Athrú aeráide

Réamhrá

Tá comhaontú idirnáisiúnta ann i measc eolaithe agus rialtais go bhfuil athrú ag teacht ar aeráid an Domhain. Cé gur athraigh an aeráid dhomhanda go leor uaireanta mar thoradh ar phróisis agus tosca nádúrtha, tá astuithe gáis cheaptha teasa méadaithe go mór ag gníomhaíochtaí an duine le dhá chéad bliain anuas, agus tá comhdhéanamh an atmaisféir á athrú acu agus d’eascair téamh domhanda as seo. Eascraíonn aimsir níos déine agus níos éagobhsaí as seo – stoirmeacha, tuilte agus triomaigh – mar aon le creimeadh cósta, agus aimsir níos teo i roinnt codanna den domhan. Taispeánann taifid mheitéareolaíocha go bhfuil aeráid na hÉireann ag athrú ar aon dul le patrúin dhomhanda.

Glacann Éire páirt in iarrachtaí idirnáisiúnta chun athrú aeráide a chomhrac (féach ‘Dul i ngleic le hathrú aeráide’ thíos).

Cúiseanna athrú aeráide

I measc na dtosca nádúrtha óna n-eascraíonn athrú aeráide, tá brúchtadh bolcánach, athruithe ar dhéine na gréine agus athruithe malla ar fhithis an Domhain. Cuireann an duine le hathrú aeráide trí ghníomhaíochtaí a scaoileann gáis cheaptha teasa. Gáis ghaistithe teasa iad seo a bhailíonn san atmaisféar agus a chuireann cosc ar theas ó éalú isteach sa spás, agus éiríonn dromchla agus atmaisféar níos ísle an Domhain níos teo dá bharr. Cuireadh seo i gcomparáid le tionchar gaistithe teasa gáis cheaptha teasa agus tugtar an iarmhairt cheaptha teasa air.

Is é dé-ocsaíd charbóin (CO2) an príomhghás ceaptha teasa a scaoiltear mar gheall ar ghníomhaíochtaí an duine. Gintear é trí bhreoslaí iontaise a dhó, ar nós peitril, díosail, ola, guail, móna agus gáis. Astaíonn an earnáil talmhaíochta ocsaíd nítriúil (N2O) agus meatán (CH4). I measc na ngás ceaptha teasa eile, tá na gáis fhluairínithe: hidreafhluaracharbóin (HFC), sárfhluaracharbóin (PFC), heicseafluairíd sulfair (SF6) agus trífhluairíd (NF3).

Cuireann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) figiúirí le chéile ar astuithe gáis cheaptha teasa na hÉireann i dtaobh gach earnála: an talmhaíocht; tionsclaíocht agus tráchtáil; iompar; fuinneamh; cónaithe agus dramhaíl. D’fhoilsigh siad treoir shimplí (pdf) maidir le hastuithe gáis ceaptha teasa na hÉireann agus chuir siad léiriú amhairc ar an méid gáis a astaítear isteach san atmaisféar.

Tionchar an athraithe aeráide

Thug an GCC faoi deara gur imir athrú aeráide roinnt tionchar suntasach ar Éirinn. Ina measc tá:

  • Stoirmeacha agus báisteach níos déine
  • Tuile níos minice agus níos déine abhann agus cósta
  • Tionchar ar cháilíocht an uisce
  • Athruithe ar leithdháileadh speicis phlandaí agus ainmnithe
  • Arduithe ar leibhéal na farraige
  • Méaduithe ar aigéadú uisce na farraige agus athruithe ar theocht na farraige, a imríonn tionchar ar roinnt iascach
  • Ganntanais uisce i rith an tsamhraidh

Dul i ngleic le hathrú aeráide

Rinneadh roinnt comhaontuithe idirnáisiúnta ag féachaint do dhul i ngleic le hathrú aeráide trí astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú go mór. Tá páirt ag Éirinn sna hiarrachtaí idirnáisiúnta seo chun dul i ngleic le hathrú aeráide. Tá Éire tar éis síniú le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus le Prótacal Kyoto dá gcuid.

Cheangail Creat Fuinneamh Aeráide 2030, lenar comhaontaíodh i nDeireadh Fómhair 2014, ar an AE chun laghdú 40% a bhaint amach in astuithe gáis cheaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990.

D’fhreastail Éire ar chomhdháil Lima i Nollaig 2014, as ar eascair Gairm Lima ar ghníomhaíocht aeráide (‘Lima call for climate action’). D'eascraigh comhaontú ‘Páras 2015’ ar athrú aeráide as seo, a ghlacadh leis ag comhdháil COP21 i mí na Nollag 2015 agus a thiocfaidh i bhfeidhm in 2020. Áirítear leis oiriúnú d’athrú aeráide mar aon leis na beartas reatha mhaolaithe ina bhfuil sé mar sprioc chun astuithe gáis cheaptha teasa a chiorrú agus a cheansú. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh sa phreaseisiúint seo.

I measc na mbeart a glacadh cheana féin tá rannpháirtíocht i Scéim Trádála Astuithe agus rialáil gáis fhluairínithe cheaptha teasa an AE.

