Tionóil réigiúnacha

Réamhrá

Déantar cinntí i dtionóil réigiúnacha faoi phleanáil straitéiseach, cistiú an AE agus cabhraíonn siad le hobair údarás áitiúil a chomhordú.

Tá 3 thionól réigiúnacha ann in Éirinn. Tá baill i ngach tionól a dhéanann na húdaráis áitiúla sa réigiún a thoghadh. Is iad na 3 réigiún:

•Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair

•Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre

•Réigiún an Deiscirt

Cruthaíodh na tionóil réigiúnacha seo faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 agus tá siad á n-oibriú ón 1 Eanáir 2015.

Cad a dhéanann tionóil réigiúnacha?

Is é aidhm na dtionól pleanáil straitéiseach agus forbairt inbhuanaithe a chomhordú, a chur chun cinn agus tacú leis agus seirbhísí rialtais áitiúil agus seirbhísí poiblí a dhéanamh níos éifeachtaí.

Ciallaíonn pleanáil straitéiseach an treo nó na spriocanna don réigiún a phleanáil, agus cinntí a dhéanamh faoi conas cistiú agus acmhainní a úsáid. Is fusa ar údaráis áitiúla oibriú as lámh a chéile ar mhaithe leis an réigiún a bhuíochas le tionóil réigiúnacha.

Pleanáil gheilleagrach agus spásúlachta

Pleanáiltear i dtionóil réigiúnacha conas an talamh agus na hacmhainní sa réigiún a úsáid i gcaitheamh tréimhse fhada. D’fhorbair siad Straitéisí Spásúlachta agus Geilleagracha Réigiúnacha mar chuid de phleananna fadtéarmacha an rialtais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chruthaíonn borradh ar an daonra, athrú aeráide agus geilleagar iomaíoch.

Cistiú an AE

Déanann tionóil réigiúnacha bainistiú ar chláir chistithe áirithe an AE, cosúil le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, a úsáidtear chun infheistiú i bhforbairt sna réigiúin.

Cén tionól réigiúnach a chumhdaíonn mo cheantar?

Is éard atá i mballraíocht tionóil réigiúnaigh ná baill de na húdaráis áitiúla laistigh den réigiún:

•Tá 21 ball ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair agus cumhdaíonn sé Comhairlí Contae an Chabháin, Dhún na nGall, Liatroma, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Mhuineacháin, Ros Comáin agus Shligigh agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

•Tá 27 ball ag Tionól Réigiúnach an Deiscirt agus cumhdaíonn sé Comhairlí Contae Cheatharlach, an Chláir, Chorcaí, Chiarraí, Chill Chainnigh, Thiobraid Árann agus Loch Garman, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh agus Phort Láirge.

•Tá 35 ball ag Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre agus cumhdaíonn sé Comhairlí Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall, Chill Dara, Laoise, an Longfoirt, Lú, na Mí, Uíbh Fhailí, Bhaile Átha Cliath Theas, na hIarmhí agus Chill Mhantáin agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Deireadh Fómhair 2021