Léargas Ginearálta ar institiúidí an AE

Réamhrá

Tá 7 bpríomhinstitiúid chinnteoireachta ag an Aontas Eorpach. Tá feidhmeanna ag gach institiúid a leagadh amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Tugann 3 institiúid faoi fheidhm reachtaíochta, nó déanta dlí, an AE.

•Parlaimint na hEorpa

•Comhairle an Aontais Eorpaigh

•An Coimisiún Eorpach

Is é a dhéanann cinneadh faoi threoir fhoriomlán beartais agus tosaíochtaí an AE:

•An Chomhairle Eorpach

Is é sciathán breithiúnach an AE, atá freagrach as díospóidí a réiteach agus as dlí an AE a fhorfheidhmiú:

•Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Déanann Cúirt na nIniúchóirí maoirseacht ar bhuiséid agus déanann sé ionadaíocht do leasanna cáiníocóirí AE, agus déanann an Banc Ceannais Eorpach bainistiú ar an euro agus cuireann sé beartas airgeadaíochta an AE i bhfeidhm.

Is iomaí saininstitiúid eile AE atá ann a ndéantar cur síos gearr orthu in ‘Institiúidí eile AE’ thíos.

Parlaimint na hEorpa

Tá Parlaimint na hEorpa mar chuid den phróiseas reachtaíochta, nó déanta dlí, san AE.

Caithfidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh formhór na ndlíthe a bheartaítear a cheadú sular féidir dlí a dhéanamh díobh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi conas a dhéantar dlí an AE inár gcáipéis, ‘Dlí an AE’.

Tá 705 suíochán sa Pharlaimint agus cuirtear toghcháin leis na suíocháin seo a líonadh ar bun i ngach ballstát gach 5 bliana. Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht laistigh den AE a thoghtar go díreach.

Déanann an Pharlaimint a huachtarán féin, anuas ar 14 leas-uachtarán, a thoghadh do théarma 2.5 bliain. Déanann an t-uachtarán ionadaíocht do Pharlaimint d’institiúidí eile AE. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa faoi láthair David Sassoli.

Cad a dhéanann Parlaimint na hEorpa?

Tá 3 ról ag Parlaimint na hEorpa:

•Déanann sé díospóireacht ar an reachtaíocht Is féidir leis dlíthe a rith nó a dhiúltú, agus is féidir leis leasuithe a dhéanamh freisin (ach ní féidir é sin a dhéanamh i ngach cás). Caithfidh Comhairle an AE dlíthe a rith freisin go ndéanfar dlí díobh. Má bhaineann an dlí le buiséid AE, ní féidir leis an bParlaimint ach comhairle a chur ar fáil air – níl an chumhacht aige an dlí a dhiúltú. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi conas a dhéantar dlíthe an AE anseo.

•Déanann sé maoirseacht ar institiúidí agus buiséid an AE. Caithfidh uachtarán Choimisiún an AE a bheith ceadaithe ag an bParlaimint, agus caithfidh an Coimisiún ceisteanna scríofa nó ó bhéal a fhreagairt i rith Thráth na gCeisteanna.

•Bunaíonn sé buiséad AE (chomh maith le Comhairle an AE).

Murab ionann agus formhór na bparlaimintí náisiúnta, ní féidir le Parlaimint na hEorpa tús a chur le reachtaíocht. Is é an Coimisiún Eorpach an t-aon institiúid AE a bhfuil an chumhacht aici dlíthe nua a thosú. Is féidir leis an bParlaimint iarraidh ar an gCoimisiún dlíthe a thosú.

Is féidir níos mó a léamh faoi Pharlaimint na hEorpa anseo.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tá cumhacht chinnteoireachta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Parlaimint na hEorpa, go háirithe maidir le dlíthe a dhéanamh agus buiséid a fhaomhadh.

Is éard atá sa Chomhairle ná aire rialtais gach stáit atá freagrach as pé ábhar atá á phlé ag an gComhairle. Mar shampla, má bhíonn plé á dhéanamh ar thalmhaíocht, beidh airí gach stáit atá freagrach as talmhaíocht (comhairle na n-airí) sa Chomhairle.

Rothlaítear uachtaránacht na Comhairle gach 6 mhí.

Cad a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh?

Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an gComhairle:

•Feidhm Reachtaíochta – Tá an chumhacht ag an gComhairle dlíthe a rith. Cumhacht í seo a roinneann sí le Parlaimint na hEorpa. In go leor cásanna, caithfidh an Chomhairle agus an Pharlaimint reachtaíocht a rith go ndéanfar dlí de. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi conas a oibríonn seo anseo.

•Geilleagrach – Gach bliain, cuireann an Chomhairle treoirlínte le chéile maidir le beartais geilleagrach ballstát.

•Beartais – forbraíonn an Chomhairle beartais eachtracha agus slándála an AE.

•Idirbheartaíocht – tá ról maoirseachta ag an gComhairle agus is aici a bhíonn an focal scoir nuair a bhíonn idirbheartaíocht á déanamh ag an AE ar chomhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

•Buiséad – Glacann an Chomhairle agus an Pharlaimint le buiséad an AE.

Is féidir níos mó a léamh faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh anseo.

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannacht an AE. Ciallaíonn seo go bhfuil sí freagrach as tús a chur le dlíthe, dlíthe an AE a chur i bhfeidhm agus beartais an AE a bhainistiú.

