Conas teacht ar do shonraí pearsanta faoin RGCS

Réamhrá

Tá an ceart bunúsach rochtana agat ar do shonraí pearsanta a fháil ó rialaitheoirí sonraí faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS).

Is ionann sonraí pearsanta agus sonraí a bhaineann leat, nó ar féidir leo thú a aithint leo féin nó i dteannta eolas eile atá ar fáil. Féadtar a áireamh le sonraí pearsanta d’ainm, seoladh, sonraí teagmhála, uimhir aitheantais, seoladh IP, píosa scannáin CCTV, cártaí rochtana, taifeadtaí closamhairc nó fuaime díot, agus sonraí faoi láthair.

Faoin dlí um chosaint sonraí, má tá do shonraí pearsanta á sealbhú nó á n-úsáid ag eagraíocht nó cuideachta, tugtar ábhar sonraí ort.

Tugtar rialaitheoir sonraí ar an eagraíocht nó an chuideachta a shealbhaíonn nó a úsáideann na sonraí sin. Is féidir leis an rialaitheoir sonraí cead a thabhairt do dhuine, eagraíocht nó cuideachta eile ar a dtugtar próiseálaí sonraí, do shonraí pearsanta a phróiseáil thar a cheann, áfach.

Tugtar próiseáil ar rud ar bith a dhéanamh le do shonraí pearsanta, iad a stóráil san áireamh.

Cén sonraí pearsanta ar féidir liom teacht orthu?

Tá an ceart agat cóip a fháil d’aon sonraí pearsanta atá á gcoimeád ag eagraíocht fút.

Tá sé de cheart agat freisin a bheith ar an eolas má tá do shonraí pearsanta á bpróiseáil.

Má tá do shonraí pearsanta á stóráil nó á n-úsáid (á bpróiseáil), tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoin méid seo a leanas:

•An chúis go bhfuil na sonraí á bpróiseáil

•An áit ónar tháinig na sonraí pearsanta

•Cé leis a roinnfear do shonraí pearsanta

•Cé chomh fada a choimeádfar do shonraí pearsanta

•Na catagóirí sonraí pearsanta atá á bpróiseáil

•Conas do chearta um chosaint sonraí a fheidhmiú

Ba cheart don phróiseálaí sonraí thú a chur ar an eolas freisin faoin gceart atá agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

Sonraí Catagóire Speisialta

Tá roinnt sonraí pearsanta an-íogair agus baineann rialacha speisialta leis an eolas seo. Áirítear leis na catagóirí speisialta seo eolas a nochtann aon cheann de na rudaí seo a leanas:

•Do chineál nó bunadh eitneach

•Do thuairimí polaitiúla

•Do chreidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha

•Do bhallraíocht de cheardchumann

•Do shláinte

•Aon eolas bithmhéadrach (mar shampla, do mhéarloirg) nó sonraí géiniteacha

•Do ghnéaschlaonadh nó saol gnéis

Ní cheadaítear an t-eolas seo a phróiseáil ach nuair a thug tú toiliú soiléir nó nuair a bhíonn géarghá leis an eolas chun ceanglais dhlíthiúla eile a shásamh. Mar shampla, b’fhéidir gur gá duit d’fhostóir a chur ar an eolas ar do náisiúntacht lena thaispeáint go bhfuil an ceart dlíthiúil agat oibriú in Éirinn.

Conas a dhéanaim iarratas ar shonraí faoin dlí um chosaint sonraí?

Níl aon bhealach ar leith ann iarratas ar shonraí a dhéanamh ach seo a leanas comhairle ghinearálta ar féidir leis cabhrú leat moilleanna nó mearbhall a sheachaint.

Déan d’iarratas i scríbhinn

Déan iarratas a luaithe agus is féidir agus i scríbhinn Is féidir é seo a dhéanamh i litir nó ar ríomhphost Tugtar iarratas ar shonraí nó iarratas duine ar a shonraí ar do shonraí pearsanta a lorg. Ba cheart duit a lua sa litir nó sa ríomhphost gurb iarratas ar shonraí atá i gceist leis. Ciallaíonn seo go mbeidh taifead agat agus ag an rialaitheoir sonraí ar an iarratas agus ar a ábhar má thagann saincheist aníos níos déanaí. Ceadaíonn roinnt cuideachtaí móra duit d’eolas pearsanta a íoslódáil go huathoibríoch trína láithreán gréasáin.