Reachtaíocht i leith athrú aeráide

Forálann an tAcht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin do shocruithe nua atá dírithe ar aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, aeráid-dhíonach agus geilleagar atá inmharthana i dtaobh an chomhshaoil faoi 2050. Cuireann an tAcht leis an gCreat Náisiúnta um Oiriúnú d’Athrú Aeráide reatha.

Áirítear leis na socruithe seo plean náisiúnta maolaithe, a shonróidh na bearta beartais a theastaíonn chun astuithe gáis cheaptha teasa a bhainistiú chun spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach. Áirítear leo, chomh maith, creat um oiriúnú d’athrú aeráide, ag féachaint do leochaileacht an Stáit a laghdú i leith tionchar diúltach an athraithe aeráide agus teacht i dtír ar aon tionchar dearfach. Tá an dá phlean seo – an plean maolaithe agus an creat – le foilsiú laistigh d’amfhrámaí sonraithe i ndiaidh go ritear an reachtaíocht. Táthar le hathbhreithniú a dhéanamh orthu gach 5 bliana, ar a laghad.

Comhairle Chomhairleach Shaineolaithe ardleibhéil curtha ar bun faoin Acht chun moltaí agus comhairle a thabhairt i dtaca leis na pleananna náisiúnta seo a réiteach agus le comhlíonadh dhualgais ábhartha idirnáisiúnta an Stáit. Foilseoidh sí athbhreithniú bliantúil, bunaithe ar an bhfardal náisiúnta d’astuithe gáis cheaptha teasa, agus déanfaidh sí moltaí maidir le conas a bhainfear amach na cuspóirí agus na dualgais a bhaineann leis an aeráid. Anuas air sin, tabharfaidh sí faoi athbhreithnithe tréimhsiúla lena chinntiú go mbíonn an beartas aeráide cothrom le dáta i gcónaí agus go leantar le dul chun cinn a dhéanamh ar an dá phlean náisiúnta a chur i bhfeidhm.

D'fhoilsigh an Chomhairle an chéad tuairisc i Samhain 2016.

Chomh maith leis sin, beidh ar na hAirí ábhartha bearta maolaithe earnála a réiteach a bheidh le cur san áireamh sa phlean náisiúnta maolaithe, ina sonraítear na bearta a bheartaíonn siad chun astuithe a laghdú ina n-earnálacha. Beidh orthu pleananna oiriúnaithe earnála a chur i dtoll a chéile, chomh maith, maidir le conas is féidir lena n-earnálacha oiriúnú d’athrú aeráide, i gcomhthéacs an chreata náisiúnta oiriúnaithe.

Beidh ar an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, mar aon leis na hAirí a réitigh rannpháirtíocht earnála, tuairisciú bliantúil a dhéanamh do Dháil Éireann ar an dul chun cinn a rinneadh san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, aeráid-dhíonach agus geilleagar atá inmharthana i dtaobh an chomhshaoil de, aon bhearta a chur i gcuntas a theastaíonn chun feabhas a chur ar dhul chun cinn, agus cúiseanna a lua mura bhfuil siad ag leanúint mholtaí na Comhairle Comhairlí Saineolaithe. Ina theannta sin uile, beidh ar an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil tuairisciú a dhéanamh ar chomhlíonadh aon dualgais ábhartha reatha a bhaineann leis an aeráid de chuid an Stáit faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nó aon chomhaontú idirnáisiúnta.

Beidh ar chomhlachtaí poiblí breithniú a dhéanamh ar na cuspóirí a leagtar amach sna pleananna náisiúnta agus sna pleananna ábhartha oiriúnaithe earnála. Beidh orthu na cuspóirí seo a chomhcheangal ina bpleanáil straitéiseach agus ina ndéanamh cinntí laethúla agus beidh orthu na bearta cuí a ghlacadh maidir le maolú agus oiriúnú ina limistéir freagrachta.

Breis faisnéise

Foilsíonn an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil faisnéis chuimsitheach ar athrú aeráide, agus tá naisc ann le foinsí áisiúla eile faisnéise.

Foilsíonn an GCC réimse fairsing faisnéise ar eolaíocht aeráide agus ar athrú aeráide, lena n-áirítear ceisteanna coitianta mionsonraithe. Tá baint acu i dtaighde leanúnach sa limistéar seo.

Foilsíonn an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide (IPCC) tuarascálacha mionsonraithe measúnaithe ar athrú aeráide agus ar na cúiseanna a bhíonn leis.

Bailíonn Met Éireann, an tseirbhís náisiúnta mheitéareolaíochta, faisnéis go rialta ar imeachtaí aeráide agus d’fhoilsigh siad Ireland's climate: the road ahead (pdf).

D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (NESC) roinnt páipéar ar shaincheisteanna athraithe aeráide.

Tá faisnéis ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar thalmhaíocht agus athrú aeráide.

Féadfaidh tú breis faisnéise a léamh ar láithreán gréasáin Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meitheamh 2019