Clúdaigh aghaidhe le linn COVID-19

Réamhrá

Moltar duit aghaidhmhasc a chaitheamh i gcásanna áirithe chun cabhrú le leathadh COVID-19 a stopadh.

Níl sé éigeantach a thuilleadh aghaidhmhasc a chaitheamh ar iompar poiblí, i dtacsaithe, i siopaí, i scoileanna agus i gceantair phoiblí eile faoi dhíon.

Ní gá don fhoireann i mbialanna, i dtithe tábhairne, in óstáin agus i suíomhanna fáilteachais eile aghaidhmhasc a chaitheamh.

Má tá aghaidhmhasc á chaitheamh agat b’fhéidir go n-iarrfar ort do aghaidhmhasc a bhaint chun d’aois nó d’aitheantas a fhíorú don fhoireann.

Cathain ar chóir dom aghaidhmhasc a chaitheamh?

•Má tá tú i mbaol níos mó a bheith tinn má fhaigheann tú COVID-19 moltar duit aghaidhmhasc a chaitheamh laistigh nó in áiteanna plódaithe. Is féidir leat léamh faoi na riochtaí a d’fhéadfadh tú a fhágáil i mbaol níos airde a bheith go dona tinn má fhaigheann tú COVID-19.

  • Má tá tú ag tabhairt cuairt ar dhuine atá i mbaol níos airde ó COVID-19
  • Má tá tú ag tabhairt cuairte ar shuíomh cúram sláinte, mar shampla clinic DG nó ospidéal.
  • Má tá COVID -19 ort ba chóir duit aonrú ar feadh 7 lá ach más gá duit a bheith sa seomra céanna le duine eile, ba chóir do gach duine sa seomra aghaidhmhasc a chaitheamh.
  • Má tá 7 lá féin-aonraithe déanta agat ba chóir duit aghaidhmhasc a chaitheamh ar feadh 3 lá ina dhiaidh sin..

Seiceáil cén masc ba chóir duit a chaitheamh má tá COVID -19 ort.

Cathain a mholtar aghaidhmhasc a chaitheamh?

Moltar duit aghaidhmhasc a chaitheamh agus iompar poiblí á úsáid agat. Áirítear leis seo i dtacsaithe, chomh maith le i stáisiúin bus agus iarnróid.

Cé nach moltar dóibh aghaidhmhasc a chaitheamh?

Ní mholtar aghaidhmhasc do roinnt daoine, lena n-áirítear leanaí faoi 9. Féadfaidh oibrí cúram sláinte ag clinic dochtúra, ospidéal nó ionad tástála COVID-19 iarraidh ar leanaí faoi 9 mbliana d'aois ceann a chaitheamh.

Níor chóir do na daoine seo a leanas aghaidhmhasc a chaitheamh:

  • Daoine a bhfuil deacrachtaí análaithe acu
  • Daoine a mhothaíonn míchompordach agus aghaidhmhasc á gcaitheamh acu
  • Daoine a bhfuil deacrachtaí cumarsáide acu

Leanaí agus aghaidhmhaisc

Nuair a bhíonn masc aghaidhe á roghnú agat do do leanbh, déan cinnte go bhfuil sé deartha do leanaí ionas go n-oireann sé i gceart. D'fhéadfadh nach n-oibreodh maisc leighis agus análaitheora go maith do leanaí má tá a n-aghaidh beag. Bain úsáid as masc éadach a oireann iad.

  • Ba chóir do leanaí 9 mbliana d’aois agus níos sine masc aghaidh a chaitheamh i suíomhanna cúram sláinte.
  • Moltar do leanaí os cionn 9 mbliana d’aois masc aghaidh a chaitheamh ar iompar poiblí agus scoile ach níl sé éigeantach.
  • Is féidir leat a léamh cad iad na bearta cosanta atá i bhfeidhm i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ó 28 Feabhra 2022 i leith.

Cén cineál aghaidhmhaisc ba chóir dom a úsáid?