Déan teagmháil leis an oifigeach cosanta sonraí ábhartha

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (nó OCS) in go leor eagraíochtaí móra agus is gnách gurb iad an duine is fearr le teagmháil a dhéanamh leo faoi d’iarratas ar eolas. Ba cheart go mbeifeá ábalta teacht ar a sonraí teagmhála sa bheartas príobháideachais nó sa mhír ‘déan teagmháil linn’ de láithreán gréasáin na heagraíochta. Sa chás nach bhfuil seoladh ríomhphoist ar leith ann maidir le hiarratas ar shonraí, ba cheart duit sonraí teagmhála ginearálta na heagraíochta a úsáid.

Bí sonrach

Bíodh d’iarratas chomh sonrach agus is féidir maidir leis na sonraí pearsanta ar mian leat teacht orthu mura mian leat teacht ar na sonraí pearsanta go léir a choimeádtar fút. Cuimhnigh a shonrú cibé acu an dteastaíonn an t-eolas uait i bhformáid leictreonach (cosúil le comhaid ríomhaire) nó i gcruachóip (ar pháipéar).

Seol cruthúnas i dtaobh d’aitheantais ar aghaidh

Cuir roinnt eolas breise aitheantais ar aghaidh fút féin, más gá. B’fhéidir gur gá duit níos mó ná díreach d’ainm a sholáthar mar gheall ago bhféadfadh taifid a bheith ag an eagraíocht faoi dhaoine eile a bhfuil an t-ainm céanna acu leat. B’fhéidir go n-iarrfaidh an eagraíocht ort fianaise bhreise a sholáthar faoi d’aitheantas.

Costais

Ní ghearrtar aon táille, de ghnáth, ar iarratas ar shonraí a dhéanamh.

Is í an phríomheisceacht leis seo ná nuair a mheastar go bhfuil d’iarratas ar shonraí ‘gan bhunús ar bith nó an-iomarcach’. Mar shampla, má leanann tú leis an iarratas céanna ar shonraí a dhéanamh cé gur déileáladh leis cheana féin. Más féidir le rialaitheoir sonraí a chruthú go bhfuil d’iarratas gan bhunús ar bith nó an-iomarcach, is féidir leo táille réasúnta a ghearradh ar na costais riaracháin atá ar an eolas a iarrtar a sholáthar.

Ina theannta sin, féadtar táille a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin má iarrann tú ar chóipeanna breise den eolas.

Conas a dhéileálfaidh an chuideachta nó an eagraíocht le m’iarratas?

Caithfidh an rialaitheoir sonraí d’iarratas a fhreagairt laistigh de mhí amháin. Má dhéanann tú gearán leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí, áfach, is féidir roinnt am breise a thabhairt don eagraíocht murar bhain siad an spriocdháta amach mar thoradh ar COVID-19.

Más casta don iarratas nó má bhaineann mórmhéid eolais leis, is féidir leis an rialaitheoir sonraí síneadh dhá mhí bhreise a chur leis an am. Ba cheart duit míniú scríofa a fháil d’aon síneadh laistigh den tréimhse thosaigh mhíosa.

Má tá d’iarratas an-fhairsing agus más gá don rialaitheoir sonraí mórmhéid eolais agus cáipéisí a sholáthar, is féidir iarraidh ort an méid cáipéisí ina bhfuil sonraí pearsanta a iarradh a laghdú. Is féidir leat a chur faoi deara, áfach, go bhfaighidh tú an t-eolas agus an cháipéisíocht go léir atá á gcoimeád. Má dhéanann tú é seo, b’fhéidir go nglacfaidh sé níos faide d’iarratas ar shonraí a shásamh.

