Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Eorpach > Institiúidí an AE > Cúirt na nIniúchóirí

Print Page Send to a Friend

Cúirt na nIniúchóirí

Eolas

Is sa Lucsamburg atá ceanncheathrú Chúirt na nIniúchóirí agus tá 27 ball ann, duine ó gach Ballstát. Molann gach Ballstát iarrthóir a cheapann an Chomhairle Aontas na hEorpa ansin i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar feadh tréimhse inathnuaite de 6 bliana.

Tá baill Chúirt na nIniúchóirí neamhspléach agus bíonn taithí acu iniúchadh a dhéanamh ar airgead poiblí. Toghann Baill na Cúirte Uachtarán ar feadh tréimhse 3 bliana.

Tá sé mar phríomhdhualgas ag Cúirt na nIniúchóirí iniúchadh a dhéanamh ar chuntais agus breathnú i ndiaidh cur i bhfeidhm na mbuiséad in institiúidí Aontas na hEorpa. Tá sé mar aidhm aici bainistíocht airgeadais a fheabhsú maidir le airgead an Aontais agus tuairisc a chur ar fáil do shaoránaigh an AE maidir leis an mbealach ina gcaitear airgead an AE. Cuireann sí tuairisc bhliantúil le chéile ag deireadh na bliana airgeadais. Cuirtear an tuairisc seo ar fáil do na hinstitiúidí eile agus ní mór í a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Chomhphobail ionas gur féidir le duine ar bith scrúdú a dhéanamh ar an mbuiséad agus ar chaiteachas aon institiúide de chuid an AE.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chúirt na nIniúchóirí(HQ)

12 Rue Alcide De Gasperi
L-1615
Luxembourg

Teil:00 352 4398 1
Facs:00 352 4393 42
Láithreán Gréasáin: http://eca.europa.eu/portal/page/portal/eca_main_pages/home


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 December 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An tArd-Reachtaire Ciste agus Cuntas
    Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh go bliantúil ar chuntais stáit na hÉireann.
  • Sciúradh airgid
    Pléann an cháipéis seo cúbláil airgid agus na rudaí atá déanta in Éirinn chun teacht roimhe.
  • An córas polaitiúil ag leibhéal náisiúnta
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcóras polaitiúil ag leibhéal náisiúnta, chomh maith le cur síos ar an Oireachtas. Tá míniú tugtha freisin ar na téarmaí polaitiúla a úsáidtear.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.