Má tá cás deimhnithe de COVID-19 agat ba chóir duit aonrú ar feadh 7 lá agus aghaidhmhasc a chaitheamh ar feadh 10 lá.

  • Má tá tú 12 bliana d’aois nó níos sine, ba cheart duit grád leighis nó FFP2 (aghaidhmhasc análaitheora) a chaitheamh.
  • Má tá tú 9-12 bliana d'aois, ba chóir duit aghaidhmhasc atá fáiscthe go maith a chaitheamh.

Masc leighis nó análaitheora

Is maisc indiúscartha iad aghaidhmhaisc leighis (ar a dtugtar maisc máinliachta freisin). De ghnáth bíonn dath glas nó gorm orthu.

De ghnáth tá 4 shraith d'ábhar éadrom, cosúil le páipéar ag maisc análaitheora . De ghnáth bíonn siad bán ar an taobh istigh agus ar an taobh amuigh. Is cineálacha maisc riospráide iad FFP2, FFP3, N95 agus KN95. Tá siad go léir an-chosúil lena chéile.

Aghaidhmhaisc éadaigh

Ní trealamh cosanta pearsanta (PPE)iad clúdaigh aghaidhe éadaigh.

Agus tú ag roghnú aghaidhmhasc, déan cinnte:

  • Go bhfuil siad fáiscthe ar thaobh d'aghaidh agus nach bhfuil aon bhearnaí
  • Go gclúdaíonn siad do shrón agus do bhéal go hiomlán
  • Go bhfuil dhá shraith nó níos mó d'fhabraic in-nite, inanálaithe acu

Seachain aghaidhmhaisc le comhlaí toisc go n-úsáidtear iad seo chun tú a chosaint ó dhusta agus ní chun tú a chosaint ó COVID-19.

Nuair a bhíonn clúdach aghaidh á chaitheamh agat, ba chóir duit leanúint ar aghaidh ag déanamh an méid seo a leanas:

  • Do lámha a ní i gceart agus go minic
  • Do bhéal agus do shrón a chlúdach le fíochán nuair a dhéanann tú casacht nó sraothartach
  • Fanacht 2 mhéadar ar a laghad ó dhaoine eile

Scáthláin

Má chaitheann tú scáthlán ní thugann sé an oiread cosanta le haghaidhmhasc mar ní chlúdaíonn sé do shrón agus do bhéal. Ní mholtar scáthlán nó sciath aghaidhe a chaitheamh in áit masc. Níor chóir iad a chaitheamh ach amháin má tá tinneas nó lagú ort a fhágann go bhfuil sé deacair aghaidhmhasc a chaitheamh.

Léigh tuilleadh faoi scáthláin ar láithreán gréasáin FSS.

Conas aghaidhmhasc a chaitheamh?

Ba chóir duit do lámha a ní sula cuireann tú ort do chlúdach aghaidh. Ná leag lámh air agus tú á chaitheamh agus má leagann tú lámh air trí thimpiste, nigh do lámha láithreach bonn.

Déan cinnte go gclúdaíonn an t-éadach do shrón agus do bhéal go hiomlán. Ba cheart duit seiceáil go bhfuil sé ceangailte go daingean agus go luíonn sé go teann ar thaobh d’aghaidh.

Coinnigh do chlúdaigh bhreise i mála glan, uiscedhíonach (cosúil le mála ziplock).

Agus tú ag baint do chlúdach aghaidhe, bain úsáid as na sreangáin ar chúl. Ná leag lámh ar an gcuid tosaigh. Má tá do chlúdach aghaidhe indiúscartha, caith isteach i mbosca bruscair é díreach tar éis é a úsáid. Má tá sé in-athúsáidte, ba chóir duit é a ní in uisce te (60 céim nó níos teo) le glantach.

Léigh tuilleadh faoi na treoirlínte maidir le clúdach aghaidhe a chaitheamh i gceart agus na ceanglais sábháilteachta maidir le clúdaigh aghaidhe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Eanáir 2021