Go ginearálta, ba cheart don rialaitheoir sonraí d’iarratas ar shonraí a fhreagairt san fhormáid chéanna ina ndearnadh é, nó ar an mbealach a d’iarr tú ar fhreagairt go sonrach. Mar shampla, má sheol tú d’iarraidh ar ríomhphost, ba cheart don rialaitheoir sonraí an t-eolas a sholáthar ar ríomhphost, mura n-iarrann tú a mhalairt.

An féidir m’iarratas a dhiúltú?

Is féidir leis an rialaitheoir sonraí a dhiúltú teacht a chur ar fáil ar roinnt de do shonraí nó iad go léir sna cásanna seo a leanas:

•Imríonn do shonraí pearsanta a sholáthar tionchar ar chearta daoine eile

•Liostaítear do shonraí pearsanta le sonraí pearsanta daoine eile (Sna cásanna seo, is féidir leis an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta daoine eile a bhaint chun do sonraí a sholáthar duit)

•Tá do shonraí pearsanta i gcáipéis ina bhfuil rúin trádála, eolas rúnda nó maoin intleachtúil

•Meastar go bhfuil an t-iarratas ‘gan bhunús ar bith nó an-iomarcach’ (mar shampla, má rinne tú iarratas le tamall gearr anuas agus má dúradh duit nach raibh aon sonraí pearsanta ag an rialaitheoir sonraí a bhaineann leat)

De réir an dlí, is féidir teacht ar do shonraí pearsanta a dhiúltú freisin maidir le próiseáil:

•A rinneadh ar mhaithe le cuspóirí toghcháin, ar nós rolla toghthóirí a fhoilsiú

•A rinne an Coimisiún Reifrinn

•A rinneadh chun cáin agus dleachtanna a riar

•A rinneadh chun rúndacht Chomh-aireachta a chosaint

•A rinneadh nuair a bhí éilimh dhlíthiúla á gcosaint

Liostaítear na heisceachtaí seo in Alt 60 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018

I ndiaidh duit do shonraí pearsanta a fháil

Nuair a fhaigheann tú do shonraí pearsanta i ndiaidh iarratas ar shonraí, bíonn roinnt cearta eile um chosaint sonraí agat.

Má tá do shonraí pearsanta míchruinn, tá sé de cheart agat go gceartófar na sonraí gan mhoill.

Má tá do shonraí pearsanta neamhiomlán, tá sé de cheart agat go gcríochnófar na sonraí. Áirítear leis seo eolas forlíontach a sholáthar.

Is féidir leat a iarraidh go scriostar do shonraí i roinnt cásanna (féach ‘An ceart go ligfear i ndearmad’ thíos)

I roinnt cásanna teoranta, b’fhéidir go mbeidh tú in ann cur in aghaidh próiseáil bhreise a dhéanamh ar do shonraí pearsanta nó iad a aistriú chuig próiseálaí eile.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le toradh a bhíonn ar iarratas ar shonraí?

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a próiseáladh d’iarratas ar shonraí, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí (an CCS).

Is é an CCS údarás neamhspleách na hÉireann atá freagrach as seasamh le ceart daoine san AE go gcosnaítear a sonraí pearsanta. Déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh an RGCS agus reachtaíocht eile um chosaint sonraí agus déileálann sé le gearáin maidir le sáruithe ar chosaint sonraí. Tá mínithe áisiúla ar an dlí um chosaint sonraí ar láithreán gréasáin an CCS.

B’fhéidir go bhfuil tú míshásta leis an mbealach a láimhseáladh d’iarratas mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

•Níor tugadh aon fhreagairt nó cuireadh moill ar fhreagairt a thabhairt do d’iarratas ar shonraí

•Ní raibh an fhreagairt don iarratas iomlán

•Creideann tú gur bhrath an rialaitheoir sonraí go héagórach ar dhíolúintí gan do shonraí pearsanta a roinnt leat

Conas a dhéanaim gearán?

