Rialúchán na brústocaireachta

Réamhrá

Is atá i gceist le brústocaireacht dearcthaí a chur in iúl do pholaiteoirí agus do sheirbhísigh phoiblí i leith dlíthe, beartas agus cleachtas, chomh maith lena lorg go ndéantar na dlíthe, beartais agus cleachtais úd a athrú, b’fhéidir. Is iomaí cineál brústocaireachta atá ann. D’fhéadfá do dhearcthaí mar shaoránach príobháideach a chur in iúl i leith saincheisteanna a théann i bhfeidhm go díreach ort nó d’fhéadfá dearcthaí a chur i láthair faoi shaincheisteanna a dhéanann difear do ghrúpaí eile daoine. D’fhéadfá bheith ag brústocaireacht go pearsanta nó d’fhéadfá duine éigin eile a fháil chun brústocaireacht a dhéanamh ar do shon nó d’fhéadfá an bhrústocaireacht a dhéanamh i scríbhinn.

Foráiltear san Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 gur gá do dhaoine a dhéanann brústocaireacht clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Caithfidh siad eolas a thabhairt faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta freisin. Cuirtear cód iompair ar fáil freisin do ghníomhaíochtaí brústocaireachta agus tugann sé “tréimhse shuaimhnithe” isteach nach féidir le roinnt iaroifigeach aon bhrústocaireacht a dhéanamh lena linn.

Is féidir leat teacht ar Chlár na Brústocaireachta ar lobbying.ie.

Ní ghearrtar aon táille ar chlárú mar bhrústocaire ná ar amharc ar Chlár na Brústocaireachta.

Cé ar gá dó/di clárú chun brústocaireacht a dhéanamh?

Tá ort clárú má thugann tú faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta, a chiallaíonn:

•Tá cumarsáid go díreach nó go hindíreach á déanamh agat le hoifigeach poiblí ainmnithe

•Tá cumarsáid á déanamh agat faoi cheist ábhartha

•Ní cumarsáid eiscthe í an chumarsáid.

Agus duine de na daoine seo a leanas thú:

•Brústocaire gairmiúil atá á íoc ag cliant le brústocaireacht a dhéanamh ar a son (nuair is fostóir breis agus 10 bhfostaí lánaimseartha nó níos mó é an cliant nó nuair is comhlacht ionadaíoch nó comhlacht abhcóideachta é an cliant ag a bhfuil ar a laghad fostaí lánaimseartha amháin)

•Fostóir a bhfuil breis agus 10 bhfostaí aige ina ndéantar an chumarsáid thar do cheann

•Comhlacht ionadaíoch ag a bhfuil ar a laghad fostaí amháin, a dhéanann cumarsáid thar ceann a chomhaltaí, nuair a dhéanann fostaí nó sealbhóir oifige íoctha an chomhlachta an chumarsáid.

•Comhlacht abhcóideachta ag a bhfuil ar a laghad fostaí amháin atá ann go príomha chun plé le saincheisteanna ar leith agus fostaí nó sealbhóir oifige a dhéanann cumarsáid ar na saincheisteanna siúd.

•Duine a dhéanann cumarsáid faoi thalamh a fhorbairt nó a chriosú.

Oifigeach ainmnithe poiblí

Is ionann brústocaireacht agus cumarsáid a dhéanamh le hoifigeach poiblí ainmnithe. Is oifigigh ainmnithe phoiblí na daoine seo a leanas:

•Airí Rialtais agus Airí Stáit

•Comhaltaí eile Dháil Éireann (TDanna) agus Sheanad Éireann (Seanadóirí)

•Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) do thoghcheantair sa Stát

•Comhaltaí údarás áitiúil (Comhairleoirí)

•Comhairleoirí Speisialta

•Fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus sealbhóirí oifige

Caithfidh comhlachtaí poiblí eolas a fhoilsiú ar a bhfostaithe arb oifigigh ainmnithe phoiblí iad.

Cumarsáid ar ‘cheist ábhartha’

Caithfidh go bhfuil cumarsáid ábhartha á déanamh agat. Ciallaíonn cumarsáid ábhartha cumarsáid scríofa nó bhéil a dhéantar go pearsanta (go díreach nó go hindíreach) le hoifigeach poiblí ainmnithe i ndáil le ceist ábhartha. Ní áirítear léi cineálacha cumarsáide áirithe. Féach ‘Cumarsáidí Eisceachtúla’ thíos.

Ciallaíonn ceist ábhartha aon cheist a bhaineann le:

•Tionscnamh, forbairt nó modhnú aon bheartais phoiblí nó aon chláir phoiblí,

•Aon dlí a ullmhú nó a leasú

•Aon deontas, iasacht, conradh, nó aon tacaíocht airgeadais, conradh nó comhaontú eile, nó aon cheadúnas nó údarú a bhronnadh ina bhfuil cistí poiblí bainteach

Ní áirítear léi aon cheist nach mbaineann ach amháin le forfheidhmiú aon bheartais, cláir, achtacháin nó bronnta.

Cumarsáid eiscthe

Ní cheaptar gur brústocaireacht faoin reachtaíocht cineálacha cumarsáide áirithe, ar a dtugtar cumarsáid eiscthe. Áirítear leo seo:

•Cumarsáid leis an duine nó ar a son maidir lena ngnóthaí príobháideacha i leith aon cheiste seachas forbairt nó criosú talún

•Cumarsáid ina bhfiafraítear faisnéis fhíorasach nó ina dtugtar faisnéis fhíorasach mar fhreagra d’iarratas ar fhaisnéis

•Cumarsáid arna hiarraidh ag comhlacht seirbhíse poiblí agus arna foilsiú aige

Talamh a chriosú agus a fhorbairt

Ceaptar go bhfuil brústocaireacht ar bun agat má dhéanann tú cumarsáid ábhartha faoin bhforbairt nó criosú talún faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go dtí 2014.

