Láithreáin tréigthe

Réamhrá

Faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990, tá údaráis áitiúla freagrach as déileáil le láithreáin thréigthe ina limistéar. Is féidir leo iallach a chur ar úinéirí a láithreáin a ghlanadh suas.

Faoin Acht, is féidir le húdaráis áitiúla:

  • Ionchúiseamh a dhéanamh ar úinéirí nach gcomhlíonann na fógraí a sheirbheáiltear
  • Ceannach éigeantach a dhéanamh ar thalamh
  • An obair riachtanach a dhéanamh iad féin agus na costais a ghearradh ar na húinéirí

Ní mór do gach údarás áitiúil:

  • Clár na láithreán tréigthe a choinneáil
  • An clár a chur ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal - Is féidir leis an údarás áitiúil iontráil a bhaint den Chlár nuair a bhíonn sé sásta go bhfuil oibreacha feabhsúcháin déanta ar an láithreán tréigthe.

Tá cumhachtaí comhchosúla ag údaráis áitiúla maidir le struchtúir chontúirteacha.

Tá eolas ar fáil freisin maidir le Láithreáin fholmha.

Cad is láithreán tréigthe ann?

San Acht um Láithreáin Thréigthe, sainmhínítear láithreán tréigthe “mar aon talamh a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist:

  • mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó
  • mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó
  • mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist

Clár na Láithreán Tréigthe

Ní mór do gach údarás áitiúil clár a choinneáil de gach láithreán tréigthe ina limistéar, ina luaitear:

  • Suíomh gach láithreán tréigthe
  • Ainm agus seoladh an úinéara
  • Sonraí maidir le gníomh ar bith a rinne an t-údarás áitiúil
  • Luach margaidh reatha gach láithreán arna mheas ag an údarás áitiúil nó ag duine údaraithe. (Iontrálann an t-údarás áitiúil sonraí na luachála ar an gclár agus seirbheálann sé fógra ar úinéir an láithreáin – féach ‘Fógraí Reachtúla’ thíos).

Má tá an réadmhaoin faoi úinéireacht údaráis áitiúla nó áitithe ag údarás áitiúil, ní mór a iontráil ar an gclár sonraí faoina bhfuil á dhéanamh leis an láithreán faoi láthair agus faoina bhfuil beartaithe ag an údarás áitiúil a dhéanamh leis amach anseo.

Más tusa an t-úinéir, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála in aghaidh na luachála. Chun achomharc a dhéanamh, líon isteach Achomharc ar Láithreán Tréigthe ar líne laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil, agus is gá táille a íoc.

Tobhach ar Láithreáin Thréigthe

Más úinéir tú ar talamh uirbeach atá ar Chlár na Láithreán Tréigthe, ní mór duit tobhach bliantúil a íoc leis an údarás áitiúil – féach ‘Rátaí’ thíos. Féadfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil limistéar ar bith a rangú mar limistéar uirbeach, a fhad agus nach cuid de chontae nó de bhuirg eile é.

Mura n-íocann tú an tobhach ar láithreáin thréigthe laistigh de 2 mhí ón bhfógra a fháil, agus mura bhfuil comhaontú déanta agat leis an údarás áitiúil, gearrfar ús ar an méid iomlán ag ráta 1.25% sa mhí nó sa chuid de mhí. Is féidir leis an údarás áitiúil tú a thabhairt chun na cúirte chun an méid seo a aisghabháil, más gá.

Má bhaintear an láithreán de Chlár na Láithreán Tréigthe, ríomhfaidh an t-údarás áitiúil méid an tobhaigh atá fós le híoc agat, bunaithe ar líon na laethanta atá fágtha sa bhliain airgeadais. Eiseofar aisíocaíocht nó fógra íocaíochta gan íoc chugat ansin.

Ciallaíonn aon athrú ar luacháil na talún go dtiocfaidh athrú ar an tobhach a bhaineann leis an talamh sin freisin. Má laghdaítear an luach, déanfaidh an t-údarás áitiúil an méid a athríomh de réir na luachála nua agus aisíocfar barrachas ar bith atá íoctha agat, más gá. Má mhéadaítear luach na réadmhaoine, tá an t-údarás áitiúil i dteideal an tobhach a éileamh ar mhéid an mhéadaithe.

Má tá an t-údarás áitiúil sásta go bhfuil sé ar intinn agat an réadmhaoin a fhorbairt, agus go bhfuil cead pleanála tugtha don fhorbairt seo, is féidir dul faoi bhanna seachas an tobhach ar láithreáin thréigthe a íoc. Is ráthaíocht é an banna seo atá daingnithe le banc nó cuideachta árachais, a dhearbhaíonn go n-íocfar gach tobhach ar láithreáin thréigthe atá dlite ar an réadmhaoin mura gcuirtear an scéim atá beartaithe (nó scéim chomhchosúil) i gcrích laistigh de 5 bliana.

Fógraí reachtúla

Más úinéir nó áititheoir ar láithreán tréigthe tú, gach seans go bhfaighidh tú roinnt fógraí reachtúla ó d’údarás áitiúil.

  • Cuirfidh an chéad fhógra in iúl duit go bhfuil do réadmhaoin curtha le Clár na Láithreán Tréigthe.
  • Gheobhaidh tú fógra eile ansin maidir leis an obair atá á hordú ag an údarás áitiúil chun do láithreán a ghlanadh suas.

I gcásanna áirithe, féadfaidh údarás áitiúil féachaint chun ceannach éigeantach a dhéanamh ar láithreán tréigthe.

Tá sé de cheart agat freagra a thabhairt ar aon fhógra a sheolann an t-údarás áitiúil chugat agus agóid a dhéanamh i gcoinne ceannach éigeantach a dhéanamh ar láithreán.

