Coinbhinsiún Aarhus

Cad é Coinbhinsiún Aarhus?

Comhaontú idirnáisiúnta é Coinbhinsiún Aarhus a bhronnann an ceart ar dhaoine teacht ar eolas faoin timpeallacht. Cuireann sé rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht chun cinn agus cuireann sé teacht ar cheartas ar fáil i gceisteanna comhshaoil freisin.

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Aarhus agus 2 chomhaontú ghaolmhara in 2012, a ndéanaimid cur síos orthu thíos.

Is féidir aistriúchán Gaeilge Choinbhinsiún Aarhus a léamh anseo.

Cad iad na príomhghnéithe de Choinbhinsiún Aarhus?

Bronnann an coinbhinsiún na 3 cheart seo a leanas ort:

1. Is féidir leat teacht ar fhaisnéis faoin gcomhshaol

Is féidir le duine ar bith faisnéis a iarraidh faoin gcomhshaol atá á coimeád ag, nó thar ceann, eagraíocht phoiblí. Caithfidh tú an fhaisnéis seo a fháil laistigh de mhí amháin i ndiaidh duit d’iarraidh a dhéanamh agus níl ort an fáth a theastaíonn sé uait a chur in iúl.

Áirítear leis seo faisnéis faoi:

•Staid an chomhshaoil

•Saincheisteanna shláinte an duine

•Beartais agus bearta faoinar thug an eagraíocht phoiblí

Is féidir teacht ar níos mó faisnéise faoi theacht ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.

2. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht comhshaoil

Is féidir le baill den phobal páirt a ghlacadh i gcinntí a dhéanamh ina bhféadfaí tionchar a imirt ar an gcomhshaol. Áirítear leis seo cinntí faoi:

•Pleanáil

•Ceadúnais chomhshaoil

•Ceadúnais urthrá

•Ceadúnais dramhaíola

•Ceadúnais um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT)

Caithfidh na húdaráis phoiblí a dhéanann na cinntí seo fógraí a fhoilsiú a insíonn don phobal conas is féidir leo aiseolas a thabhairt. Caithfidh na húdaráis phoiblí breithniú a dhéanamh ansin ar an aiseolas seo nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh.

3. Is féidir leat teacht ar cheartas

Is féidir le baill den phobal agus eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar chinntí ón údarás poiblí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don timpeallacht. Caithfidh na nósanna imeachta athbhreithnithe “réitigh leordhóthanacha agus éifeachtacha a sholáthar ... agus bheith cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh siad chomh costasach sin go gcuirfidh siad cosc ar dhaoine iad a úsáid”.

De ghnáth, nuair a cheadaítear achomharc riaracháin a dhéanamh faoin dlí in aghaidh cinneadh pleanála nó comhshaoil, ba cheart an t-achomharc a dhéanamh leis an údarás poiblí ar dtús. I ndiaidh duit an próiseas caighdeán achomhairc a chur i gcrích, is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an Ard-Chúirt ar athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh.

Mar shampla, más mian leat cinneadh pleanála a achomharc a rinne údarás áitiúil, ba ghnách go ndéanfaí achomharc leis an mBord Pleanála ar dtús.

Féach courts.ie chun teacht ar eolas breise faoi athbhreithnithe breithiúnacha.

Conas a chuirtear Coinbhinsiún Aarhus i bhfeidhm?

Tá 2 threoir ón AE ann a chuireann an Coinbhinsiún i bhfeidhm:

1.Treoir 2003/4/CE maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (pdf)

2.Treoir 2003/35/CE maidir le Rannpháirtíocht an Phobail

Cuireadh an dá threoir i bhfeidhm go hiomlán in Éirinn, a chiallaíonn go bhfuil feidhm iomlán leo.

Cuireadh bearta breise san áireamh san Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 chun codanna an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm. Tugadh rialacha nua isteach san Acht seo faoi na costais a bhíonn i gceist i gcásanna áirithe inar iarradh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Luaitear san Acht freisin gur gá do bhreitheamh aird a thabhairt don Choinbhinsiún i gcásanna ábhartha.

Coiste Comhlíonta Choinbhinsiún Aarhus

Bhunaigh an Coinbhinsiún Coiste Comhlíonta le hathbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh agus cinneadh a dhéanamh faoi sháruithe féideartha ar an gCoinbhinsiún. Ó bunaíodh an Coiste, tá roinnt rudaí deimhnithe aige maidir le comhlíonadh i measc bhaill aonair an Choinbhinsiúin.

Cén comhaontuithe eile a bhaineann le Coinbhinsiún Aarhus?

Ó daingníodh an Coinbhinsiún, rinneadh 2 Chomhaontú bhreise a bhaineann leis an gCoinbhinsiún:

An Prótacal um an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán

Leagtar ceanglas amach sa Phrótacal um an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán ar thíortha rannpháirteacha cláir atá inrochtana go poiblí a bhunú agus a choimeád ina bhfuil eolas faoi thruailleáin ó ghníomhaíochtaí áirithe lena mbaineann tábhacht chomhshaoil, cosúil le mianadóireacht agus dramhaíl a dhiúscairt.

Is bunachar sonraí náisiúnta nó réigiúnach comhshaoil é an Clár ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (CSAT). Tugtar liosta ann de na substaintí agus na truailleáin cheimiceacha go léir a d’fhéadfadh bheith guaiseach a scaoiltear isteach san aer, san ithir agus san uisce, agus a aistrítear lena gcóireáil nó lena ndiúscairt.

Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) CSAT na hÉireann a bhainistiú in Éirinn. Tá eolas ann faoi astaíochtaí ó bhreis agus 300 saoráid thionsclaíoch ar fud an Stáit agus cuireann sé ar chumas ball den phobal eolas a aimsiú faoi na foinsí móra astaíochtaí ina gceantar áitiúil.

Leasú Orgánach Géinmhodhnaithe (GMO) ar an gCoinbhinsiún

Mar gheall ar an Leasú GMO ar an gCoinbhinsiún, caithfidh rannpháirtíocht an phobail a bheith ann i gcinntí faoi orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOanna) a scaoileadh d’aon ghnó. Tá na riachtanais seo níos sonraí ná na riachtanais ghinearálta a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail a bhaineann le saincheisteanna eile atá cumhdaithe ag Coinbhinsiún Aarhus.

Ciallaíonn ‘a scaoileadh d’aon ghnó’ táirgí géinmhodhnaithe (GM) a chur ar an margadh, nó barra GM a shaothrú. Ní áirítear leis GMOanna a úsáid i suíomhanna rialaithe, ar nós saotharlann.

Chuir Treoir 2001/18/CE ar Scaoileadh GMOanna d’Aon Ghnó an Leasú GMO i bhfeidhm san AE. Rinneadh dlí den treoir seo in Éirinn trí na Rialacháin um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (Scaoileadh Toiliúil), 2003 (I.R. 500 de 2003).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Márta 2019