Meastar cumarsáid maidir le cead pleanála a fháil chun d’áit chónaithe phríobháideach phríomha a thógáil nó a shíneadh de bheith ina cumarsáid eiscthe, agus gan bheith ina brústocaireacht dá réir. De réir na reachtaíochta, is ionann d’áit chónaithe phríobháideach phríomha agus áit chónaithe nó cuid d’áit chónaithe ina gcónaíonn tú mar do phríomháit chónaithe nó an t-aon áit chónaithe atá agat. Áirítear léi a mhéid le 1 acra talún cé is moite de d’áit chónaithe, atá agat ar mhaithe le do shaothar agus do thaitneamh féin.

Ní cheaptar cur in iúl do dhearcthaí d’údarás áitiúil bheith ina bhrústocaireacht, sna cásanna seo a leanas:

•Más cuid de phróiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí é agus má bhaineann sé le plean forbartha nó le plean ceantair áitiúil

•Is togra é chun tailte faoi leith a chriosú nó a athchriosú

•Ní hiad an bhrústocaireacht iad na hiarratais ar chead pleanála agus aighneachtaí i ndáil le hiarratas ar chead pleanála.

Má dhéanann tú cumarsáid le hoifigeach poiblí ainmnithe lasmuigh den phróiseas foirmiúil comhairliúcháin phoiblí nó den phróiseas iarratais, áfach, is amhlaidh a chaitheann tú do ghníomhaíocht brústocaireachta a chlárú.

Is féidir leat eolas breise a fháil in treoirlínte ar bhrústocaireacht maidir le talamh a fhorbairt agus a chriosú ón gCoimisiún.

Conas clárú

Má tá tú ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta, ón 1 Meán Fómhair 2015, caithfidh tú clárú ag lobbying.ie. Níl ort clárú sula dtosaíonn tú brústocaireacht. Má thosaíonn tú brústocaireacht idir:

•an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig, caithfidh tú clárú faoin 21 Eanáir

•an 1 Meán Fómhair agus an 30 Nollaig, caithfidh tú clárú faoin 21 Bealtaine

•an 1 Bealtaine agus an 31 Nollaig, caithfidh tú clárú faoin 21 Meán Fómhair

Caithfidh tú an t-eolas seo a leanas a sholáthar nuair a chláraíonn tú:

•D’ainm, má tá brústocaireacht ar bun agat i gcáil phearsanta, nó ainm do chuideachta nó d’eagraíochta

•An seoladh (nó an príomhsheoladh) ag a mbíonn tú i mbun gnó nó (murab ann don seoladh úd) an seoladh ag a ngnáthchónaíonn tú

•Do ghnólacht nó príomhghníomhaíochtaí

•Aon seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin nó seoladh láithreáin ghréasáin a bhaineann le do ghnólacht nó príomhghníomhaíochtaí

•Aon uimhir chlárúcháin a eisítear leat ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí

Caithfidh tú tuairisceáin i leith do ghníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh freisin i rith gach aon cheann de na tréimhsí thuas laistigh de 21 lá ó dheireadh na tréimhse. Caithfidh tú an méid seo a leanas a sholáthar:

•An áit a ndearnadh an bhrústocaireacht ar son duine éigin eile, faisnéis faoin duine sin

•Na hoifigigh phoiblí ainmnithe a ndearnadh brústocaireacht orthu agus an comhlacht poiblí lena bhfostaítear iad nó ina bhfuil oifig nó post éigin eile acu

•Ábhar na brústocaireachta agus an toradh a bhíothas ag ceapadh a fháil Caithfidh tuairisceán ar leith a bheith ann do gach ábhar Caithfidh an fhaisnéis seo a bheith soiléir, mionsonraithe agus bríoch

•Saghas agus méid na ngníomhaíochtaí brústocaireachta faoina dtugtar

•Ainm an duine aonair ar a raibh príomhfhreagracht as stiúradh na ngníomhaíochtaí brústocaireachta

•Ainm gach aon duine ar(bh) oifigeach poiblí ainmnithe iad a fhostaíonn tú nó a sholáthraíonn seirbhísí duit, agus a bhí i mbun na ngníomhaíochtaí brústocaireachta

•Aon athrú a tharla le linn na tréimhse i leith na faisnéise a soláthraíodh chun críocha clárúcháin

Murar thit aon ghníomhaíocht bhrústocaireachta amach sa tréimhse, caithfear sin a lua i do thuairisceán. Ní chaitheann tú tuairisceán a dhéanamh má thugtar le fios i d’iontráil sa Chlár gur tháinig do ghníomhaíochtaí brústocaireachta chur críche go buan.

Amharc ar an gClár

Tá an Clár Brústocaireachta ar fáil le hamharc air saor in aisce ar an láithreán gréasáin lobbying.ie. Tá faisnéis ann faoi:

•Na dreamanna atá i mbun brústocaireachta agus na dreamanna a ndéantar brústocaireacht ar a son

•Na dreamanna a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu

•Na saincheisteanna lena mbaineann agus toradh ceaptha na brústocaireachta

Eolas breise

Cuireann an Coimisiún eolas don phobal anuas ar eolas do bhrústocairí ar fáil a láithreán gréasáin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Deireadh Fómhair 2021