Tá 27 coimisinéir inti (coimisinéir amháin ó gach ballstát) agus tá sé bunaithe sa Bhruiséil. Ainmníonn gach ballstát coimisinéir, ach caithfidh Parlaimint na hEorpa na hiarrthóirí ainmnithe a fhaomhadh. Caithfidh an Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a fhaomhadh freisin.

Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa faoi láthair Ursula von der Leyen.

Cad a dhéanann an Coimisiún Eorpach?

Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an gCoimisiún:

•Reachtaíocht – Cuireann an Coimisiún tús le reachtaíocht. Déanann sí moltaí do dhlíthe a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena bhfaomhadh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi conas a ritear dlíthe an AE anseo.

•Seasamh le dlí an AE – Is féidir leis an gCoimisiún dul i mbun gnímh in aghaidh gnólachtaí nó stát a dteipeann orthu dlí an AE a chomhlíonadh.

•Beartas – Is é an Coimisiún feidhmeannacht an AE. Déanann sé beartais a bhainistiú agus buiséid a dhréachtú.

•Ionadaíocht – Déanann an Coimisiún ionadaíocht don AE in idirbheartaíocht le tíortha nó eagraíochtaí eile.

Is féidir níos mó a léamh faoin gCoimisiún Eorpach anseo.

An Chomhairle Eorpach

Institiúid ar leith ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh í an Chomhairle Eorpach.

Cinn rialtais gach ballstáit an AE, Uachtarán na Comhairle Eorpaí (Charles Michel faoi láthair) agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (Ursula von der Leyen) atá sa Chomhairle Eorpach.

Casann an Chomhairle ar a chéile ar a laghad faoi dhó gach 6 mhí sa Bhruiséil. Níl sé de chumhacht aici dlíthe a thosú nó a rith. Ina ionad sin, déanann sí cinneadh faoi straitéisí agus beartais.

Ceapann an Chomhairle Eorpach an t-uachtarán, an leas-uachtarán agus comhaltaí feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Is féidir leat níos mó a léamh ar an gComhairle Eorpach anseo.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) institiúid bhreithiúnach an AE. Ciallaíonn seo go ndéileálann sé le díospóidí idir páirtithe ina mbaineann dlí an AE.

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Ghinearálta agus roinnt cúirteanna speisialta eile ann.

Is í an Chúirt Ghinearálta an chúirt chéadchéime. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an chúirt is uachtaraí san AE.

Is féidir níos mó a léamh faoi Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh anseo.

Cúirt na nIniúchóirí

Déanann Cúirt na nIniúchóirí iniúchtaí ar chuntais agus maoirseacht ar bhuiséid institiúidí AE.

Tá de chuspóir aige bainistíocht airgeadais airgead an AE a fheabhsú agus tuairisciú a dhéanamh le saoránaigh an AE maidir le conas a úsáidtear airgead an AE. Foilsítear a tuarascáil bhliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá Cúirt na nIniúchóirí bunaithe i Lucsamburg agus tá ball ó gach tír AE inti. Molann gach ballstát iarrthóir a cheapann Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar feadh téarma in-athnuaite 6 bliana.

Is é uachtarán Chúirt na nIniúchóirí faoi láthair Klaus-Heiner Lehne.

An Banc Ceannais Eorpach

Is é an Banc Ceannais Eorpach (an BCE) an banc ceannais do limistéar an euro agus tá sé freagrach as tabhairt faoi bheartas airgeadaíochta maidir le limistéar an euro.

Tá an BCE mar chuid den Chóras Eorpach Banc Ceannais, ina bhfuil bainc cheannais náisiúnta gach ballstáit an AE, cibé acu má ghlac nó murar ghlac siad leis an euro.

Tá sé mar chuid den Eurochóras, anuas ar bhainc cheannais na dtíortha ó limistéar an euro.

Is í Christine Lagarde Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh faoi láthair.

Cad a dhéanann an BCE?

Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an BCE:

•Cothaíonn sé cobhsaíocht phraghais i limistéar an euro trí rátaí úis a shocrú

•Bainistíonn limistéar an euro cúlchistí airgeadra eachtraigh

•Bainistíonn sé rialáil seirbhísí airgeadais ag bainc cheannais náisiúnta

•Údaraíonn sé nótaí bainc euro ag tíortha i limistéar an euro

Is féidir leat níos mó a léamh faoin mBanc Ceannais Eorpach ar a láithreán gréasáin.

Institiúidí Eile an AE

Tá roinnt institiúidí eile AE ann a bhfuil róil níos speisialta acu. Áirítear leo:

•An tOmbudsman Eorpach – Déanann sé imscrúdú ar ghearáin faoi dhrochriarachán i measc institiúidí AE

•An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí – Bainistíonn an tSeirbhís seo caidreamh taidhleoireachta an AE le tíortha lasmuigh den AE agus tugann sé faoi bheartas eachtrach agus slándála AE

•Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Comhlacht comhairleach é seo a dhéanann ionadaíocht d’eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí

•Coiste Eorpach na Réigiún - Is comhlacht comhairleach é seo a dhéanann ionadaíocht d’údaráis áitiúla réigiún agus chathracha san AE

•An Banc Eorpach Infheistíochta – Cuireann sé cistiú ar fáil do thionscadail laistigh den AE

•An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí – Déanann sé maoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí AE

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Samhain 2021