Áiteanna cónaithe níos glaise

Cad é áit chónaithe ghlas?

Áit chónaithe é áit chónaithe ghlas a dheartar go mbeidh sé neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tógadh nó mionathraíodh é go n-úsáidfidh sé níos lú fuinnimh, uisce agus acmhainní nádúrtha.

Tá áiteanna cónaithe glasa déanta d’ábhair nach ndéanann díobháil don chomhshaol nuair a dhéantar iad nó a úsáidtear nó a dhéantar iad a dhiúscairt. Áirítear leis seo ábhair athchúrsáilte nó a úsáideadh roimhe seo. Is minic go n-úsáideann áiteanna cónaithe glasa foinsí fuinnimh in-athnuaite cosúil le grianchumhacht agus bíonn go leor insliú iontu. B’fhéidir go bhfuil teirmeastait agus amadóirí chun teocht a rialáil, córais teaschaidéil chun an teach agus uisce a théamh, agus soilsiú agus fearais atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh iontu freisin.

Tá áiteanna cónaithe níos glaise mar chuid de phlean na hÉireann athrú aeráide a chomhrac agus ár ngealltanais idirnáisiúnta agus AE a shásamh chun truailliú aeir a laghdú. Leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide conas a dhéanfaidh Éire é seo. Áirítear leis spriocanna faoinár dtithe a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ar nós Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) 500,000 áit chónaithe reatha a fheabhsú chun go mbaineann rátáil B2 amach faoin mbliain 2030. Tá sprioc ann freisin le 400,000 teaschaidéal a shuiteáil san amfhráma céanna.

Tá gealltanas ann i dTithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030, chun breis agus 36,000 áit chónaithe údaráis áitiúil a uasghrádú go dtí BER B2 nó a chomhionann faoin mbliain 2030. Leagtar amach ann, chomh maith, plean le caighdeán íosta BER a fhorbairt do thithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach.

Cad iad na tairbhí a bhaineann leháit chónaithe níos glaise a bheith ann?

Is iomaí cúis atá ann le do theach a dhéanamh níos glaise. Is saoire áiteanna cónaithe níos glaise a reáchtáil, is compordaí cónaí iontu agus tá siad níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Bíonn BER níos fearr acu freisin, go ginearálta.

Déanann sé airgead a choigilt duit

Mar gheall go n-úsáideann áiteanna cónaithe níos lú fuinnimh agus leictreachais, is saoire iad na billí fóntais. Measann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (an SEAI) go bhféadfá thart ar €1,200 sa bhliain a choigilt ar bhillí téimh má dhéanann tú áit chónaithe 3 sheomra leapa leathscoite ó rátáil D2 go dtí rátáil B2 (pdf).

D’fhéadfadh costais tógála ar áit chónaithe ghlas a thógáil a bheith níos saoire mar gheall go n-úsáidtear ábhair thógála athchúrsáilte nó in-athnuaite iontu.

Cuireann go leor iasachtóirí morgáiste in Éirinn anois ráta úis níos ísle ar fáil do dhaoine a bhfuil áit chónaithe níos tosaí ar fhuinneamh á ceannach nó á tógáil acu. Tugtar ‘morgáiste glas’ air seo. Chun cáiliú do mhorgáiste glas, b’fhéidir go gcuirfidh roinnt iasachtóirí ina luí ort áit chónaithe a cheannach a bhfuil BER íosta bainte amach aige, cosúil le B3 nó níos airde.

Déanann sé d’áit chónaithe níos compordaí

Bíonn gnéithe in áiteanna cónaithe níos glaise a dhéanann áiteanna níos compordaí le cónaí iontu díobh. Déantar teochtaí a rialú, mar shampla, chun nach mbíonn siad róthe sa samhradh ná rófhuar sa gheimhreadh. Deartar fuinneoga agus doirse in áiteanna cónaithe glasa le haerú nádúrtha a cheadú a thugann aer úr isteach san áit chónaithe agus timpeall na háite cónaithe. Tá fuinneoga níos mó iontu freisin a uasmhéadaíonn solas gréine agus a dhéanann limistéir suí a ghealadh.

Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) d’áit cónaithe a fheabhsú

Déanann deimhniú BER feidhmíocht fuinnimh d’áite cónaithe a rátáil ar scála ó A go G. Is iad na háiteanna cónaithe a bhfuil rátáil A acu iad siúd is tíosaí ar fhuinneamh. Caithfidh na háiteanna cónaithe go léir atá ar cíos nó ar díol, deimhniú BER a bheith acu. Is féidir leat seiceáil má tá BER ag d’áit chónaithe cheana féin ar an gClár Náisiúnta BER. Mura bhfuil, ba cheart duit measúnóir BER a úsáid ón gClár Náisiúnta Measúnóirí BER.

Is gnách go mbíonn BER níos fearr ag áiteanna cónaithe níos glaise. Déanann seo níos compordaí iad, níos saoire le reáchtáil agus níos éasca lena ligean ar cíos nó lena ndíol.

Cabhraíonn sé leat an comhshaol a chosaint

Trí chónaí in áit chónaithe ghlas, tá do lorg coise carbóin á laghdú agat agus tá an comhshaol á chosaint agat. Cuireann áit chónaithe ghlas teorainn ar an méid fuinneamh neamh-in-athnuaite a úsáideann tú, laghdaíonn sé truailliú aeir agus uisce, laghdaíonn sé acmhainní nádúrtha a úsáid agus gineann sé níos lú dramhaíola.

Is féidir eolas breise a fháil faoi dhramhaíl a laghdú agus conas is féidir leis an comhshaol a chosaint.

Conas is féidir liom áit chónaitheníos glaise a dhéanamh de m’áit chónaithe?

Is iomaí bealach chun d’áit chónaithe a dhéanamh níos glaise agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Áirítear leo seo gach rud idir do theach a insliú agus córais fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil ann, cosúil le grianchumhacht, chun teas, uisce te nó leictreachas a sholáthar.

Tá do theach a insliú ar cheann de na bealaí is éifeachtaí le hé a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh. Is féidir leat do theach a insliú trí ábhair inslithe a shuiteáil i d’áiléar agus i do bhallaí le stop a chur le teas éalú. Is féidir leat na ballaí a insliú ar an the taobh istigh nó ar an taobh amuigh de d’áit chónaithe. Nó, mar rogha air sin, is féidir insliú a chur isteach i do chuasbhallaí. Trí bhallaí seachtracha d’áite cónaithe a insliú, d’fhéadfá caillteanas teasa a laghdú faoi 20-30%. Léigh An Treoir maidir le Ballaí a Insliú d’Úinéirí Tí (pdf) a d’fhoilsigh an SEAI.

Bealach eile le háit chónaithe níos glaise a dhéanamh de d’áit chónaithe é seanchoire a athsholáthar. Is gnách nach bhfuil coirí atá breis agus 15 bliana d’aois chomh tíosach céanna ar fhuinneamh a bhíonn cinn nua, agus d’fhéadfadh costas breise a mhéid le 25% a bheith le híoc agat lena n-úsáid. D’fhéadfá smaoineamh faoi rogha in-athnuaite, cosúil le teaschaidéal, a chur in ionad do choire. Bailíonn teaschaidéil teas ón aer nó ón talamh lasmuigh agus úsáideann siad é le d’áit chónaithe a théamh.

D’fhéadfá smaoineamh freisin faoi grianphainéil a chur le d’áit chónaithe le leictreachas a ghiniúint ar bhealach inbhuanaithe. Cruthaíonn grianphainéil, ar minic gur cuid de chóras fótavoltach gréine nó córas ‘FV’ iad, leictreachas nuair a nochtar do sholas iad agus is gnách go mbíonn siad feistithe ar dhíon áit chónaithe. Is éard is córas FV gréine ann ná grianphainéil, inbhéartóir leis an sruth a ghintear a thiontú agus cadhnra, i gcás córais níos mó, le fuinneamh a stóráil go n-úsáidfear níos déanaí é. Is féidir le córas FV gréine idir €200 agus €300 sa bhliain, ar an meán, a choigilt duit maidir le do bhille leictreachais tí.

Cuireann an SEAI deontais ar fáil chun áiléar a insliú, do theaschaidéil agus do chórais FV ghréine.

Seo roinnt leideanna níos bunúsaí faoi conas áit chónaithe níos glaise a dhéanamh de d’áit chónaithe:

Teocht - má teirmeastat agat, tiontaigh an teocht anuas go dtí 20 ° i do limistéir suí. Idir 15 ° agus 18 ° é an teocht is fearr i seomraí leapa agus i hallaí. Múch radaitheoirí i seomraí nach n-úsáideann tú. D’fhéadfá laghdú 10% ar do bhillí téimh a bhaint amach tríd an teocht i do theach a laghdú díreach 1 °.