Líon foirm ghearáin ar líne an CCS. Iarrfar ort fianaise a sholáthar chun tacú le do ghearán. Áirítear leis seo:

•Fianaise i leith d’iarratais ar shonraí

•Comhfhreagras idir tú féin (nó d’ionadaí dlíthiúil) agus an rialaitheoir sonraí, agus

•Eolas a thacaíonn le do thuairim go bhfuil do shonraí pearsanta á gcoimeád ag an rialaitheoir sonraí

Teacht ar shaghsanna ar leith sonraí pearsanta

Cumhdaítear sa mhír na saghsanna áirithe seo a leanas de shonraí pearsanta nó taifid:

•Sonraí pearsanta leanaí

•Taifid leighis

•Taifid an Gharda Síochána

•Daoine a fuair bás

Sonraí pearsanta leanaí

Tá na cearta céanna um chosaint sonraí ag leanaí atá ag daoine fásta agus is féidir leo iarrataí ar rochtain a dhéanamh. Tugtar cosaint ar leith dóibh, áfach, maidir lena sonraí pearsanta. Is amhlaidh é seo mar gheall go bhféadfadh nach bhfuil siad chomh eolach céanna ar na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann lena sonraí pearsanta a roinnt. Chomh maith leis sin, b’fhéidir nach bhfuil siad chomh heolach céanna ar na cosaintí atá ar fáil agus ar a gcearta maidir le conas a phróiseáiltear a n-eolas pearsanta.

Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeidh tuismitheoirí agus caomhnóirí ábalta iarratais ar shonraí a dhéanamh nó aon cheart eile um chosaint sonraí a fheidhmiú thar ceann a leanaí. Má dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir iarratas, caithfidh an rialaitheoir sonraí breithniú a dhéanamh ar chineál agus cúinsí an iarratais, aois, cáil agus dearcthaí an linbh agus sárleasanna an linbh san áireamh.

Taifid leighis

Is ionann do thaifid leighis agus d’eolas phearsanta agus tá tú i dteideal teacht orthu.

Más othar thú in ospidéal poiblí nó a chistítear go poiblí, nó má tá cárta leighis nó cárta cuairte DG agat, is féidir leat a iarraidh teacht orthu ar na bealaí seo a leanas:

•Iarratas ar shonraí a dhéanamh faoin dlí um chosaint sonraí.

•Iarratas ar shonraí a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

•Scríobh chuig an soláthraí seirbhíse nó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus iarr ar do thaifid.

B’fhéidir go mbeidh ort eolas a sholáthar chun cabhrú leo teacht ar do chomhad, do dháta breithe, seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo, an teagmháil a rinne tú le seirbhísí ar leith agus na dátaí a rinne tú an teagmháil seo (tuairim is)

Faoin dlí um chosaint sonraí, is féidir teacht ar do thaifid leighis a dhiúltú duit dá ndéanfadh nochtadh díobháil thromchúiseach do do shláinte fhisiciúil nó do do mheabhairshláinte. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi theacht ar thaifid leighis.

Taifid an Gharda Síochána

Is féidir leat iarraidh ar an nGarda Síochána cóip d’aon sonraí pearsanta atá acu fút a thabhairt duit. Nuair a dhéanann tú iarratas ar shonraí leis na Gardaí, is gnách go mbíonn tú i dteideal an mhéid seo a leanas:

•Cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá á gcoimeád fút

•Go n-insítear duit an fáth go bhfuil na sonraí á gcoimeád

•Go n-insítear duit aitheantas aon duine ar roinn na Gardaí na sonraí leo

•Go n-insítear duit conas a fuair na Gardaí na sonraí (seachas sa chás nach mbeadh seo chun leasa an phobail, mar shampla, dá mbeadh sé ina chúis le díobháil a dhéanamh do dhuine eile)

Is féidir leat iarraidh a dhéanamh ar do shonraí pearsanta trí úsáid a bhaint as foirm iarratais duine ar a sonraí de chuid an Gharda Síochána (pdf). Seol an fhoirm líonta chuig an seoladh ar an bhfoirm nó seol ar ríomhphost é chuig DataProtection@Garda.ie.

