Coimisiún imscrúdaithe

Réamhrá

Saghas fiosrúcháin é coimisiún imscrúdúcháin a dhéantar ar cheist atá ina hábhar buartha poiblí. Ní chosnaíonn siad an oiread céanna a chosnaíonn binse fiosrúcháin. Faoi roinnt cúinsí, féadtar binse fiosrúcháin a bhunú i ndiaidh gur thuairiscigh coimisiún.

Foráiltear san Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004 do choimisiúin imscrúdúcháin a bhunú ar féidir leo ceisteanna atá ina n-ábhar mór buartha poiblí a imscrúdú. Ní chosnaíonn siad an oiread céanna a chosnaíonn binse fiosrúcháin agus tá siad níos tapúla ná na binsí siúd. Faoi roinnt cúinsí, féadtar binse fiosrúcháin a bhunú i ndiaidh gur thuairiscigh coimisiún.

Bunaítear coimisiún trí ordú rialtais – caithfidh an Dáil agus an Seanad é seo a cheadú. Leagann an Rialtas nó Aire aonair na téarmaí tagartha amach. Caithfear ráitis ina leagtar amach fad agus costas dóchúil imscrúdaithe gabháil leis na téarmaí seo.

Coimisiúin a bunaíodh

Bunaíodh na coimisiúin imscrúdúcháin seo a leanas faoi Acht 2004:

Ainm agus an bhliain a bunaíodh é Cad faoi a bhí sé? Tuarascáil
Buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin - 2005 Gnéithe d’imscrúdú an Gharda Síochána ar an mbuamáil i mBaile Átha Cliath agus Muineachán an 17 Bealtaine 1974 agus an cháipéisíocht a cailleadh a bhain leis an mbuamáil Eisíodh an tuarascáil deiridh in 2007
Cás Dean Lyons - 2006 Admháil bhréagach go ndearna sé beirt bhan a dhúnmharú i nGráinseach Ghormáin i 1997 Foilsíodh tuarascáil deiridh in 2006
Drochúsáid ghnéasach leanaí – 2006 (Baile Átha Cliath) agus 2009 (Cluain) Líomhaintí i leith drochúsáid ghnéasach leanaí in aghaidh cléir Chaitliceach in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath agus Chluana Foilsíodh tuarascáil fholaithe in 2009 (Baile Átha Cliath) agus in 2010 (Cluain)
Teach Altranais Leas Cross - 2007 Teach altranais a bhainistiú agus a oibriú agus a mhaoirsiú i mBaile Átha Cliath, i ndiaidh go ndearnadh imscrúdú ceilte air a craoladh ar an teilifís Foilsíodh tuarascáil deiridh i Meitheamh 2009
Bás Gary Douch i bPríosún Mhuinseo – 2007 Na cúinsí a bhain le bás príosúnaigh i bPríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2014
An Earnáil Bhaincéireachta - 2010 Cliseadh na hearnála baincéireachta agus ról na gcomhlachtaí rialála idir 2003 agus 2008 Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2011
Ceisteanna Áirithe maidir leis an nGarda Síochána agus daoine eile - 2014 Glaonna gutháin a thaifeadadh i stáisiúin Ghardaí idir 1980 agus 2013 Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2016
Coimisiún Rónáin Mhic Lochlainn - 2014 Garda a dhúnmharaigh comhaltaí an Fhíor-IRA i 1998 Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2018
Ceisteanna Áirithe maidir le Roinn an Chabháin/Mhuineacháin den Gharda Síochána – 2015 Institiúidí do mháithreacha neamhphósta, Neachtlanna Magdelene san áireamh, idir 1922 agus 1998 Foilsíodh an tuarascáil deiridh in 2021
An Coimisiún Imscrúdcháin ar an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc (an CÉRB) – 2015 Idirbhearta áirithe inar iontráil an CÉRB Foilsíodh naoi dtuarascáil eatramhacha. Bhí súil leis an tuarascáil deiridh ag deireadh Dheireadh Fómhair 2021
Ceisteanna Áirithe maidir le Seirbhís Míchumais san Oirdheisceart agus Ceisteanna Gaolmhara - 2017 Ról daoine éagsúla, cúramóirí altrama san áireamh, faoi chúram leanaí a cuireadh faoi chúram teaghlaigh áirithe agus an bealach a tugadh faoi nochtadh cosanta Foilsíodh dhá thuarascáil eatramhacha. Tá súil le tuarascáil deiridh chéim a haon in Iúil 2022.
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní - 2017 Idirbhearta áirithe a bhfuil an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) mar pháirtí leo agus oibríochtaí NAMA Foilsíodh aon tuarascáil eatramhach déag. Tá súil leis an tuarascáil deiridh ag deireadh mhí na Nollag 2021.
Freagairt ar ghearáin nó líomhaintí i leith drochúsáid ghnéasach leanaí a rinneadh in aghaidh Bille Kenneally agus ceisteanna gaolmhara - 2018 Drochúsáid ghnéasach leanaí agus freagairt an Gharda Síochána agus daoine eile do na líomhaintí siúd Níor eisíodh aon tuarascálacha go dtí seo

Cumhachtaí coimisiún

Lorgaíonn coimisiúin comhoibriú deonach finnéithe ach tá cumhachtaí acu iallach a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt, más gá. Tá cumhachtaí acu freisin áitreabh a chuardach agus cáipéisí a ghlacadh.

Go ginearálta, tugtar fianaise go príobháideach. Níl an chosúlacht chéanna idir coimisiúin agus cúirt dlí, i gcomparáid le binsí. Ní bheidh ionadaithe dlíthiúla páirtithe eile i láthair ach má tá an Coimisiún sásta gur gá dóibh a bheith i láthair ar mhaithe leis an imscrúdú agus le nósanna imeachta cothroma. Ní féidir finnéithe a chroscheistiú ach má chomhaontaíonn an coimisiún leis.

Foráiltear san Acht do threoirlínte a ullmhú ag an Aire ábhartha maidir le costais dlí finnéithe. D’fhéadfadh duine a chuireann bac ar an gcoimisiún nó nach gcomhoibríonn a bheith faoi dhliteanas íoc as aon chostais bhreise a eascraíonn uaidh seo.

Tuarascálacha coimisiúin imscrúdúcháin

Déanann coimisiún tuarascáil deiridh ar thorthaí le hAire sonraithe. Is féidir leis an Aire tuarascálacha eatramhacha a iarraidh maidir le dul chun cinn ginearálta imscrúdú coimisiúin nó ar ghné ar leith den imscrúdú.

Tá oibleagáid ar an Aire tuarascáil deiridh an choimisiúin a fhoilsiú murach go measann an tAire go bhféadfadh aon fhoilseachán den saghas sin difear a dhéanamh d’aon imeachtaí coiriúla atá ar bun. Sa chás sin, is féidir leis an Aire iarratas a dhéanamh leis Ard-Chúirt ar threoracha.

Tá forálacha ann do dhaoine a ainmnítear sa tuarascáil le cur in aghaidh na dtorthaí maidir leo.

Is féidir leat tuarascálacha iomlána na gcoimisiún a léamh sa tábla thuas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Eanáir 2022