An Státseirbhís

Réamhrá

Déanann an státseirbhís obair an Rialtais agus cuireann sé seirbhísí poiblí ar fáil. Is iad státseirbhísigh foireann bhuan ranna stáit, ach féadfaidh siad oibriú freisin le comhlachtaí poiblí eile.

Ní luaitear an státseirbhís i mBunreacht na hÉireann ach tá sé ríthábhachtach maidir le feidhmiú an stáit.

Luaitear i gCód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse (pdf) gurb é misean na státseirbhíse sársheirbhís a bhaint amach don Rialtas agus na hinstitiúidí Stáit eile, agus don phobal mar shaoránaigh agus úsáideoirí seirbhísí poiblí.

Earcaíocht leis an státseirbhís agus an tseirbhís phoiblí.

Cuireann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe ar fáil don státseirbhís. Ina theannta sin, cuireann siad seirbhísí earcaíochta agus sainchomhairleoireachta ar fáil d’údaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Garda Síochána agus comhlachtaí poiblí eile.

Comhlacht ar leith é an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Leagann an Coimisiún caighdeáin amach, a fhoilsíonn sé mar chóid chleachtais, maidir le hearcaíocht agus roghnú a dhéanamh don státseirbhís, an Garda Síochána agus roinnt comhlachtaí seirbhíse poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh.

Cad a dhéanann an státseirbhís?

Tá trí phríomhfheidhm ag an státseirbhís:

  • Cuireann sé comhairle ar an Rialtas ar bheartas a chur i bhfeidhm agus tá sé freagrach as beartas a chomhaontaítear a chur i bhfeidhm.
  • Cabhraíonn sé le reachtaíocht nua a ullmhú agus a dhréachtú, agus
  • Cabhraíonn sé leis an Rialtas an tír a reáchtáil de réir na reachtaíochta a rith an tOireachtas.

Tá foireann bhuan ag gach Roinn Stáit ina bhfuil sainfhostaithe agus fostaithe teicniúla, riaracháin agus gairmiúla. Is é an tArd-Rúnaí, a mholann an tAire don Roinn sin, príomh-státseirbhíseach gach Roinne agus ceapann an Rialtas iad ar feadh tréimhse 7 mbliana.

Oibríonn roinnt Rúnaithe Cúnta faoin Ard-Rúnaí atá freagrach as limistéir ar leith oibre sa Roinn. Oibríonn go leor oifigeach faoi na Rúnaithe Cúnta ar leibhéil éagsúla sinsearachta a dhéantar a ghrádú de réir a sinsearachta.

Oibriú don státseirbhís

Cuireann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe ar fáil don státseirbhís. Ina theannta sin, cuireann siad seirbhísí earcaíochta agus sainchomhairleoireachta ar fáil d’údaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Garda Síochána agus comhlachtaí poiblí eile. Fógraítear poist sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ar publicjobs.ie.

Leagann an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí caighdeáin amach, a fhoilsíonn sé mar chóid chleachtais, maidir le hearcaíocht agus roghnú a dhéanamh don státseirbhís, an Garda Síochána agus roinnt comhlachtaí seirbhíse poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh.

Státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí

Is iad státseirbhísigh an brainse den tseirbhís phoiblí a oibríonn go díreach leis an Rialtas i ranna rialtais nó i ngníomhaireachtaí stáit áirithe a thugann faoi fheidhmeanna thar ceann an Stáit, ach atá neamhspleách ón rialtais. Mar shampla, státseirbhísigh an Stáit iad siúd a oibríonn i mBanc Ceannais na hÉireann agus sna Coimisinéirí Ioncaim.

Fostaithe sa tseirbhís phoiblí iad na státseirbhísigh go léir freisin. Cumhdaítear réimse i bhfad níos fairsinge gairmeacha sa tseirbhís phoiblí, áfach, agus is é an Stát a íocann astu. Áirítear leis seo go leor múinteoirí, dochtúirí, altraí, Gardaí agus fostaithe gníomhaireachtaí eile a sholáthraíonn seirbhísí stáit don phobal.

Eolas breise agus teagmhálaithe

An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Teach Chapter

26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach

Baile Átha Cliath 1

Éire

Guthán: +353 1 858 7400

Glao Áitiúil: 1890 449 999

Facs: + 353 1 858 7500

Leathanach Baile: http://www.publicjobs.ie/

Ríomhphost: info@publicjobs.ie

SharedAddress for Public Appointments Service : ID a240a173b37

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Iúil 2021