Achtaíodh Bunreacht na hÉireann i 1937. Is doiciméad dlí bunúsach é a dhéanann cur síos i 50 Alt ar an mbealach ba chóir Éire a rialú. Leagtar amach gach cuid den Bhunreacht i nGaeilge agus i mBéarla. 'Bunreacht na hÉireann' atá mar theideal Gaeilge ar an mBunreacht - rud a chiallaíonn ‘Dlí Bunúsach na hÉireann’. Is féidir téacs Bhunreacht na hÉireann a fheiceáil anseo.
Cuireann an Bunreacht brainsí nó orgain an rialtais ar bun, cuireann sé na cúirteanna ar bun, agus leagann sé síos an bealach inar ceart iad a eagrú. Tá feidhm tábhachtach eile ag an mBunreacht; Déanann sé cur síos ar na bunchearta atá ag chuile shaoránach Éireannach.
Ceann de na hAilt is tábhachtaí sa Bhunreacht ná Alt 15.4, a shonraíonn nach féidir leis an Oireachtas dlí ar bith a achtú atá aimhréireach leis an mBunreacht agus go bhfuil dlí den sórt sin neamhbhailí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil forlámhas ag dlí an Bhunreachta ar gach dlí eile lena n-áirítear reachtaíocht. Má bhíonn dlí nua-mholta aimhréireach leis an mBunreacht, ní féidir é a achtú gan an Bunreacht a athrú i dtús báire trí reifreann bunreachtúil. Tá dhá phríomhchuid sa Bhunreacht. Déantar cur síos ar:
Léigh tuilleadh faoin mbealach a dhéantar leasú
Bunreachta agus cad a tharlaíonn in Éirinn maidir le cinntí
agus reachtaíocht mhíbhunreachtúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.