Costais toghcháin

Réamhra

Ní mór do dhuine a ritheann le haghaidh toghcháin i dtoghchán Dáil, uachtaránachta nó Eorpach in Éirinn a dhearbhú cé mhéid airgid a chaith siad ar a bhfeachtas leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (CCOP).

Tá na teorainneacha caiteachais i dtoghcháin náisiúnta nó Eorpacha leagtha amach san Acht um Thoghchán 1997, arna leasú.

Tá na rialacha maidir le caiteachas le linn toghcháin áitiúla leagtha amach san Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999

Rialacha caiteachais do thoghcháinnáisiúnta agus Eorpacha

I measc na dtoghchán náisiúnta tá:

  • Olltoghcháin do Dáil Éireann
  • Toghcháin uachtaránachta

Cuimsíonn sé fothoghcháin freisin, a bhfuil toghcháin chun suíocháin a líonadh i dtoghcheantair atá folamh idir toghcháin náisiúnta. Mar shampla, féadfar fothoghchán a spreagadh nuair a éireoidh TD as nó nuair a gheobhaidh sé bás.

Ní mór d’iarrthóirí i dtoghcháin Seanad síntiúis a dhearbhú, ach níl gníomhaire náisiúnta nó gníomhaire toghcháin de dhíth orthu.

Gníomhaire náisiúnta agus gníomhaire toghcháin a cheapadh

Ní foláir do gach páirtí polaitíochta gníomhaire náisiúnta a cheapadh agus caithfidh sé/sí cuntas a thabhairt ar chostais toghcháin an pháirtí agus iad a smachtú. Chomh maith le gníomhaire náisiúnta, ní foláir do gach iarrthóir "gníomhaire toghchánach" a cheapadh chun caiteachas toghchánach an iarrthóra a smachtú. (D'fhéadfadh iarrthóir é/í féin a cheapadh).

Ní foláir don ghníomhaire a bheith i gceannas ar gach conradh a bhaineann leis an thoghchán a tharraingíonn costas - fógraí curtha in áirithe sna nuachtáin agus araile.

Ar an gcaoi chéanna, ní foláir do gach iarrthóir uachtaránachta "gníomhaire toghchánach" a cheapadh chun caiteachas toghchánach an iarrthóra a smachtú. (D'fhéadfadh iarrthóir é/í féin a cheapadh)

Ráitis chuig CCOP

Ní foláir do ghníomhaire náisiúnta gach pairtí polaitíochta mionchuntas a thabhairt do Choimisiún na gCaighdeán in Oifig Phoiblí taobh istigh de 56 lá i ndiaidh lá na vótála. Caithfidh an ráiteas cur síos a dhéanamh ar na costais go léir a thabhaigh an páirtí.

Ar an gcaoi chéanna ní foláir do ghníomhaire toghchánach gach iarrthóir cuntas a thabhairt ag déanamh cur síos ar chostais an iarrthóra. D'fhéadfadh iarrthóir cuid dá liúntas a thabhairt dá p(h)áirtí. Ní foláir sin a leagan amach sa chuntas.

Ní folair sonraisc nó eilimh maidir le caiteachas ar thoghcháin a sheoladh d'ionadaithe náisiúnta nó toghchánach laistigh de 45 lá ó lá na vótála. Má dhéantar éileamh orthu tar éis 45 lá ní fhéadfadh an gníomhaire íoc astu.

Is coir í má chaitheann gníomhaire náisiúnta nó toghchánach airgead thar an teorainn, nó muna dtugann siad an cuntas costais. Is coir í chomh maith íoc as costas nach raibh éilithe laistigh de 45 lá ó lá na vótála.

Tá rialacha comhchosúla i bhfeidhm maidir le costais toghcháin uachtaráin.

Rialacha caiteachais do thoghcháináitiúla

I dtoghchán áitiúil, caithfidh an t-iarrthóir caiteachas feachtais a thuairisciú don údarás áitiúil laistigh de 90 lá, tar éis lá na vótála.

Socraíonn an tAire Rialtais Áitiúil tréimhse chun costais toghcháin a ríomh trí ordú aireachta.

Teorainneacha caiteachais

Olltoghcháin

Braitheann an teorainn ar an méid is féidir le hiarrthóir a chaitheamh ar líon na suíochán i ndáilcheantar.

Líon na suíochánTeorainn caiteachais in aghaidh an iarrthóra

 
Líon na suíochán Teorainn caiteachais in aghaidh an iarrthóra
5 €45,200
4 €37,650
3 €30,150

Toghcháin áitiúla

Braitheann an teorainn ar an méid is féidir le hiarrthóir a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla ar dhaonra an toghcháin áitiúil (ar a dtugtar ‘barda’ uaireanta).

Daonra ceantair toghcháin áitiúlaTeorainn caiteachais in aghaidh an iarrthóra

 
Daonra ceantair toghcháin áitiúla Teorainn caiteachais in aghaidh an iarrthóra
Os cionn 35,000 €15,350
Idir 18,001 agus 35,000 €13,600
18,000 nó níos lú €11,500

Toghcháin Eorpacha

Is é €230,000 an teorainn caiteachais ag iarrthóir i dtoghchán Eorpach

Toghacháin uachtaráin

Is é €750,000 an teorainn caiteachais ag iarrthóir i dtoghachán uachtarán

Aisíocaíochtaí costastoghcháin

Féadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh go n-aisíocfar cuid dá gcostais toghcháin incheadaithe faoi choinníollacha áirithe.

Olltoghcháin

Má tá ar a laghad an ceathrú chuid de chuóta na vótaí faighte ag iarrthóir sa dháilcheantar, d'fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar chúiteamh a c(h)ostais toghcháin suas go dtí €8,700.

Is é an cuóta líon na vótaí a chaithfidh iarrthóir a thoghadh.

Toghcháin Eorpacha

Má tá ar a laghad an ceathrú chuid de chuóta na vótaí faighte ag iarrthóir sa dháilcheantar, d'fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar chúiteamh a c(h)ostais toghcháin suas go dtí €64,400.

Toghacháin uachtaráin

Má tá ar a laghad an ceathrú chuid de chuóta na vótaí faighte ag iarrthóir sa dháilcheantar, d'fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar chúiteamh a c(h)ostais toghcháin suas go dtí €200,000.

Toghcháin áitiúla agus Seanad

Ní féidir le hiarrthóirí a gcostais toghcháin a éileamh ar ais.

Tuilleadh Eolais

Foilsíonn CCOP treoir maidir le caiteachas agus dearbhuithe síntiús.

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (CCOP)

6 Ardán Phort an Iarla

Baile Átha Cliath 2

D02 W773

Teil: +353 (0) 1 639 5666

Láithreán Gréasáin: https://www.sipo.ie/

R-phost:info@sipo.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Lúnasa 2021