Is féidir leis na Gardaí d’iarratas ar shonraí pearsanta a dhiúltú agus an t-eolas sin a shiarchoinneáil sna cásanna seo a leanas:

•Dhéanfadh d’iarratas ar shonraí duine eile a aithint Baineann seo freisin le hoibleagáid na nGardaí sonraí a thabhairt duit faoi fhoinse an eolais Má aithníonn foinse an eolais duine éigin eile, is féidir leis na Gardaí é a shiarchoinneáil

•Tá orthu é a dhiúltú d’fhonn coireacht a chosc, a bhrath nó imscrúdú, nó ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh

•Tá imeachtaí nó éilimh dhlíthiúla reatha nó ionchasacha ann

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi theacht ar do thaifead atá ag an nGarda Síochána.

Daoine nach maireann

Is gnách nach mbaineann rialacha an RGCS in Éirinn maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil leo siúd atá imithe ar shlí na fírinne. D’fhéadfadh go bhféadfaí teacht orthu faoi dhlíthe um Shaoráil Faisnéise.

Teacht ar thaifid faoi Shaoráil Faisnéise

Is féidir leat teacht ar d’eolas phearsanta freisin faoi shaoráil faisnéise (SF). Ní bhaineann seo ach le heolas a choimeádann comhlachtaí poiblí (mar shampla, ranna rialtais, údaráis áitiúla agus ospidéil phoiblí).

Tá do chearta faoin reachtaíocht SF cosúil le do chearta faoin RGCS. Ceadaíonn SF duit teacht ar thaifid ina gcuimsítear do “eolas phearsanta” agus deonaíonn an córas cosanta sonraí teacht ar do “sonraí pearsanta”.

Is féidir iarratais a dhéanamh faoi SF agus cosaint sonraí ag an am céanna, agus tá a mhacasamhail de chearta agat go gceartófar aon eolas pearsanta míchruinn.

Níl aon teorainn ama ar theacht ar eolas pearsanta maidir leis an dá rud thuas, agus bíonn a mhacasamhail de rialacha i gceist maidir le hoibleagáid na heagraíochta iad a nochtadh. Is gnách nach mbíonn aon chostas ar iarratais ar shonraí a dhéanamh ar eolas pearsanta faoin dá phíosa reachtaíochta.

Ní bheidh difríocht ábhartha, in go leor cásanna, idir an dá chóras nuair a bhíonn iarratas ar shonraí á dhéanamh maidir le do shonraí pearsanta ó chomhlacht poiblí. Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha ann, áfach, i roinnt limistéar. Is féidir leat an dá chóras a úsáid ag an am céanna nó ceann i ndiaidh an chinn eile.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi do chearta faoi SF.

An ceart go ligfear i ndearmad

Tá an ceart agat go ndéantar do shonraí a scriosadh, gan moill mhíchuí, má bhíonn ceann amháin de na forais seo a leanas i gceist:

•Nuair nach dteastaíonn do shonraí pearsanta a thuilleadh do na cuspóirí dá mbailíodh nó dá bpróiseáladh iad.

•Nuair a aistarraingíonn tú do thoiliú don phróiseáil agus nuair nach bhfuil aon bhonn dleathach eile ann leis na sonraí a phróiseáil.

•Nuair a chuireann tú in aghaidh na próiseála agus nach bhfuil aon fhorais dhlisteanacha uileghabhálacha ann chun leanúint leis an bpróiseáil

•Nuair a chuireann tú in aghaidh na próiseála agus nuair atá do shonraí pearsanta á bpróiseáil ar mhaithe le margaíocht dhíreach

•Nuair a próiseáladh do shonraí pearsanta go neamhdhleathach.

•Nuair is gá do shonraí pearsanta a scriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh.

•Nuair a bailíodh do shonraí pearsanta maidir le ‘seirbhísí sochaí faisnéise’ (mar shampla, na meáin shóisialta) a chur ar tairiscint do leanbh.

Eolas breise agus teagmhálaithe

Tá faisnéis mhionsonraithe bhreise ar fáil faoin an RGCS ar dataprotection.ie.

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

21 Cearnóg Mhic Liam Theas,

Baile Átha Cliath 2,

D02 RD28

Éire

Uaireanta Oscailte: 09:15-17:30 ó Luan go Déardaoin, 09:15-17:15 ar an Aoine

Guthán: +353 57 868 4800 / +353 0761 104800

Leathanach Baile: http://www.dataprotection.ie

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Feabhra 2023