Scéim Tinneas Fadtéarmach

Réamhrá

Má tá riocht sláinte ort atá cumhdaithe ag an Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí, is féidir leat drugaí, cógais agus feistí leighis agus máinliachta saor in aisce a fháil chun cóir leighis a chur ar an riocht sin.

Caithfidh go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn chun cáiliú. Ciallaíonn seo go bhfuil cónaí ort anseo agus go bhfuil sé ar intinn agat cónaí anseo ar feadh bliain amháin, ar a laghad. Ní cháilítear mic léinn ó áiteanna lasmuigh den AE don Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí.

Cuimhnigh nach mbraitheann Scéim na dTinneas Fadtéarmach ar d’ioncam ná ar chúinsí eile. Is féidir go mbeidh tú incháilithe freisin le haghaidh Cárta leighisCárta Cuairte ar Dhochtúir Ginearálta, ag brath ar do chuid cúinsí.

Rialacha

I measc na galair seo tá:

  • Bac intinne
  • Tinneas intinne (do dhaoine faoi 16 d'aois amháin)
  • Diabetes insipidus
  • Diabetes mellitus
  • Haemifile
  • Pairilis cheirbreach
  • Feinilcéatónúire
  • Titeamas
  • Fiobríos chisteach
  • Scléaróis ilchodach
  • Spina bifida
  • Dystrophies matánach
  • Hydrocephalus
  • Galar Parkinson
  • Géarleoicéime
  • Reachta de thoradh Tailídimíde

Má cháilíonn tú, gheobhaidh tú cárta breoiteachta fadtéarmaí.

Ní gá duit táille oidis a íoc ar dhrugaí má cheadaítear thú faoin Scéim Breoiteachta Fadtéarmaí. Caithfear íoc as drugaí agus cógais eile nach mbaineann leis an riocht a shonraítear ar an ngnáthbhealach.

Má tá tú i dteideal na scéime, éisíotar duit leabhar tinneas fadtéarmach. Bíonn liosta sa leabhar seo de na drugaí agus leigheasanna a theastaíonn chun cóir leighis a chur orthu, agus cuirfear iad seo ar fáil dóibh saor in aisce tríd an bpoitigéir áitiúil. Ní gá duit táille oidis a íoc i gcás drugaí atá clúdaithe ag do leabhar tinnis fhadtéarmaigh. Ní mór duit íoc na drugaí agus leigheasanna nach bhfuil bainteach leis an riocht sonraithe.

Má scríobhann do dhochtúir nó do theiripeoir saothair oideas um fhearas leighis nó máinliachta, soláthrófar duitse é ó d’Oifig Sláinte Áitiúil

Neamhshealbhóirí chárta leighis, neamhshealbhóirí chárta cuairte dochtúra agus ríochtaí leighis nach gcumhdaítear faoin Scéim na dTinneas Fadtéarmach

An Scéim Íocaíochta Drugaí

Mura bhfuil cárta leighis ná cárta cuairte dochtúra ná riocht leighis a liostaítear thuas agat, féadann tú leas a bhaint as Scéim na nÍocaíochtaí Drugaí.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir an fhoirm a fháil ó d'Oifig Sláinte Áitiúilíoslódáil foirm iarratais (pdf).

Cá háit a dheánfaidh mé iarratas?

None

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Meitheamh 2019