Is í Parlaimint na hEorpa an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh na mBall Stát. Tá 736 ionadaí i bParlaimint na hEorpa faoi láthair, ag déanamh ionadaíocht ar bheagnach 492 milliún saoránach Eorpach i 27 tír. Buaileann an Pharlaimint le chéile agus déanann sí breithniú go poiblí i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Strasbourg sa bhFrainc.
Bhí na chéad thoghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa ar siúl i Meitheamh 1979 agus bíonn siad ar siúl gach 5 bliana i mí an Mheithimh.
Tá réimse leathan grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa. Go hiondúil, téann Feisirí Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) le grúpa polaitiúil ag an bParlaimint agus suíonn siad agus vótálann siad leis an ngrúpa sin. Níl iallach ar FPEanna Pharlaimint na hEorpa, áfach, vótáil lena ngrúpa polaitiúil. Tá uachtarán tofa ag Parlaimint na hEorpa a dhéanann maoirsiú ar ghníomhaíochtaí ar fad na Parlaiminte agus a codanna éagsúla.
Tá trí phríomhchumhacht ag an bParlaimint:
Glacann an Pharlaimint le grúpaí cuairteoirí ina trí áit oibre, an Bhruiséal, an Lucsamburg agus Strasbourg, ní hamháin le linn páirtsheisiúin ach freisin taobh amuigh de pháirtsheisiúin. Seasann cuairteanna idir uair agus trí uaire an chloig agus mar chuid den chuairt tugann oifigeach de chuid Phairlimint na hEorpa caint ar céard é an Pharlaimint agus conas a oibríonn sí, le seisiún ceisteanna agus freagraí ina ndiaidh. Bíonn cur i láthair físeáin nó malartú tuairimí le FPE i gceist i gcuid de na cuairteanna. Faigh tuilleadh eolais faoi chuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa anseo.
Ar cháipéisí oifigiúla Pharlaimint na hEorpa áirítear cáipéisí na gcoistí parlaiminte agus na toscaireachtaí idirpharlaiminte, seisiúin iomlánacha agus ceisteanna parlaiminte. Is féidir leat féachaint freisin ar liosta de cháipéisí oifigiúla go léir Pharlaimint na hEorpa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa leabhrán (pdf). Cuireann Europe Direct cabhair ar fáil le húsáid láithreán gréasáin an AE.
Tugann saoránacht Eorpach an ceart saor-ghluaiseacht agus saor-chónaí do shaoránaigh an AE i gcríocha na mBall Stát, an ceart vóta a chaitheamh agus seasamh i gcomhair toghchán Eorpach agus áitiúil, an ceart cosaint taidhleoireachta i dtíortha sa tríú domhan, chomh maith le:
Is féidir le baill den phobal eolas a fháil freisin ó oifigí eolais Pharlaimint na hEorpa sna baill stáit nó ceisteanna a chur trí Bhosca Poist na Saoránach.
Tá ceart ag gach duine atá ina chónaí i mballstát AE achainí a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, ina aonar nó mar chuid de ghrúpa, le haghaidh ábhar laistigh de théarmaí tagartha Pharlaimint na hEorpa a bhaineann leo go díreach. Tá sonraí teagmhála le haghaidh achainí leagtha amach thíos.
Uachtarán Phairlaimint na hEorpa
Rue Wiertz
B-1047 Brussels
Belgium
Teil:+352 43 00 27 072
Facs:+352 43 00 27 072
Láithreán Gréasáin: http://www.europarl.europa.eu/committees/peti_home_en.htm
Allée du Printemps
B.P. 1024/F F-67070 Strasbourg Cedex
France
Teil:0033 0 388 174 001
Facs:0033 0 388 256 501
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.