS den tuairim go bhfuil athrú ábhartha (suntasach) tagtha ar do shláinte nó ar do chúinsí
  • Deir lia-chleachtóir cláraithe go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar do shláinte nó ar do chúinsí ó rinneadh do mheasúnú ar riachtanais chúraim roimhe sin.

Is í d’Oifig Tacaíochta Tithe Altranais áitiúil a dhéanfaidh an t-athbhreithniú. Déan teagmháil leo más mian leat go ndéanfar athbhreithniú ar do Riachtanais Chúraim nó ar do Mheasúnú Airgeadais.

Tar éis do FSS cinneadh a dhéanamh, cuirfidh siad an cinneadh in iúl duit laistigh de 10 lá oibre, mar aon leis na cúiseanna a bhaineann leis.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Lúnasa 2023