Ceannach éigeantach

Is féidir leis an údarás áitiúil láithreán tréigthe a cheannach ina limistéar féin, trí chomhaontú a dhéanamh leis an úinéir nó trí cheannach éigeantach. Ní mór don údarás áitiúil na sonraí a bhaineann le ceannach éigeantach ar bith atá beartaithe a fhógairt sa nuachtán áitiúil agus fógra a sheoladh chuig úinéir nó áititheoir na talún sin, ag tabhairt eolais faoi conas agus cén áit ar féidir le daoine cur i gcoinne an cheannaigh. Má dhéantar agóid, ní féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach gan toiliú a fháil ón mBord Pleanála.

Má cheadaíonn an Bord Pleanála an ceannach éigeantach agus má tá an t-údarás áitiúil tar éis déileáil le hagóid ar bith a fuarthas, is féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach, trí leas a bhaint as ordú dílseacháin.

Cúiteamh

Má tá ceart nó leas agat i dtalamh arna fáil ag údarás áitiúil trí cheannach éigeantach, is féidir iarratas a dhéanamh ar chúiteamh (laistigh de 12 mhí ó dháta an dílsithe). Íocfaidh an t-údarás áitiúil méid áirithe cúitimh leat atá comhionann le luach (más ann) na talún. Déanfar an luach seo a chaibidil faoin Acht chun Talamh do Thógáil (Cúiteamh a Mheasúnú), 1919. Má tá airgead ar bith dlite don údarás áitiúil ar an réadmhaoin (i bhfoirm thobhaigh ar láithreáin thréigthe nó ordú cúirte le haghaidh íocaíochta), is féidir leis an údarás áitiúil é seo a dhealú ón gcúiteamh. Má tá an méid atá dlite ar an réadmhaoin níos mó ná an cúiteamh comhaontaithe, ní íocfar cúiteamh ar bith.

Cionta

Faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990, is cion é:

  • Fógra maidir le láithreán tréigthe arna phostáil ag an údarás áitiúil a thógáil, a lot nó damáiste a dhéanamh dó.
  • Gan na bearta a theastaíonn ón údarás áitiúil ionas nach gá an réadmhaoin a rangú mar láithreán tréigthe a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama leithroinnte.
  • Gan fógra a thabhairt don údarás áitiúil i gcás talamh, nó leas i dtalamh, a aistriú (seachas le huacht nó ar dhíthiomnacht) ó dhuine amháin go duine eile Ní mór an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas i scríbhinn laistigh de 4 seachtaine ó dháta an aistrithe.
  • Gan fógra a thabhairt don údarás áitiúil i gcás talamh, nó leas i dtalamh, a aistriú le huacht nó ar dhíthiomnacht. Ní mór don úinéir nua an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas i scríbhinn laistigh de 6 mhí agus ní mór d’ionadaí an duine an duine ar faoina uacht nó ar i gcás a dhíthiomnachta a tharla an t-aistriú fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil laistigh de 2 mhí.
  • Cosc a chur ar dhuine údaraithe dul isteach sa láithreán tréigthe nó gnó údaraithe a dhéanamh air.

Féadfaidh an t-údarás áitiúil duine ar bith a dhéanann cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

Rátaí

Tobhach ar Láithreáin Thréigthe

Is ionann an tobhach ar láithreáin thréigthe agus 7% de luach margaidh na talún lena mbaineann. Féadfaidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta céatadán níos airde a fhorordú, ach ní féidir an méid sin a bheith níos mó ná 10% den luach margaidh.

Fíneálacha

Tá fíneálacha iníoctha leis an údarás áitiúil as neamhchomhlíonadh fógraí reachtúla faoi láithreáin thréigthe, agus mura ndéantar an obair arna hordú ag an údarás áitiúil. Socraíodh rátaí na fíneála san Acht um Láithreáin Thréigthe 1990 agus méadaíodh iad de réir an Achta Fíneálacha, 2010. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo faoin mbealach a ríomhtar rátaí na bhfíneálacha.

Ar chiontú go hachomair i gcás gach ciona: fíneáil nach mó ná €2,500, chomh maith le fíneáil nach mó ná €500 do gach lá a leanann an cion agus nach mó ná €2,500 san iomlán. (Ní áirítear san fhigiúr seo an bhunfhíneáil €2,500 as an gcion a dhéanamh sa chéad áit.) D’fhéadfaí pianbhreith suas le 6 mhí a ghearradh ort freisin. Má chinneann an chúirt, d’fhéadfaí fíneáil agus príosúnacht araon a chur ort.

Ar chiontú nó díotáil toisc nach ndearnadh laistigh de thréimhse ama leithroinnte na bearta a theastaíonn ón údarás áitiúil ionas nach gá an réadmhaoin a rangú mar láithreán tréigthe: fíneáil nach mó ná €55,562.50, chomh maith le fíneáil nach mó ná €4,445 in aghaidh gach lae a leantar den chion, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain. Má chinneann an chúirt, d’fhéadfaí fíneáil agus príosúnacht araon a chur ort.

Costas na hoibre

Is féidir leis an údarás áitiúil an costas a bhaineann le hobair riachtanach ar shuíomh tréigthe a aisghabháil ón úinéir.

Conas iarratas a dhéanamh

Más maith leat ceist a chur nó gearán a dhéanamh maidir le láithreáin thréigthe, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Má tá tú i d’úinéir ar láithreán tréigthe agus más mian leat achomharc a dhéanamh ar an luacháil a rinneadh air thar ceann údarás áitiúil, déan teagmháil leis an mBinse Luachála laistigh de 28 lá ón bhfógra luachála a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Lúnasa 2023