Coimeád teocht do chuisneora idir 2 agus 3° le bia a choimeád sábháilte agus seachain do thorthaí agus do ghlasraí a reo (agus a loiteadh). Ba cheart go mbeadh do reoiteoir socraithe ag -15 ° agus ba cheart é a dhíreo gach 6 mhí.

Amadóirí agus rialuithe - Úsáid amadóirí agus rialuithe leis an téamh a chur ar siúl nuair a theastaíonn sé uait. Cuir do théamh ar siúl 30 nóiméad sula dteastaíonn sé uait agus múch 30 nóiméad é roimh an tráth sin nach dteastaíonn sé uait a thuilleadh. Mura bhfuil amadóirí téimh agat leis an tráth a chuirtear do theas ar siúl a rialú, nó más mian leat rialuithe uasghrádaithe a fháil, b’fhéidir go mbeidh tú in ann deontas €700 a fháil dó seo.

Múch rudaí - Múch an teas, fearais agus gléasanna nuair nach dteastaíonn siad uait nó nuair a bhíonn an teach á fhágáil agat. D’fhéadfadh gurbh fhusa earraí iolracha a dhíphlugáil trí úsáid a bhaint as clár plocóidí istoíche.

Soilse - Nuair a fhágann tú seomra, múch an solas. Cuir bolgáin solais atá tíosach ar fhuinneamh in ionad gnáthbholgáin solais. Roghnaigh an bolgán is ísle vatacht a theastaíonn trí mhéid an spáis agus a mhéid solas nádúrtha a bhíonn sa spás a chur san áireamh.

Úsáid braiteoirí agus amadóirí ar shoilse lasmuigh leis na huaireanta oibrithe a laghdú.

Fearais - Úsáid fearais atá chomh héifeachtúil agus is féidir. Mar shampla, cuir do mhiasniteoir agus do mheaisín níocháin ar siúl ar theocht uisce níos ísle le coigilt a bhaint amach ar chostais fuinnimh. Triomaigh d’éadaí ar líne níocháin nó ar chroch éadaí ar laethanta tirime agus teolaí, seachas sa triomadóir rothlaim.

Ná fág an cuisneoir ar oscailt ar feadh rófhada. Glacann sé 45 nóiméad ar an gcuisneoir fuarú anuas arís go dtí a bhunteocht do gach 15-20 soicind a fhágtar ar oscailt é.

Séideáin - Seiceáil an bhfuil séideáin d’aer fuar ag teacht isteach trí fhuinneoga, poill eochrach agus doirse agus líon an bhearna. Má tá tinteán neamhúsáidte agat, úsáid balún simléir chun an t-aer a choimeád amach. Dún doirse chun an teas a choimeád istigh agus an fhuacht a choimeád amach.

Uisce te - Ná húsáid amadóir tumthéitheora ach chun uisce a théamh nuair a theastaíonn sé uait. Socraigh do theirmeastat uisce the idir 60 agus 65°C, lena chinntiú nach ndéanann tú d’uisce a róthéamh. Coimeád an t-uisce te teolaí le hinsliú nó le seaicéad fálaithe a bheith ar an tumthéitheoir.

Ná fág sconna uisce the ar siúl agus cuimhnigh nach n-úsáideann cithfholcthaí ach 20% den fhuinneamh a úsáideann folcadh.

Cócaireacht - Lena sheachaint teas a chailleadh, úsáid an pota nó an panna ceart ó thaobh méide de don sorn agus clúdaigh le clár iad. Ná beirigh citeal iomlán chun cupán tae amháin a dhéanamh. Nuair is féidir, úsáid oigheann micreathonnach agus tóstaeir seachas cócaireáin agus gríoscáin. Déanfaidh cócaireacht a dhéanamh i mbaisceanna am agus fuinneamh a choigilt duit.

Monatóirí fuinnimh - Cuirfidh na gléasanna seo ar an eolas thú cé mhéid fuinnimh atá á úsáid agat agus cá bhfuil an fuinneamh sin á úsáid agat. Is féidir leat an t-eolas a úsáid ansin le coigiltí fuinnimh a dhéanamh.

Áiteanna cónaithe cliste – Is féidir leat d’áit chónaithe a dhéanamh níos glaise trí áit chónaithe chliste a dhéanamh de. In áit chónaithe chliste, rialaíonn tú gléasanna, fiú nuair nach bhfuil tú ann. Is féidir leat úsáid a bhaint as an aip ar do ghuthán leis an teocht a rialú, soilse a lasadh nó a mhúchadh, nó uisce a théamh nuair a theastaíonn sé uait. In áit chónaithe chliste, déanfaidh tú d’áit chónaithe níos tíosaí ar fhuinneamh agus íocfaidh tú táille níos lú ar bhillí fóntais.

Is féidir leat níos mó leideanna coigilte fuinneamh a fháil ar láithreán gréasáin an SEAI.

Cén deontais nó uasghráduithe fuinnimh tí is féidir liom a fháil?

Cuireann an SEAI deontais éagsúla ar fáil chun cabhrú le híoc as an gcostas a bhíonn ar d’áit chónaithe a dhéanamh níos glaise. Braitheann an deontas a gcuireann tú isteach air ar do chás airgeadais agus ar an saghas oibre a theastaíonn uait go ndéantar.

An Scéim Tithe Fuinnimh Níos Fearr

Faoin Scéim Tithe Fuinnimh Níos Fearr, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i d’áit chónaithe. Cuirtear na deontais ar fáil do na rudaí seo a leanas:

  • An t-áiléar a insliú
  • Ballaí a insliú - cuasbhalla, tirimlíneáil ballaí inmheánacha agus insliú seachtrach
  • Uasghrádú rialuithe téimh
  • Réitigh theirmeacha ghréine
  • Córais teaschaidéil
  • Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) i ndiaidh gur tugadh faoin obair choigilte fuinnimh (caithfidh tú an BER seo a fháil chun cáiliú don deontas)

Más mian leat do theach a thabhairt suas go dtí rátáil BER de B2 nó níos airde b’fhéidir go mbeifeá in ann deontais bhreise a fháil freisin.

Chun cáiliú do na deontais inslithe agus córais rialaithe téimh, caithfidh tú a bheith i d’úinéir ar áit chónaithe a tógadh roimh 2006. Chun cáiliú do dheontais do theaschaidéal agus theirmeacha ghréine, caithfidh tú a bheith i d’úinéir ar áit chónaithe a tógadh roimh 2011. Is féidir leat a fháil amach cé mhéid is féidir leat a fháil do gach deontas anseo.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar na deontais agus an obair a bhainistiú tú féin, nó is féidir leat cuideachta atá cláraithe leis an SEAI a fháil chun an tionscadal ar fad a bhainistiú duit.

Cuireann an SEAI eolas mionsonraithe ar fáil ar an scéim seo.

An Scéim Fuinneamh Níos Fearr, Tithe Níos Teo

Má tá saghsanna áirithe íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil agat, b’fhéidir go gcáileoidh tú don Scéim Fuinneamh Níos Fearr, Tithe Níos Teo. Is iad na híocaíochtaí cáilitheacha don scéim seo:

  • Liúntas Breosla mar chuid den Scéim Breosla Náisiúnta
  • Íocaíocht Teaghlaigh Oibre
  • Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith á fháil agat ar feadh breis agus 6 mhí agus má bhíonn leanbh agat atá níos óige ná 7 mbliana d’aois
  • Liúntas Cúram Baile
  • Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
  • Liúntas Cúramóra agus má chónaíonn tú leis an duine a dtugann tú cúram dóibh

Cuireann an scéim cistiú ar fáil d’uasghráduithe a dhéanfaidh áit chónaithe níos teo agus níos tíosaí ar fhuinneamh de d’áit chónaithe, cosúil le:

  • An t-áiléar a insliú
  • D’áit chónaithe a dhéanamh díonmhar ar shéideáin
  • Seaicéid fálaithe
  • Bolgáin solais ísealfhuinnimh
  • Cuasbhallaí a insliú
  • Comhairle faoi fhuinneamh

Le hiarratas a dhéanamh, caithfidh tú foirm iarratais (pdf) a líonadh. Tabharfaidh measúnóir a cheap an SEAI cuairt ar d’áit chónaithe, deimhneoidh siad go bhfuil tú incháilithe agus déanfaidh siad measúnú ar an obair is gá a dhéanamh. Má tá tú incháilithe, ceapfaidh an SEAI suiteálaí ansin chun tabhairt faoin obair. Ní ghearrtar aon táille ar an úinéir tí ar aon obair a dhéantar faoin scéim seo.

Tuilleadh eolais

Chun teacht ar eolas breise ar d’áit chónaithe a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, féach láithreán gréasáin an SEAI.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Samhain 2021